Dóchas agus dúchas

An 1ú Márta, 2024


Inniu an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2024


Inniu an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge. Seo an fhéile bhliantúil (a mhaireann chóir a bheith trí seachtaine! 🤔) leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Tharla an chéad Seachtain na Gaeilge riamh níos mó ná 100 bliain ó shin, sa bhliain 1902. Is é an aidhm a bhí leis an fhéile riamh anall ná aird an phobail a dhíriú ar an teanga agus níos mó daoine a spreagadh lena foghlaim. 

Póstaer ón bhliain 1902 – bhí Conradh na Gaeilge ag iarraidh daoine a bheith bródúil as teanga, cultúr agus stair shaibhir a dtíre féin (amharc an seanlitriú ar an fhocal ‘Seachtain’ – Seachtmhain)


Sa lá atá inniu ann, 122 bliain níos moille – tá an sprioc cheannann chéanna ag Seachtain na Gaeilge is a bhí an chéad lá riamh. Ach shílfeá, ag amharc ar fhigiúirí an lae inniu ó thaobh na Gaeilge de, i gcomparáid le 1902, go mbeadh daoine lagchroíochéadóchasach faoin sprioc sin. 

meath mór tagtha ar Ghaeltachtaí na hÉireann ó bhí an chéad Seachtain na Gaeilge ann


In 1902, bhí 641,000 cainteoir dúchais Gaeilge in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, tá níos lú ná 100,000 cainteoir dúchais Gaeilge in Éirinn. Tá deacrachtaí móra sna Gaeltachtaí fosta maidir le poist agus tithe a bheith ann le go dtig le daoine óga fanacht sa Ghaeltacht agus a gclann féin a thógáil le Gaeilge. 

Daoine ag agóidíocht taobh amuigh den Dáil faoin fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht

Grianghraf le caoinchead Conor McCabe


dúshláin eile ann taobh amuigh de na Gaeltachtaí fosta. I ndeisceart na tíre, bíonn roinnt daoine ag gearán faoin Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil. Sa tuaisceart, tá daoine ann nach maith leo an Ghaeilge a fheiceáil scríofa síos, go fiú! Tá daoine ann, i ngach áit sa tír, nach síleann go bhfuil an teanga tábhachtach. 

An comhartha mar a bhí…agus ansin an comhartha céanna i ndiaidh do dhuine éigin an Ghaeilge a scriosadh – tá roinnt daoine sa tuaisceart nach maith leo an Ghaeilge!

Grianghraif le caoinchead Seán McPeake


Mar sin, tá a fhios ag Conradh na Gaeilge, an dream a eagraíonn Seachtain na Gaeilge, agus ag go leor Gaeilgeoirí eile, go bhfuil dúshlán mór romhainn lena chinntiú go mbeidh dúchas na Gaeilge go fóill beo i gceann 122 bliain eile. Ach, má shíleann tú go bhfuil lagmhisneach ar dhaoine faoin todhchaí, ní mar sin atá an scéal! Tá go leor rudaí ann a dtig le Gaeilgeoirí a bheith dóchasach dearfach faoi dtaobh díobh…

Tá go leor rudaí le bheith dóchasach fúthu agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge


Sa lá atá inniu ann, tá Seachtain na Gaeilge ar an fhéile Gaeilge is mó, ní hamháin in Éirinn, ach ar domhan! Bíonn níos mó ná 1,000,000 duine fud fad na cruinne páirteach in imeachtaí a bhaineann leis an fhéile! Maidir leis an teanga féin, tá go leor rudaí dearfacha ann a dtig linn bheith dóchasach fúthu:

💚 Tá cosaint dlí ag an Ghaeilge anois, thuaidh agus theas, rud nach raibh ag an teanga in 1902.

💚 Is teanga oifigiúil í an Ghaeilge san Aontas Eorpach anois.

💚 Tá daoine ag foghlaim Gaeilge fud fad an domhain. Tá níos mó ná 1,000,000 foghlaimeoir Gaeilge ag DuoLingo.

Póstaer de chuid Duolingo ó 2018 – tá cuid mhór daoine cláraithe leis an Ghaeilge ar Duolingo ach tá níos mó ná 1,000,000 duine a úsáideann na ceachtanna Gaeilge go rialta


💚 Tá na Gaelscoileanna ag dul ó neart go neart! Tá na céadta Gaelscoil ann anois, i ngach aon chontae in Éirinn.

💚 Thig linn scoth na Gaeilge a fheiceáil agus a chluinstin ar an raidió, ar an teilifís agus ar líne, am ar bith ar mian linn. Bíonn cláir iontacha ann ar TG4 agus ar Chúla 4!

Cuireann TG4 agus Cúla4 scoth na n-ábhar Gaeilge ar fáil ar líne, ar Youtube agus ar an teilifís


💚 Bíonn saineolaithe teicneolaíochta (agus Gaeilge) ag obair go dícheallach lena chinntiú go mbíonn an Ghaeilge i gcónaí chun cinn nuair a thagann teicneolaíocht nua amach. Tá foclóirí againn, tá litreoirí againn a chuidíonn linn leis an litriú agus muid ag scríobh – thig linn labhairt leis an intleacht shaorga as Gaeilge, go fiú!

Tá foclóirí ar líne, litreoir Gaeilge ag Word Online, liostaí logainmneacha agus go leor áiseanna teicneolaíochta eile ar fáil trí Ghaeilge!


Tá dúchas iontach saibhir ag baint leis an Ghaeilge, dúchas atá go fóill beo bríomhar agus is rud é sin ar cheart dúinn a bheith dóchasach faoi. Is ceiliúradh ar an Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge agus is rud iontach luachmhar í an teanga, rud ba cheart dúinn a cheiliúradh!

Agus, i dtaca le Seachtain na Gaeilge a bheith níos faide anois…mar a deir Cáit Rua ar na meáin shóisialta, b’fhéidir gur plean sneakyáilte atá ann…

Síleann Cáit go bhfuil plean rúnda ag Conradh na Gaeilge…cad é bhur mbarúil, an plean maith a bheadh ann?


Le plé nó le déanamh

🍀 An mbeidh an scoil s’agatsa ag eagrú imeachtaí speisialta ar bith le linn Sheachtain na Gaeilge nó an mbeidh tú páirteach in aon imeachtaí i do phobal féin?

🍀 Ar chuir sibh isteach ar cheann ar bith de na comórtais a luadh san alt seo?

🍀 An dtig leat smaoineamh ar imeachtaí a bheadh maith le páistí a spreagadh le linn Sheachtain na Gaeilge.

🍀 Samhlaigh tú féin a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge. An dtig leat smaoineamh ar rudaí a bheadh maith le daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge? Thiocfadh leat póstaer a dhearadh agus é a sheoladh isteach chugainn.

🍀 An bhfuil tusa dóchasach nó éadóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge? Mínigh do fhreagra?

🍀 An dtig leat smaoineamh ar rudaí a thiocfadh linn uilig, na gnáth-Ghaeilgeoirí, a dhéanamh i rith na bliana leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus le daoine a mhealladh i dtreo na teanga?


meas