Bugs Bunny

An 30ú Aibreán, 2024


Ar chuala tú iomrá ar Bugs Bunny riamh? Is dócha go bhfaca tú é ar an teilifís roimhe, mar is coinín thar a bheith clúiteach é. Ar an 30ú Aibreán, thiar i 1938, bhí Bugs Bunny le feiceáil ar an scáileán den chéad uair riamh. Ó shin i leith, bhí sé le feiceáil i níos mó ná 160 scannán agus clár cartúin.


Tá aithne ag an domhan mór agus a mháthair ar Mickey Mouse, carachtar a chruthaigh Walt Disney. Ach, le fírinne, bhí Bugs Bunny le feiceáil i níos mó scannán ná Mickey Mouse fiú! Tá Bugs Bunny ar an liosta de na 10 gcarachtar is mó a bhí le feiceáil riamh i scannáin. (Tá sé ag uimhir a naoi, tá Daidí na Nollag ag uimhir a haon. Níl Mickey Mouse ar an liosta de na deich gcarachtar is coitianta sna scannáin.)

(Is é Daidí na Nollag an carachtar is mó a bhí le feiceáil riamh i scannáin.)

(Níl Mickey Mouse ar an liosta de na 10 gcarachtar is mó  a bhíonn le feiceáil sna scannáin. Pic le Featureflash Photo Agency/Shutterstock.com)


Chruthaigh an comhlacht scannán, Warner Brothers, an carachtar Bugs Bunny. D’éirigh Bugs chomh clúiteach sin thar na blianta gur chuir Warner Brothers é ar an lógó s’acu ar feadh tamall fada fosta.


Is coinín thar a bheith neamhghnách é Bugs Bunny. Mar shampla, siúlann sé ar a dhá chois cúil, cosúil le duine, agus ní ar cheithre chos mar a dhéanfadh coinín de ghnáth. Rud eile atá as an ghnáth faoi ná go bhfuil sé ábalta labhairt, arís mar a bheadh duine ann. Is nós mór é sna cartúin tréithe an duine a thabhairt do charachtair atá ina n-ainmhithe.


Ar ndóigh, tá Bugs Bunny iontach cliste fosta. Is minic a bhíonn carachtair eile ag iarraidh é a cheapadh nó bob a bhualadh air, ach ní éiríonn leo. Bíonn Bugs i gcónaí róchliste dóibh!

(pictiúr san fhearann poiblí trí picryl.com)


Le plé nó le déanamh

An maith leat cartúin? Cad é is / nach maith leat fúthu?


An dtig leat carachtair chartúin ar bith eile a ainmniú? Cé hé nó ce hí an carachtar cartúin is fearr leat? Cad chuige ar fearr leat an carachtar sin?


An dtig leat smaoineamh ar ainmhithe eile atá ina gcarachtair chartúin ach go bhfuil tréithe an duine acu? Cad iad na tréithe sin?


Cad chuige a dtugtar tréithe an duine do na hainmhithe sna cartúin?


Is minic go raibh greann fisiceach sna cartúin ina raibh Bugs Bunny. Is é sin nuair a thiteann carachtar síos poll, nó nuair a bhuaileann rud éigin an carachtar, mar shampla. An maith leat an cineál seo grinn? Cad chuige a gcuireann radharc mar sin ag gáire thú, dar leat?


An maith leat carachtair chartúin a tharraingt? Cé hé an carachtar cartúin is fusa / is deacra a tharraingt dar leat?



meas