Foraois Bháistí na hAmasóine

Dé Céadaoin, an 4ú Nollaig 2024


Le Alvina Sousa Ua Bruadair

Tá foraois bháistí na hAmasóine glas sa ghrianghraf seo.

I gcroílár ár bpláinéid, tá an baile is mó ar fad! Ach nílimid ag caint faoi theach ná fiú bloc árasán. Is áit iontach nádúrtha atá i gceist, baile a chothaíonn bithéagsúlacht, a rialaíonn patrúin aeráide agus a chuireann acmhainní luachmhara ar fáil dúinne, an cine daonna. Táimid ag caint ar fhoraois bháistí na hAmasóine, an fhoraois bháistí is mó ar an phláinéad. 

Abhainn na hAmasóine

Tá foraois bháistí na hAmasóine chomh mór sin go gclúdaíonn sí cuid mhaith den Bhrasaíl agus téann sé isteach sa Cholóim, Peiriú agus tíortha eile i Meiriceá Theas. Téann na mílte abhainn tríthi ach is í an Amasóin féin, an abhainn mhór is mó uisce ar domhan, a thugann a hainm di.

 

Ach tá an fhoraois bháistí faoi ionsaí. Tá gá le gníomhaíocht áitiúil agus dhomhanda lena cosaint. Seans gurb é cailliúint na bithéagsúlachta an chontúirt is mó a bhaineann leis an fhoraois. Síleann eolaithe go bhfuil thart ar 80% de speicis talún an domhain ina gcónaí sna foraoisí báistí. Tá an oiread sin speiceas ann go bhfuil go leor acu nár aithin eolaithe go fóill. Tá baol mór ann go rachaidh cuid acu in éag cionn is go bhfuil an ghnáthóg á scriosadh.

 

Na bundúchasaigh

Na daoine atá ina gcónaí ann leis na mílte bliain, tugtar ‘bundúchasaigh’ orthu. Den chuid is mó, bíonn siad ina gcónaí i dtreibheanna agus bíonn siad ag seilg sa dufair. Ar an drochuair, tá 95% den phobal bhundúchasach imithe in éag ó tháinig daoine ón Eoraip sna blianta 1500. 

Ní dhéanann na bundúchasaigh dochar don fhoraois bháistí


Cad é mar is féidir liom cuidiú?

Cé nach bhfuilimid inár gcónaí ann, tá roinnt rudaí is féidir linn a dhéanamh mar dhaoine aonair agus mar phobal.

 

Meas ar na Bundúchasaigh

Neamhspleáchas na bpobal bundúchasach a aithint agus meas a léiriú orthu.

Tacú le tionscnaimh a chuidíonn le pobail bhundúchasacha a dtailte féin a bhainistiú agus a chosaint. 


Cleachtais Inbhuanaitheachta a chur chun cinn

Tugtar ‘Inbhunaitheacht’ ar dhóigheanna le húsáid a bhaint as na hacmhainní nádúrtha atá ar an domhan seo sa dóigh go mairfidh na hacmhainní sin ar feadh tamall fada. I gcás fhoraois bháistí na hAmasóine, ciallaíonn sé go mbeadh na daoine ag feirmeoireacht ach gan na crainn uilig a ghearradh anuas. Tugtar ‘agrafhoraoiseacht’ ar an chineál sin feirmeoireachta.

Is féidir linn tacú le tionscnaimh a chuireann agrafhoraoiseacht agus feirmeoireacht phobail agus teaghlaigh chun cinn.

Agrafhoraoiseacht: barra ag fás i measc na gcrann


Deireadh a chur le Lománaíocht agus Mianadóireacht atá neamhdhleathach

Iarracht a dhéanamh chun dlíthe níos déine a chur i bhfeidhm in éadan lománaíocht neamhdhleathach agus mianadóireacht neamhdhleathach. Is cúis le ‘dífhoraoisiú’ iad an dá rud seo. Cuir an dlí ar chorparáidí agus rialtais atá freagrach as scrios agus truailliú na timpeallachta.

Cailltear a lán crann sa lománaíocht


Bí cúramach cad é a cheannaíonn tú!

aireach ar na táirgí a itheann tú agus ar a dtionchar ar an timpeallacht. Ná ceannaigh earraí atá nasctha le dífhoraoisiú, cosúil le táirgí ina bhfuil ola phailme, soighe, nó adhmad neamh-inbhuanaithe.

Ola phailme


Feasacht a Ardú

Cuidigh le feasacht a ardú faoin tábhacht a bhaineann le caomhnú foraoisí báistí agus cearta na mbundúchasach trí oideachas, abhcóideacht agus scéalaíocht. Is caomhnóirí na foraoise báistí iad.

 

Tacaigh le heagraíochtaí caomhnaithe

Bailigh airgead d'eagraíochtaí caomhnaithe aitheanta atá ag obair chun foraois bháistí na hAmasóine a chosaint. Is minic a thacaíonn na heagraíochtaí seo le cearta na mbundúchasach chomh maith.

 

Tá pobail bhundúchasacha ina gcónaí sna tailte seo agus ar na haibhneacha seo le fada an lá. Tá siad á cosaint ar feadh na nglúnta ach is minic a dhéantar imeallú orthu. Bíonn comhlachtaí ag iarraidh brabús a bhaint as an talamh. Trí bheith ag obair le chéile ar na bealaí atá luaite thuas, thig linn cuidiú leis na foraoisí báistí a chosaint agus na héiceachórais luachmhara seo a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.


Le déanamh:

Léigh an t-alt seo faoi inbhuanaitheacht.



meas