Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar athraigh tú airgead sa bhanc riamh? B’fhéidir go raibh dollair agat ó chuairt go dtí na Stáit Aontaithe agus go raibh tú ag iarraidh iad a chaitheamh anseo. Tugtar ‘airgeadra’ ar an chineál airgid atá in úsáid i dtír, dollair sna Stáit Aontaithe, mar shampla, an punt steirling sa Bhreatain nó an rúbal sa Rúis.
In Éirinn, tá dhá airgeadra in úsáid, an euro ó dheas agus an punt steirling ó thuaidh. Má théann tú thar an teorainn, bíonn ort an t-airgeadra a athrú le go mbeidh tú in ann rudaí a cheannach. De ghnáth, ní féidir leat punt steirling a úsáid ó dheas ná an euro a úsáid ó thuaidh. Ar ndóigh, bíonn a lán trioblóide leis seo agus cailleann tú giota beag den luach gach uair a athraíonn tú é.
Sutha talún ar díol in euro
Is airgeadra iontach speisialta é an euro nó tá sé in úsáid i 20 tír ar fud na hEorpa. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat an t-airgeadra céanna a úsáid, mar shampla, sa Fhrainc, sa Ghearmáin nó fiú sa tSlóvaic. Ní gá duit dul chuig an bhanc leis an airgead a athrú. Rinneadh an euro sa dóigh gur féidir leis na daoine sna tíortha a úsáideann é cuairt a thabhairt ar a chéile agus gnó a dhéanamh gan stró.
Ba ar an 1ú Eanáir 2002 a tháinig an euro isteach in Éirinn agus bhí thart ar mhí amháin ag daoine fáil réidh leis an sean-airgeadra, an punt. Ar ndóigh, bíonn daoine falsa agus déanann siad dearmad faoin airgead a bhí acu i mbosca áit éigin san áiléar nó áit eile. Mar gheall air sin, glacann Banc Ceannais na hÉireann leis na sean-nótaí seo agus tugann siad €1.27 do gach punt. Agus dúirt an banc gur athraigh siad luach €1.5 milliún le trí bliana anuas! Sin a lán boscaí thuas san áiléar.
An sean-phunt
Le plé:
An rud maith é go bhfuil an euro in úsáid ina lán tíortha ar fud na hEorpa? Luaigh muid roinnt buntáistí san alt. An bhfuil buntáistí eile ann, dar leat, nó fiú míbhuntáistí?
Le déanamh:
Faigheann tú €1.27 as gach punt a thugann tú don bhanc. Cá mhéad euro a gheofá as na méideanna seo a leanas:
10 bpunt
15 phunt
22 punt
Tá go leor tíortha luaite san alt seo - an féidir leat iad uilig a aimsiú ar léarscáil an domhain?
An bhfaca tú an sean-phunt riamh, nó na boinn a bhí in úsáid. Tabhair isteach iad agus taispeáin iad don rang. Bhí pictiúr álainn d’ainmhí ar gach ceann do na boinn. Léigh an t-alt seo le tuilleadh eolais a fháil.