Lá na nIoraí Rua

Dé Máirt, an 21ú Eanáir 2025


Is maith linn uilig na hioraí. Bíonn siad ag léim ó chraobh go craobh sna crainn agus má bhíonn an t-ádh ort, feicfidh tú ceann ag preabadach thart. Tá dhá chineál ioraí againn in Éirinn, an t-iora rua agus agus an t-iora glas. Ach an raibh a fhios agat go bhfuil cogadh ar siúl idir an dá chineál ioraí?

Tá an t-iora glas níos mó ná an t-iora rua

Tá an t-iora rua ina chónaí in Éirinn leis na mílte bliain. Itheann sé rudaí a bhíonn thart air sa choill, síolta, caora agus fungas. Corruair, sciobann sé ubh ó nead nó itheann sé feithidí má bhíonn siad ar fáil. Ar feadh na mílte bliain, bhí áit faoi leith aige sa choill agus d’éirigh go maith leis. Ach thart ar an bhliain 1911, tugadh isteach an t-iora glas ó Mheiriceá. Tugtar ‘ionróir’ ar ainmhí a thagann isteach chuig áit nach bhfuil dúchasach don áit sin.

Racún

Ar an drochuair, tá an t-iora glas níos mó ná an t-iora rua agus spréigh sé amach ar fud na tíre. Itheann sé cuid mhaith den bhia chéanna is a itheann an t-iora rua ach déanann sé damáiste do chuid de na crainn chomh maith nó itheann sé an choirt ar chuid acu. I Meiriceá, itheann ainmhithe eile an t-iora glas agus coinníonn sin srian ar an líon ioraí glasa atá ann. Ach níl ainmhithe cosúil le racúin, cait fhiáine ná nathracha ar fáil in Éirinn agus bhí an t-iora glas ábalta spré amach.

Is maith le hioraí caora

Cé go bhfuil an t-iora rua faoi bhrú, tá áiteanna in Éirinn a bhfuil sé ar fáil go fóill, Glinnte Aontroma, mar shampla. I bPáirc Fiadhúlra Fhóite i gCorcaigh, níl ann ach ioraí rua agus déanann na hoibrithe a ndícheall an t-iora glas a choinneáil amach. Agus tá lá speisialta againn anois le haird a dhíriú ar an iora rua agus le cuidiú leis, an 21ú Eanáir gach bliain.

Páirc Fiadhúlra Fhóite


Le déanamh:

Foghlaim tuilleadh faoi ionróirí san alt seo.


An bhfaca tú iora agus tú amuigh i gcoill riamh? An iora glas nó iora rua a bhí ann? Mar rang, thiocfadh libh suirbhé a dhéanamh den am deireanach a chonaic sibh iora. An iora rua nó iora glas a bhí ann? Thiocfadh barra-chairt a dhéanamh lena léiriú cé acu is mó a chonaic sibh.


meas