Loch nEathach gormghlas

An 22ú Meán Fómhair, 2023


Tá Loch nEathach ar an loch is mó in Éirinn, nó fiú sna hoileáin seo. Tá sé 30km ar fad agus 15km ar leithead. Is loch measartha tanaí é – ciallaíonn sin nach bhfuil sé iontach domhain. Ar an mheán, tá sé 9 méadar ar doimhne, cé go bhfuil áiteanna ann atá níos mó ná 30 méadar ar doimhne.

Tá Loch nEathach iontach tábhachtach do na daoine agus do na hainmhithe thart air. Faigheann na céadta míle duine a gcuid uisce ó Loch nEathach agus itheann daoine na héisc a thagann as. Chomh maith leis sin, is maith le daoine agus ainmhithe bheith ag snámh ann.

Tá an loch clúiteach mar gheall ar a chuid eascann agus itheann daoine fud fad an domhain iad.


Ach tá drochdhóigh ar an loch anois. Tá alga gormghlas ag fás ar bharr an uisce agus deir na heolaithe nár chóir snámh ann. Is planda uisce simplí é an t-alga agus fásann sé go gasta sna coinníollacha cearta. Tá aimsir ghalánta ann go fóill agus cuidíonn sin leis an alga fás. Ach ar a bharr sin, cuireann truailliú leis an fhadhb nó tugann sé bia don alga. Ar an drochuair, tá an t-alga i ndiaidh spré amach as an loch isteach sa Bhanna, abhainn a thagann amach ag an chósta thuaidh.

Cuireann alga gormghlas cuma shaoithiúil ar an uisce.


Deir daoine áitiúla go bhfuil an truailliú ag marú an locha. Cuireann sé isteach ar na héisc agus na héin agus d’éirigh cuid de na hiascairí as an iascaireacht. Moltar do dhaoine gan cuid de na héisc a fhaightear sa loch a ithe. Tá an fhadhb chomh holc sin go bhfuil drogall ar chriú an bháid tarrthála dul amach ar an loch.

Ar ndóigh, ní bheidh fonn ar dhaoine dul a shnámh san uisce gormghlas ach is féidir leis an uisce bheith iontach contúirteach d’ainmhithe. Mar sin, má tá madra agat agus tú amuigh ag siúl cois locha, coinnigh an madra ar iall agus ná lig dó léim isteach san uisce má bhíonn dath gormghlas air.

Coinnigh do mhadra ar iall.


Le déanamh:

An bhfuil loch in aice leatsa? Cén t-ainm atá air? Déan cur síos air. An bhfuil sé mór nó beag, fada nó gairid? Cén sórt ainmhithe atá ina gcónaí ar an loch* agus cois locha? Ar chuala tú scéal ar bith faoin loch?


Faigh amach faoi Loch Nis in Albain. Cad é an rud atá in ainm is a bheith ina chónaí ann? An bhfuil an scéal fíor, dar leat?


* Sa Ghaeilge, ciallaíonn ‘Tá éisc ar an loch’ go bhfuil éisc SA loch.

Léitheoireacht Bhreise

Faigh níos mó eolais ar Loch nEathach san alt seo.


meas