Lá Breithe Walt Disney

An 4ú Nollaig, 2023


Cé hé an carachtar cartúin is so-aitheanta ar domhan? Níl aon cheist faoin cheann seo nó aithníonn gach duine Mickey Mouse. Agus ceiliúrann daoine ar fud an domhain lá breithe an duine a chruthaigh é, Walt Disney, ar an lá seo.


Rugadh Walter Elias Disney in Chicago ar an 5ú Nollaig sa bhliain 1901. Bhí sé ar an cheathrú páiste de chúigear. Thosaigh sé ag obair mar mhaisitheoir i 1919, ag cumadh pictiúr agus cartún. Ach ní raibh gach rud furasta aige ag an tús. Bhí stiúideo dá chuid féin aige ach chlis air sa bhliain 1923. Ansin, chuaigh sé go Hollywood. Ag an tús, bhí sé ag obair do dhaoine eile. Chruthaigh sé carachtair ach ní raibh an cóipcheart aige agus níor shaothraigh sé mórán airgid astu.

Ach faoin am ar chruthaigh sé Mickey Mouse, bhí sé ag obair dó féin. Ina dhiaidh sin, tháinig carachtair iontacha eile – Minnie Mouse, Pluto, Goofey agus Donald Duck. Rinne Walt sceitseáil de Mickey Mouse agus é ar bhus. Ag an tús, thug sé Mortimer Mouse ar an charachtar ach dúirt a bhean chéile nach raibh ‘Mortimer’ ag teacht le pearsantacht na luchóige. Mhol sí Mickey dó. Chuidigh an maisitheoir Ub Iwerks le dearadh Mickey Mouse ach ba é Walt a rinne an guth ar feadh na mblianta.

D’éirigh go geal le stiúideo nua Walt Disney agus chruthaigh siad a lán scannáin fhada cosúil le Pinocchio, Snow White and the Seven Dwarves, Bambi agus Cinderella. Bhain Stiúideonna Disney cáil amach as scannáin fhada cartúin, cé go ndearna siad gnáthscannáin mar Darby O’Gill and the Little People, chomh maith.

Disneyland, Florida.

Sa bhliain 1955, chuir Disney tús lena chuid páirceanna siamsaíochta in Florida. Sa lá inniu, tá cúig Disneyland ann taobh amuigh de Florida – in California, Páras, Tóiceo, Hong Cong agus Shang-hai. Chomh maith leis sin, tá ardán sruthaithe ag Disney a bhfuil na milliúin síntiúsóir aige.


Le déanamh:

Faigh amach cén tír ina bhfuil gach Disneyland. An raibh tú féin ag cuid ar bith acu?


Bhí Mortimer Mouse ar Mickey Mouse ar dtús. Is dócha go raibh Mickey níos fearr nó bhí an t-ainm Mortimer cineál ardnósach. Déan iarracht carachtar nua a chumadh agus tabhair ainm dó nó di a léiríonn gné amháin den phearsantacht.


Amharc ar na carachtair Disney atá luaite san alt. Bain triail as ceann amháin acu (nó iad uilig, más maith leat) a tharraingt. Cé acu an carachtar is fusa le tarraingt, dar leat? Cad chuige a síleann tú sin?


Pictiúir:

Mickey Mouse (corcra): Coosh448 / Shutterstock.com

Mickey Mouse (daite): Mary_Art12 / Shutterstock.com

Carachtair Disney: alek7y / Shutterstock.com

Ardán Disney: AFM Visuals / Shutterstock.com

Walt Disney (sceitse): MM memo / Shutterstock.com

Disney World Florida: dorengo5 / Shutterstock.com

Pinocchio: NAZRUL NAIM BIN NAZMI / Shutterstock.com.


meas