Scéal dorcha

Dé Céadaoin, an 16ú Deireadh Fómhair 2024


Is breá linn uilig seacláid, nach breá? Bíonn barraí seacláide ann, agus milseáin, ar ndóigh, agus bíonn sí le fáil i rudaí deasa mar bhrioscaí. Ach cad é a déarfá dá mbeadh deireadh leis an tseacláid?


Is ón chrann cócó a thagann na pónairí cócó a úsáidtear le seacláid a dhéanamh. Fásann 70% de na crainn chócó in dhá thír san Afraic, Gána agus an Cósta Eabhair. Ar an drochuair, mar gheall ar athrú aeráide agus an téamh domhanda, tá baol ann nach mbeidh na plandaí ábalta maireachtáil mórán níos faide. Síleann eolaithe go dtarlóidh sin faoin bhliain 2050 mura ndéantar rud éigin leis an téamh domhanda a stopadh. Agus tá an baol sin le feiceáil ar phraghas an chócó le cúpla bliain anuas.

An fhaighneog ina mbíonn na pónairí cócó

Tá an praghas ag ardú go mór le dhá bhliain anuas agus ciallaíonn sé sin go mbeidh praghas na seacláide níos daoire chomh maith. Má cheannaíonn tú barra seacláide inniu, beidh sé i bhfad níos daoire ná mar a bhí trí nó ceithre bliana ó shin. Chomh maith leis sin, bíonn cleas ag na comhlachtaí a dhéanann barraí seacláide – in ionad an praghas a ardú, déanann siad na barraí giota beag níos lú sa dóigh go mbíonn níos lú seacláide iontu.

Pónairí cócó

I mbliana, bhí tonn teasa san Afraic Thiar, an áit a bhfuil Gána agus an Cósta Eabhair. Is cosúil gur dhóigh an tonn teasa cuid mhaith de na crainn chócó agus ní raibh an oiread cócó ar fáil agus a raibh na feirmeoirí ag dúil leis. Deir na heolaithe go dtarlóidh tonnta teasa níos minice san Afraic Thiar, de réir mar a éiríonn an téamh domhanda níos measa.

Lobh na crainn chócó

Tá fadhb eile leis an athrú aeráide atá ag teacht in éineacht leis an téamh domhanda. I mí na Nollag 2023, bhí an dá oiread fearthainne sa cheantar ná mar is gnách. Níor chuidigh sé sin leis na crainn chócó agus tháinig galar ar chuid acu agus lobh siad. Má éiríonn an praghas ró-ard, tiocfaidh an lá nuair nach mbeidh daoine sásta, nó ábalta, mórán seacláide a cheannach nó beidh sí ró-dhaor. Mar sin, más maith linn seacláid, ba chóir dúinn an oiread agus is féidir linn a dhéanamh leis an téamh domhanda a stopadh!

Le déanamh:

Ag úsáid atlais, faigh amach cén áit a bhfuil Gána agus an Cósta Eabhair.


Bíonn na feirmeoirí i nGána agus sa Chósta Eabhair ag brath ar na crainn chócó. Díolann siad an cócó le bia a cheannach dá dteaghlach. Lig ort gur feirmeoir cócó thú i nGána. Scríobh síos cuntas ar na rudaí a tharla duit san fhearthainn mhór i mí na Nollag 2023 agus sa tonn teasa ina dhiaidh. Cad é mar a mhothaigh tú?

Feirmeoir cócó


Luaigh muid san alt gur minic a dhéanann comhlachtaí bia earraí nua níos lú, in ionad an praghas a athrú. Seo sampla de sin:

    1. Ba ghnách le Quality Street bosca stáin de sheacláidí a dhíol ina raibh meáchan de 813g. Anois díolann siad bosca plaisteach de sheacláidí ina bhfuil meáchan de 650g. Cá mhéad gram níos lú atá sa bhosca plaisteach?

    2. Cad é an céatadán, den seanbhosca stáin atá bainte ar shiúl leis an bhosca nua a dhéanamh?


Pictiúir:

Gána: CW Studios Global / Shutterstock.com


meas