Na Gealáin Thuaidh agus a gcuid scéalta

An 18ú Meán Fómhair, 2023


Tá cúpla ainm difriúil ar na Gealáin Thuaidh sa Ghaeilge. Na Gealáin Thuaidh an t-ainm a úsáideann eolaithe. Ciallaíonn sé ‘rud geal sa tuaisceart’ agus tá sé iontach cóngarach don ainm eolaíochta atá ar na Gealáin Thuaidh i gcuid mhór teangacha difriúla (Béarla, Fraincis, Spáinnis, Portaingéilis…agus cúpla ceann eile!) – Aurora Borealis.

Aurora Borealis – na Gealáin Thuaidh

Pic le Noel Bauza/Wikimedia


Bíonn argóint ann faoin duine a tháinig aníos leis an ainm Aurora Borealis. Síleann roinnt daoine gur tháinig fear darbh ainm Galileo Galilei aníos leis an ainm ar dtús sa bhliain 1619. Ba réalteolaí agus matamaiticeoir as an Iodáil é Galileo. Deir daoine eile gur eolaí as an Fhrainc darbh ainm Pierre Gassendi a d’úsáid Aurora Borealis ar dtús in 1621.


Gailileo Galilei

Pierre Gassendi


Ach cibé fear acu a tháinig aníos leis an ainm – tá a fhios againn cén dóigh ar chum sé é. Ba í Aurora bandia Rómhánach na maidine agus an tsolais agus Boreas an t-ainm a bhí ag na Gréagaigh ar an ghaoth aduaidh – ba dhia eisean fosta. Mar sin, ciallaíonn Aurora Borealis na soilse thuaidh nó na gealáin thuaidh!

Aurora – bandia Rómhánach na maidine

Boreas – dia Gréagach na gaoithe aduaidh


Tá daoine faoi dhraíocht ag na Gealáin Thuaidh ó thús ama nó níor thuig duine ar bith i gceart cad é a bhí ann.

Nuair a bhí an bheirt eolaithe seo, Galileo Galilei agus Pierre Gassendi, ag scríobh faoi na gealáin thuaidh ag tús na mblianta 1600, bhí siad ag iarraidh teacht ar mhíniú eolaíochta orthu. Shíl Galileo go raibh baint ag an Ghrian leis an scéal ach ní raibh an míniú ceart aige (níl an locht air, níor oibrigh eolaithe an míniú ceart amach go dtí na 1950idí agus go fiú ansin, ní raibh iomlán an scéil ar eolas acu!).

Sa lá atá inniu ann, tá a fhios againn cad is cúis leis na Gealáin Thuaidh (agus Theas – seo na Gealáin Theas, thíos ag an Phol Theas)

Curtha in oiriúint ó fhíseán a thóg an spásárthach IMAGE de chuid NASA


Mar a tharlaíonn go minic, áfach – nuair nach dtuigeann daoine na fáthanna cearta eolaíochta a bhíonn le rud, cumann siad a scéal féin cibé! Tá cuid mhór scéalta difriúla cumtha ag na pobail dhifriúla agus ag na tíortha difriúla a bhíonn ábalta na Gealáin Thuaidh a fheiceáil agus seo thíos cuid acu…


Na Gaeil (Éire agus Albain)

Luaigh muid go bhfuil cúpla ainm sa Ghaeilge ar na Gealáin Thuaidh. Tá ‘na Gealáin Thuaidh’ in úsáid ag na heolaithe, ach nuair a bhíonn daoine ag caint fúthu, tá sé níos coitianta ‘na Saighneáin’ a thabhairt orthu – ciallaíonn ‘saighneán’ splanc sholais, cosúil le splanc thintrí. Focal eile atá le fáil san fhoclóir ná ‘an Chaor Aduaidh’ – sa chás seo, ciallaíonn caor tine nó ‘rud atá ag lonrú’. 

De ghnáth, tugann daoine na Saighneáin ar na Gealáin Thuaidh sa ghnáthchaint

Pic le Tim Hill/Pixabay


Ach bhí míniú i bhfad níos suimiúla ag na Gaeil i dtuaisceart Aontroma agus in Albain ar na Saighneáin. Thug siadsan na Fir Chlis orthu – ciallaíonn sé ‘fir a bhíonn ag damhsa agus ag cleasaíocht’. Dar le scéal amháin as Albain gur aingil iad na fir chlis a caitheadh amach as neamh mar go raibh siad ag troid! Nuair a fheiceann daoine na Saighneáin, sin na fir chlis go fóill ag troid sa spéir!

Chreid na sean-Ghaeil go raibh na fir chlis ag troid sa spéir


In amanna, chreid na Gaeil gur comhartha iad na fir chlis go raibh rud éigin olc ag dul a tharlú. Níos minice, áfach, chreid siad gur comhartha iad go raibh drochaimsir ar an bhealach.


Na Lochlannaigh

Vailcír – banlaoch Lochlannach a d’iompair laochra marbha chuig Valhalla (an saol eile)


Chreid na Lochlannaigh gur bhain na Gealáin Thuaidh leis na Vailcírí. Is laochra ban iad na Vailcírí a oibríonn don dia mór, Óidin. Nuair a bhíonn troid ann, cuireann Óidin na Vailcírí amach leis na Lochlannaigh a fuair bás a iompar suas chuig Valhalla – sin neamh na Lochlannach. Nuair a bhíonn na Vailcírí ag iompar na laochra a fuair bás suas ar neamh, feicimid na Gealáin Thuaidh nuair a lonraíonn solas ar a sciatha (dar leis na Lochlannaigh!)

Chreid na Lochlannaigh gur solas ag lonrú ar sciatha na Vailcírí a rinne na Gealáin Thuaidh


An Iorua

Chreid na Sámaigh gur droch-chomhartha iad na Saighneáin. Chreid siad nár cheart duit labhairt faoi na Saighneáin agus is cinnte nár cheart duit a bheith ag ceol ná ag feadalach agus na Saighneáin sa spéir nó bheadh a fhios acu cén áit a bhfuil tú agus ghlacfadh siad suas chuig an spéir thú!


An tSualainn

Ní raibh na Saighneáin chomh contúirteach céanna sa tSualainn. Chreid na Sualannaigh gur tharla na Gealáin Thuaidh nuair a shoilsigh solas ar ráth scadán san fharraige – bhí tú ábalta a scáil a fheiceáil sa spéir, mar a bheadh scáthán ann!

Tugaimid ‘ráth’ ar ghrúpa scadán – chreid na Sualannaigh gur scáil na scadán a bhí sna Gealáin Thuaidh


Tuaisceart Mheiriceá agus Ceanada

Chreid na hIonúitigh gurb iad a sinsir a bhí ann – na daoine gaolta leo a fuair bás – agus iad ag imirt cluiche le blaosc rosuailt sa spéir!

Cnámharlach Rosuailt – blaosc an t-ainm a thugaimid ar chnámh an chloiginn

Pic le Tiia Monto/Wikimedia

Rosualt

Pic le OpenClipart/Pixabay


Chreid bundúchasaigh eile gurb iad a sinsir a bhí sna Gealáin Thuaidh fosta, agus iad ag damhsa sa spéir. Chreid siad gur chomhartha maith a bhí iontu.

Chreid na hIonúitigh nach raibh sna Gealáin Thuaidh ach a sinsir agus iad i mbun cluichíochta!


An Fhionlainn

Chreid muintir na Fionlainne gur sionnach (nó madadh rua) is cúis leis na Gealáin Thuaidh. Tagann tine óna eireaball agus é ag rith ar chnoic agus sléibhte. Mura mbíonn meas agat ar na Gealáin Thuaidh agus ar an sionnach tine, beidh droch-ádh ort!

An Sionnach Tine – ainmhí tábhachtach i scéalta na Fionlainne


*Rinne bean darb ainm Kéilidh Bradley as Albain cartún den scéal seo agus thug sí cead dúinn fotheidil Ghaeilge a chur air – is féidir amharc air anseo.


meas