A mhúinteoir, tá siadsan ag cóipeáil!

An 15ú Deireadh Fómhair, 2023


Na boinn úra a bheas ag teacht amach sa Ríocht Aontaithe


Beidh boinn úra airgid ag teacht amach sa Ríocht Aontaithe. Tá an Mionta Ríoga, i Sasana, i ndiaidh pictiúr de na boinn úra a thaispeáint don domhan agus, má tá eolas ar bith agat ar sheanbhoinn airgid na hÉireann, gach seans go mbuailfidh mothú déjà vu thú agus tú ag amharc orthu! Nó, go díreach mar a bhíodh againne, lá den saol, tá cuid mhór ainmhithe difriúla le feiceáil ar na boinn.

Seanbhoinn de chuid na hÉireann – bhí ainmhithe le feiceáil ar ár gcuid bonn uilig, sular tháinig an Euro isteach


Anois, ní raibh NuachtAnois ábalta a fháil amach, go cinnte, cé acu a chóipeáil nó nár chóipeáil siad boinn na hÉireann ach gach seans go bhfuair siad inspioráid éigin uathu!

An bhfeiceann tusa cosúlachtaí ar bith?



Tá nós i roinnt mhaith tíortha, ‘ceann’ duine a chur ar thaobh amháin den bhonn. I SAM, is ceann an uachtaráin a bhíonn le feiceáil. Úsáideann na Sasanaigh ceann an rí nó na banríona s’acu. Sin an fáth a ndeir muid ‘ceann nó eireaball


Rinneadh na boinn nua mar go bhfuil rí nua ag Sasana, an rí Séarlas. Tá nós ann i Sasana go mbíonn an bhanríon nó an rí s’acu le feiceáil ar a gcuid airgid agus tá cloigeann Shéarlais le feiceáil ar an taobh eile de na boinn. Ach is é an dearadh ar thaobh an ‘eireabaill’ de na boinn an rud is suimiúla fúthu nó tá sé soiléir go raibh cúpla smaoineamh difriúil ar intinn ag na dearthóirí agus iad ag obair ar an airgead nua.

Beidh na huimhreacha iontach feiceálach ar na boinn nua


Baineann an chéad rud leis an mhata. Deir an Mionta Ríoga go ndearna siad na huimhreacha ar na boinn níos mó ná mar is gnách. Rinne siad seo mar go raibh siad ag iarraidh cuidiú le páistí óga comhaireamh a dhéanamh. Bhí siad ag iarraidh é a dhéanamh níos fusa do pháistí óga airgead a úsáid.


An dara rud, agus an rud is tarraingtí ar fad faoi na boinn, is dócha, ná na hainmhithe áille atá le feiceáil orthu. Tá sé de chlú ar Shéarlas Windsor go bhfuil an-dúil aige sa dúlra agus go dtacaíonn sé le pleananna éagsúla leis an dúlra agus le hainmhithe atá i mbaol a chaomhnú. Sin ceann de na fáthanna ar roghnaíodh ainmhithe do na boinn.

An capall coille – bhí an t-éan seo againne in Éirinn lá den saol ach níl siad ar fáil anois ach i ngarbhchríocha na hAlban


Roghnaigh siad ainmhithe agus plandaí dúchasacha de chuid na Breataine. Tá cuid de na hainmhithe seo i mbaol fosta, mar sin, is bealach maith iad na boinn úra le haird daoine a dhíriú orthu.

Ba bhreá le cuid mhór daoine ainmhithe a fheiceáil arís ar airgead na hÉireann



Le plé agus le déanamh


🪙 An maith leat na boinn úra? Cén fáth?


🪙 Dá mbeadh ortsa boinn nua a dhearadh – cén sórt pictiúr a chuirfeá orthu?


🪙 Deir an Mionta Ríoga gur mhaith leo cuidiú le páistí airgead a úsáid agus cuntas a dhéanamh. An bhfuil smaointe ar bith agatsa a chuideodh le páistí óga scileanna comhairimh a fhoghlaim?


meas