Na Gealáin Thuaidh

An 18ú Meán Fómhair, 2023


Dealbh Mhanannáin mhic Lir ar Bhinn Fhoibhne i gContae Dhoire. Thóg an grianghrafadóir Patryk Sadowski an pictiúr seo i mí an Mhárta, 2023.

Pic le caoinchead Patryk Sadowski


Má bhí tú ag amharc ar an nuacht an tseachtain seo caite, seans go bhfaca tú pictiúr de na Gealáin Thuaidh nó na Saighneáin. Má chónaíonn tú i dtuaisceart na tíre, in áit tuaithe gan mórán soilse sráide, gach seans go bhfaca tú le do shúile féin iad! Tarlaíonn na Gealáin Thuaidh sa spéir os cionn an Phoil Thuaidh. Is radharc álainn é. Bíonn an spéir ag lonrú le dathanna. Ní féidir leat iad a fheiceáil go rómhaith in Éirinn, de ghnáth, nó tá muid rófhada ó dheas. Ach, ó am go chéile, bíonn an seó soilse spéire seo le feiceáil againn. An tseachtain seo caite, bhí siad iontach feiceálach, nuair a d’imigh na scamaill.

Is dearthóir éadaí í Sara O’Neill – seo an radharc a chonaic sí féin i gCarraig Ceasail i gContae Dhoire níos luaithe i mbliana

Pic le caoinchead Sara O’Neill


Tuigimid anois cad is cúis leis na Gealáin Thuaidh. Tagann cáithníní beaga bídeacha lán leictreachais chugainn ón Ghrian. Ní féidir iad a fheiceáil agus iad sa spás. Ach, nuair a bhuaileann siad in éadan cáithníní beaga in atmaisféar an domhain – scaoileann siad a lán fuinnimh agus bímid féin ábalta an fuinneamh seo a fheiceáil mar sholas glas sa spéir.

Tarlaíonn an rud céanna ag an Phol Theas – seo na Gealáin Theas (radharc ón spás atá bunaithe ar fhíseán a thóg NASA)

 

Ó am go chéile, bíonn dathanna eile ann – dearg nó corcra, mar shampla. In amanna, bogann na soilse go deas mall, amanna eile, bíonn siad ag damhsa sa spéir.

Físeán a thóg an Spás-Stáisiún Idirnáisiúnta, feiceann tú an chuid dhearg de na Gealáin thuas ag an bharr

 

Ar an drochuair, bíonn sé níos deacra iad a fheiceáil má chónaíonn tú sa chathair nó i mbaile mór nó cuireann an truailliú solais ó na soilse sráide isteach ar an radharc. Ach, má chónaíonn tú in áit dhorcha – amuigh faoin tuath, nó in aice le talamh ard, go fiú – beidh seans níos fearr agat iad a fheiceáil.

Is fíorphictiúr é seo. Tógadh é amuigh faoin tuath in áit darb ainm Vik, san Íoslainn

Pic le AstroAnthony/Wikimedia Commons

 

De ghnáth, is ar chósta thuaidh na tíre is fearr a fheiceann tú na Gealáin Thuaidh ach, in amanna, is féidir iad a fheiceáil i bhfad níos faide ó dheas. Bhí siad iontach feiceálach i gContae Shligigh oíche Déardaoin seo caite. Má bhíonn an aimsir i gceart, deirtear gur féidir iad a fheiceáil i gContae Chiarraí, ó am go ham. Ar an drochuair, má chónaíonn tú i mbaile mór nó i gcathair, ní féidir iad a fheiceáil mar gheall ar na soilse eile go léir atá sa spéir. 

Thóg Chaosheng Zhang an pictiúr seo i nGaeltacht Chonamara i nGaillimh i mí an Mhárta i mbliana – má amharcann tú go géar, thig leat líne de shatailítí Starlink a fheiceáil

Pic le caoinchead Chaosheng Zhang


An deacracht is mó a bhíonn againn in Éirinn agus muid ag iarraidh amharc ar rudaí sa spéir ná na scamaill – ar an drochuair. Níl na scamaill trédhearcach! 


Le déanamh

Tuigimid an eolaíocht a bhaineann leis na Gealáin Thuaidh anois ach roimh na blianta 1950, níor thuig daoine cad é ba chúis leo. Is maith le daoine míniú a bheith acu ar rud. Nuair nár thuig muid an rud roimhe seo, chum muid scéal lena mhíniú. Léigh faoi chuid de na mínithe a bhí ag na daoine i dtíortha difriúla ar na gealáin thuaidh san alt seo.


An bhfaca tusa na Gealáin Thuaidh riamh? Níos fearr arís, an bhfuair tú aon phictiúir? Ba bhreá linn iad a fheiceáil. Seol isteach chugainn iad chuig eolas@leighanois.com.


meas