Tá Seachtain na Gaeilge ag teannadh linn, a chairde! Táimid anois i mí Feabhra agus ní fada uainn an scléip ar fad a bhaineann le Seachtain na Gaeilge (a mhairfeas ón 1ú lá Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig)! Is í Seachtain na Gaeilge an Fhéile Ghaeilge is mó ar domhan! Seo anois an t-am le bheith ag ullmhú le cur isteach ar na comórtais iontacha a bheas ag tarlú mar chuid den Fhéile mhór spraíúil seo.
Beidh ceithre chomórtas náisiúnta ann do na daoine óga, agus beidh duaiseanna iontacha le baint ag daltaí aonaracha agus ag na scoileanna. Féach ar na sonraí thíos:-
RAIDIÓ
Grúpa atá i gceist sa chomórtas seo – moltar ar a laghad 4 dhuine an grúpa.
Fad an chláir raidió 30 nóiméad ar a mhéad.
Is féidir clárú agus iarratas a uaslódáil anseo.
BLAGÁIL
Comórtais aonair atá i gceist sa chomórtas seo.
Is aiste atá i gceist ach foilseofar ar líne í (glacfar le hiarratais lámhscríofa).
Is féidir í a bhunú ar aon ábhar, m.sh. alt iriseoireachta, gearrscéal, léirmheas, dírbheathaisnéis, srl.
Is féidir clárú agus iarratas a uaslódáil anseo.
FILÍOCHT
Comórtais aonair atá i gceist sa chomórtas seo.
Is féidir na píosaí filíochta a bhunú ar aon ábhar.
Is féidir clárú agus iarratas a uaslódáil anseo.
EALAÍN (Don Bhunscoil)
Comórtas aonair atá i gceist sa chomórtas seo.
Bíodh an píosa ealaíne bunaithe ar ‘Tionchar na Gaeilge ar mo shaol/bhaile féin’ nó Seanfhocail.
Mar shampla:
Is féidir clárú agus iarratas a uaslódáil anseo.
Mar sin, bí ag smaoineamh, ag pleanáil ag cruthú is ag cumadh. Cá bhfios nach mbainfidh tú, nó do scoil, duais i mbliana?
Le plé nó le déanamh
(Tá gach eolas le fáil ar www.snag.ie)
Clar Raidió
An bhfuil sibh cainteach mar rang? An mbíonn an múinteoir i gcónaí ag iarraidh oraibh bheith níos ciúine?! Gach seans go dtiocfadh libh teacht aníos le plean do chlár raidió. I ngrúpaí, bígí ag pleanáil ábhair chainte. Cé a bheidh mar láithreoirí? Cé hiad na daltaí a chuirfidh sibh faoi agallamh? Cad iad na hábhair chainte a bheidh agaibh? (Caitheamh aimsire? spórt? ceol? suimeanna?) An mbeadh dalta ar bith, nó grúpa daltaí, ábalta píosa ceoil a chanadh nó a sheinm? Seo seans daoibh na tallanna s’agaibh a léiriú!
Blagáil
An maith leat bheith ag scríobh? An dtig leat scéal suimiúil a chumadh? Nó, b’fhéidir gurbh fhearr leat píosa scríbhneoireachta neamhfhicsin a chumadh? Thiocfadh leat scríobh faoi ábhar ar bith - curim i gcas, do ghairdín sa bhaile, nó an cluiche ríomhaire is fearr leat. Is agatsa an rogha.
Filíocht
Arís eile, thig leat scríobh faoi ábhar ar bith, ach é a dhéanamh go fileata!
Ealaín
Tarraing pictiúr, nó bí ag péinteáil, a fhad is go mbíonn baint aige leis an Ghaeilge i do shaol nó i do bhaile féin. Nó, is féidir leat pictiúr a tharraingt a léiríonn seanfhocal Gaeilge. (Mar rang, bailigh liosta de na seanfhocail atá ar eolas agaibh agus déanaigí iad a léiriú i bhfoirm phictiúrtha.)