An takahē – ar ais ó na mairbh!

An 20ú Meán Fómhair, 2023


An takahē – éan dúchasach de chuid Aotearoa (an Nua-Shéalainn)


Bhí dea-scéal ann ag tús na míosa seo d’éan as an Nua-Shéalainn darb ainm an takahē. D’éirigh le heolaithe 18 takahē a ligean saor i dtearmann fiadhúlra Loch Wakapitu. Tá sé beartaithe acu 7 takahē eile a scaoileadh saor ar an mhí seo chugainn agus 10 gcinn eile ag tús 2024. Tá súil acu go mbeidh na héin seo ábalta óga a bheith acu agus go bhfásfaidh líon na dtakahē fiáin sa tír arís.

Tá súil ag na heolaithe go bhfásfaidh líon na takahē arís


Loch Wakapitu


Is dea-scéal é seo don éan dúchasach de chuid na Nua-Shéalainne nó sa bhliain 1898, d’fhógair eolaithe go raibh an takahē imithe in éag – nach raibh cuid ar bith acu fágtha sa Nua-Shéalainn.

Tá an Nua-Shéalainn suite sa leathsféar theas den Domhan

 

Is éan mór gan eitilt é an takahē atá thart ar an mhéid chéanna le gé. Fuair sé a ainm ón trup a dhéanann a chosa agus é ag rith – tagann takahē ón bhriathar Maoraise, takahi, rud a chiallaíonn ‘do chosa a ghreadadh’. Is iad na Maoraigh na daoine atá ina gcónaí sa Nua-Shéalainn leis na céadta bliain, i bhfad sular ghabh na Sasanaigh smacht ar an tír.

Maoraigh agus iad ag gabháil do shearmanas traidisiúnta dá gcuid

 

Rinne na Maoraigh seilg ar an takahē ach níor mharaigh siad barraíocht acu riamh. Taobh amuigh de na daoine, ní raibh creachadóirí móra ar bith eile sa Nua-Shéalainn. An t-aon mhamach talaimh eile a bhí istigh i lár tíre ná an sciathán leathair. Mar sin de, ní raibh ainmhithe eile ann leis an takahē a ithe.

 

Is grúpa d’ainmhithe iad na mamaigh. Is mamaigh muidne. Sular tháinig na hEorpaigh chuig an Nua-Shéalain, b’iad na sciatháin leathair an t-aon ghrúpa mamach sa tír. Ach ansin, thug na hEorpaigh mamaigh nua isteach leo.


Nuair a landáil na Sasanaigh, áfach, agus daoine eile ón Eoraip ag tús na mblianta 1800, d’athraigh siad an saol go mór do na daoine agus do na hainmhithe a bhí ag maireachtáil sa tír cheana, taobh lena chéile, ar feadh na mblianta.

Thug na hEorpaigh ainmhithe nua isteach sa Nua-Shéalainn – bhí an easóg ar cheann acu

Tá an easóg measartha beag ach tá sí ábalta ainmhithe i bhfad níos mó ná í a mharú


Scrios na hEorpaigh na coillte agus na seascainn inar chónaigh an takahē. Ní hamháin sin, thug siad mamaigh mhóra leo ón Eoraip, madaí, cait agus easóga. D’éalaigh cuid de na hainmhithe seo agus mharaigh siad cuid mhór de na hainmhithe dúchasacha. Rinne na heasóga, go háirithe, slad ar an takahē. Faoin bhliain 1900, shíl daoine nach raibh cuid ar bith acu fágtha.

Faoin bhliain 1898, shíl gach duine go raibh an takahē imithe in éag  


Sa bhliain 1948, áfach, tháinig daoine ar phobal beag takahē i gceantar iargúlta sna sléibhte. Bhí daoine ábalta cuid acu a cheapadh agus a choinneáil i zúnna. Ach ní raibh pobal láidir takahē ann riamh san fhiántas ó shin. Tá súil ag na heolaithe anois go dtiocfaidh méadú ar an takahē san fhiántas sa Nua-Shéalainn.


Le plé agus le déanamh

An dtig leat smaoineamh ar ainmhithe eile atá imithe in éag? Cé acu de na hainmhithe sin ar mhaith leat iad a thabhairt ar ais agus cad chuige?

An mbeadh sé cliste iad uilig a thabhairt ar ais? Cad chuige?

An bhfuil eolas ar bith agat ar ainmhithe dúchasacha de chuid na hÉireann a bhí ann fadó ach atá imithe in éag anois?

Cá mhéad cineál difriúil de mhamaigh a dtig leat smaoineamh orthu? Déan liosta díobh.


Creidiúintí

meas