Loch nEathach

An 21ú Meán Fómhair, 2023


Thig leat Loch nEathach a fheiceáil ón spás, an loch is mó in Éirinn agus sa Bhreatain


Is é Loch nEathach an loch is mó in Éirinn. Tá sé níos mó ná loch ar bith sa Bhreatain fosta. Tá achar de 392 ciliméadar cearnach (151 míle cearnach) ag an loch. Tá an loch thart ar 20 míle ar fad agus 9 míle ar leithead. Ní loch iontach domhain é Loch nEathach. Ar an mheán, tá an loch 9m ar doimhne, cé, san áit is doimhne, go bhfuil sé níos mó ná 30 méadar ar doimhne.

Tá an loch iontach tábhachtach do dhaoine agus d’ainmhithe


Faigheann a lán daoine a gcuid uisce óil as Loch nEathach


Tá an loch thar a bheith tábhachtach do na sé chontae sa Tuaisceart nó faigheann na céadta míle duine a gcuid uisce óil ó Loch nEathach. Is ceantar iontach speisialta é fosta d’ainmhithe agus do phlandaí.

Ní thig linn a rá go bhfuil Loch nEathach suite in aon chontae amháin nó tá teorainn cúig chontae i gCúige Uladh taobh istigh de Loch nEathach – Aontroim, Ard Mhacha, Doire, an Dún agus Tír Eoghain.

Teorainneacha na gcontaetha i lár Loch nEathach


Ritheann cuid mhór aibhneacha isteach i Loch nEathach ach ní ritheann ach Abhainn na Banna amach as.

Is í Abhainn na Banna an t-aon abhainn amháin a ritheann amach as Loch nEathach chuig an fharraige


Is féidir Abhainn na Banna a fheiceáil ag déanamh a bealaí ón loch, ag an bhun, amach chun na farraige móire


Cé go bhfuil an loch ollmhór, creid é nó ná creid, is le duine amháin é. Is le Sasanach darb ainm ‘an Tiarna Shaftesbury’ an loch agus caithfidh daoine cead a fháil uaidh más mian leo rud ar bith a dhéanamh ar Loch nEathach.

Le bheith cruinn – is leis an tiarna Shaftesbury an talamh ar a bhfuil Loch nEathach. Is leis-sean bruacha an locha agus grinneall an locha ach ní leis an t-uisce féin.

Nick Ashley-Cooper – is leis-sean Loch nEathach

 

Nick Ashley-Cooper an t-ainm atá ar an Tiarna Shaftesbury atá ann anois. Cónaíonn sé i dteach ollmhór i Sasana.

Tugann Shaftesbury cead do chomhlachtaí móra na céadta tonna de ghaineamh a ghlacadh amach as an loch gach bliain. Deir lucht timpeallachta go ndéanann sé seo an-dochar don timpeallacht agus do na hainmhithe agus plandaí ar an loch. Faigheann Shaftesbury go leor airgid ó na comhlachtaí as an chead seo a thabhairt dóibh.

Ceann de na báid a ghlacann gaineamh aníos ó ghrinneall Loch nEathach

 

Tháinig iascairí Loch nEathach le chéile in 1970 agus cheannaigh siad cearta iascaireachta an locha. Mar sin de, ní chaithfidh siad airgead a íoc le Shaftesbury níos mó (ach amháin más mian leo bradán a cheapadh nó is le Shaftesbury go fóill na cearta iascaireachta bradáin).

Más mian leat lachain a scaoileadh ar Loch nEathach, caithfidh tú airgead a dhíol leis an Tiarna Shaftesbury.

Dúirt Shaftesbury go smaoineodh sé ar an loch a dhíol le rialtas an Tuaiscirt, má thugann siad go leor airgid dó.

 


Tá eascanna Loch nEathach clúiteach fud fad na hEorpa


Tá an iascaireacht iontach tábhachtach ar Loch nEathach. Tá a lán cineálacha difriúla éisc ar an loch ach an t-iasc is mó a mbíonn tóir ag na hiascairí air ná an eascann. Tá clú ag cáil ar eascanna Loch nEathach fud fad na hEorpa. Ar an drochuair, níl an iascaireacht chomh maith sin anois na laethanta seo ach tá go fóill go leor iascairí ar Loch nEathach a dhéanann a gcuid airgid tríd eascanna a cheapadh.

Iascairí ar Loch nEathach – úsáideann siad líne fhada ar a bhfuil cuid mhór duán leis na heascanna a cheapadh

Úsáideann siad eangacha le héisc eile a cheapadh – bric agus iasc speisialta darb ainm an pollán

Ar an drochuair, níl an oiread céanna eascann ann na laethanta seo

 



Tá áit thar a bheith tábhachtach ag Loch nEathach i stair agus i mbéaloideas na hÉireann. Deirtear gur tháinig ainm an locha ó dhuine darbh ainm Eachaidh. Ba dhia é Eachaidh i miotaseolaíocht na hÉireann.

Ba mhac é Eachaidh le Midhir, rí Chúige na Mumhan. Bhí máthair Eachaidh marbh agus phós Midhir bean nua, Éibhlinn. Bhí Éibhlinn i bhfad níos óige ná Midhir. Thit Eachaidh agus Éibhlinn i ngrá lena chéile agus bhí plean acu rith ar shiúl agus saol nua a bheith acu, ar shiúl ó Mhidhir.

Bhí Eachaidh i ngrá le hÉibhlinn

 

Fuair Midhir amach faoin phlean. Bhí sé ar buile. Mharaigh sé na capaill uilig a bhí ag Eachaidh le nach dtiocfadh leo rith ar shiúl. Ach ansin, tháinig Aonghas, dia an ghrá, agus thug sé capall nua d’Eachaidh. An t-aon rud, dúirt sé le hEachaidh gan stopadh go mbeadh sé ar shiúl amach as Éirinn nó go dtiocfadh drochádh air.

D’imigh Eachaidh agus Éibhlinn leo ar an chapall agus thaistil siad an bealach ar fad suas chuig Cúige Uladh. Shíl Eachaidh go raibh siad fada go leor ar shiúl ó Mhidhir agus shíl sé go raibh tuirse ar an chapall fosta. Stop sé!

Lig an capall a mhún ar an talamh agus, ós rud é gur capall draíochta é, tháinig sruth beag uisce amach as an talamh san áit sin, mar a bheadh tobar ann. Uisce glan gléigeal a bhí ann. Bhí Eachaidh ábalta cloch a chur ar an tobar a raibh an t-uisce ag teacht as agus gach uair a bhí sé ag iarraidh uisce glan, bhain sé an chloch ar shiúl.

Ba chapall draíochta é seo

 

Thóg sé teach san áit agus bhí sé féin agus Éibhlinn sona sásta…go ceann tamaill.

Oíche amháin, thóg Eachaidh an chloch le huisce a fháil as an tobar ach rinne sé dearmad í a chur ar ais arís. Níor stad an t-uisce de bheith ag teacht amach as an tobar agus bádh Eachaidh agus Éibhlinn agus scriosadh an teach! Fágadh loch mór millteach san áit a mbíodh an teach – Loch nEathach (an loch ar le hEachaidh é)!

Tá seanscéalta ann a deir go raibh baile thíos faoi Loch nEathach – an é seo na tithe a thóg Eachaidh?

 

Tá baint ag Fionn mac Chumhaill le scéal eile faoi Loch nEathach ach ní mhíníonn an scéal seo ainm an locha. Chrom Fionn síos agus tharraing sé píosa clábair amach as an talamh. Chaith sé an clábar isteach san fharraige agus rinneadh Oileán Mhanann. An poll as ar tháinig an clábar, nuair a líon sé le huisce, rinneadh Loch nEathach!

Nó arbh é Fionn mac Chumhaill a rinne Loch nEathach?


Cad é do bharúil, ar chruthaigh Fionn mac Chumhaill Oileán Mhanann?




Creidiúintí

meas