Itheann roinnt mamach feoil, tugtar feoiliteoirí orthu seo.
Mamaigh
Tugaimid luibhiteoirí ar na mamaigh
nach n-itheann feoil.
Tugaimid uiliteoirí ar na mamaigh a itheann gach uile rud.
Tá scamhóga ag mamaigh agus análaíonn siad aer.
Beireann an chuid is mó de na mamaigh
óga beo.
Is ainmhithe aonteasacha iad na mamaigh – ciallaíonn sé sin go bhfuil fuil the acu.
Tugann mamaigh bainne do na hóga s’acu.
Tá cnámh droma ag gach mamach.
Tá cnámh amháin ag mamaigh ag bun an bhéil. Bogann siad an chnámh agus iad ag ithe.
Bíonn gruaig nó fionnadh ar chraiceann na mamach.