Is focal mór é “inbhuanaitheacht”. B’fhéidir nár chuala tú roimhe é? An chiall atá leis ná go mbeadh an cine daonna ag baint úsáid as na hacmhainní nádúrtha atá ar an domhan seo sa dóigh is go mairfidh na hacmhainní sin ar feadh tamall fada. Faoi láthair, tá daoine imníoch go bhfuil barraíocht acmhainní nádúrtha, cosúil leis na foraoisí báistí agus na críocha fuara sna Poil Thuaidh agus Theas, ag imeacht faoi lánluas.
Bhí rialtais an domhain bailithe le chéile ar na mallaibh ag an chomhdháil mhór COP 29. Phléigh siad an téamh domhanda agus an léirscrios atá á dhéanamh ar na hacmhainní nádúrtha ar fud na cruinne faoi láthair. An fhadhb is mó atá ann ná go bhfuil argóint idir na tíortha saibhre agus na tíortha bochta faoin dóigh leis an téamh domhanda a mhaolú agus na costais a bhainfeadh leis sin.
Anois, thiocfadh linn bheith ag gearán an lá ar fad faoi na comhlachtaí móra agus na rialtais shaibhre agus na rudaí atá á ndéanamh acu, nó, nach bhfuil á ndéanamh acu. Ach, is furasta bheith ag tabhairt amach faoi na lochtanna atá ag daoine eile, gan a bheith ag amharc níos cóngaraí orainn féin. Mar sin, inniu, cuirim an cheist ort - an gcuideoidh tusa lenár bpláinéad a shábháil?
Fadhb mhór atá ag an domhan sa lá atá inniu ann ná go bhfuil muid ag baint úsáid as barraíocht fuinnimh. Tá an chuid is mó den fhuinneamh sin cruthaithe ag monarchana agus stáisiúin núicléacha ar fud an domhain. (Léigh níos mó faoin chumhacht núicléach anseo.) A fhad is a leanann muidne ar aghaidh ag baint úsáid as cuid mhór rudaí leictreonacha, mar shampla, leanfaidh na comhlachtaí móra de bheith ag cruthú na cumhachta sin dúinn.
An fhírinne lom, tá an cine daonna ag úsáid, ag dó agus ag scriosadh acmhainní an domhain níos gasta ná mar is féidir iad a athnuachan. Ní féidir linn fanacht ar na daoine mór le rá leis na cinntí cearta a ghlacadh agus an scéal seo a athrú. Caithfidh an t-athrú tosú linne, na gnáthdhaoine.
Mar sin de, cén dóigh ar féidir linn difear a dhéanamh do thodhchaí an domhain? I ndáiríre, tá go leor bealaí ann dúinn le fuinneamh a chaomhnú nó gan mórán fuinnimh a úsáid gach lá. Mar shampla:
🔌 Múch na soilse nuair nach bhfuil duine ar bith sa seomra, nó nuair a bhíonn sé geal taobh amuigh.
🔌 Caith geansaí taobh istigh sa gheimhreadh, in ionad an teas a chur suas go hard sa teach.
🔌 Múch teilifíseáin, ríomhairí, srl. nuair nach bhfuil siad in úsáid. (Bíonn cumhacht go fóill in úsáid ag gléasanna atá fágtha ar obair, fiú agus iad sa mhód fuireachais).
🔌 Siúl ar scoil nó glac do rothar, más féidir. Spreag do thuismitheoirí gan an carr a úsáid do thuras beag chuig na siopaí, má bhíonn siad cóngarach don teach.
🔌 Bain úsáid as níos lú uisce sa teach - sruthlaigh an leithreas níos lú; bí níos gasta sa chithfholcadán; ná fág an sconna ar obair agus tú ag scuabadh na bhfiacla.
🔌 Druid doirse! Coinnigh an teas istigh sa seomra, nó coinnigh an fuacht sa chuisneoir / reoiteoir. Má fhágann tú na doirse ar oscailt ar feadh tamaill, éalaíonn an teas nó an fuacht agus beidh ort níos mó cumhachta a úsáid le teas nó fuacht a chruthú arís.
🔌 Athchúrsáil nuair is féidir leat. Ná ceannaigh rudaí úra i gcónaí agus ná caith amach gach rud atá sean - smaoinigh ar dhóigheanna ar féidir rudaí a athúsáid.
🔌 Ná bain úsáid as gléasanna leictreonacha i gcónaí. Thig leat leabhar a léamh nó cluiche boird a imirt, in ionad súgradh ar an ríomhaire / táibléad, in amanna.
Ná déan dearmad, tá todhchaí an domhain ag brath ar na rudaí a dhéanann muidne inniu. Is féidir linn uilig difear a dhéanamh!
Le plé nó le déanamh
Cad é do bharúil ar “inbhuanaitheacht” an domhain? An síleann tú go bhfuil muid uilig freagrach as?
Úsáideann na tíortha saibhre i bhfad níos mó fuinnimh ná na tíortha bochta. An síleann tú go mbeidh na tíortha saibhre sásta níos lú fuinnimh a úsáid amach anseo? Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí atá ann do na tíortha saibhre, má mhaolaíonn siad an méid fuinnimh a úsáideann siad?
Tarraing póstaer le cuid de na moltaí thuas a léiriú maidir le húsáid fuinnimh a mhaolú.
Dá mbeadh an deis agat labhairt leis na daoine mór le rá faoin inbhuanaitheacht agus an téamh domhanda, cad é a déarfá leo? Cum óráid, leat féin nó le cairde, agus abair amach os comhair do ranga í. Thiocfadh leat / libh póstaer a dhearadh, nó cur i láthair digiteach, le dul leis an óráid.