Aidbhint 2026

Déardaoin, an 26ú Samhain 2026


Seans gur thug tú faoi deara gur chuir na siopaí tús leis an Nollaig cheana féin. Go díreach i ndiaidh Oíche Shamhna, bíonn fógraí ar an teilifís agus maisiúcháin sna siopaí. Shílfeá gur féile dhá mhí a bhí ann! Ach tá tús oifigiúil leis an Nollaig an chéad Domhnach den Aidbhint, an Domhnach beag seo, an 29ú Samhain.

Is tréimhse iontach speisialta í an Aidbhint do Chríostaithe. Is am é nuair a ullmhaíonn siad do bhreith Íosa agus bíonn siad ag machnamh ar an Nollaig. Tugann an Aidbhint deis dúinn moilliú síos giota beag agus fíor-theachtaireacht na Nollag a thuiscint. Ciallaíonn ‘aidbhint’ ‘teacht’ agus teacht Íosa atá i gceist.

Díríonn Críostaithe ar cheithre rud thábhachtacha le linn na hAidbhinte:

1. Dóchas: beidh rudaí níos fearr, fiú má bhíonn siad deacair anois.

2. Síocháin: bí cineálta le daoine eile.

3. Áthas: bímis buíoch as na rudaí maithe atá againn.

4. Grá: cúram a thabhairt do dhaoine eile, go háirithe daoine a bhfuil cuidiú de dhíth orthu.

Is é teachtaireacht na hAidbhinte ná bheith deas le daoine eile seachas barraíocht rudaí a cheannach.

Fleasc Aidbhinte

Is minic a bhíonn fleasc aidbhinte i scoileanna agus in eaglaisí. Gach seachtain, lastar coinneal nua ar an fhleasc lena chur i gcuimhne dúinn go bhfuil Íosa, Solas an Domhain, ag teacht. Lastar na coinnle uilig ar Oíche Nollag. Traidisiún eile a bhíonn ag daoine ná féilire Aidbhinte. Tosaíonn sé, de ghnáth ar 1ú mí na Nollag agus cuidíonn sé linn na laethanta go dtí oíche Nollag a mharcáil. Gach lá, osclaítear fuinneog nua agus is minic a bhíonn milseán nó píosa seacláide taobh thiar de gach fuinneog.

Féilire Aidbhinte

Cibé rud a dhéanann tú don Nollaig, beidh cead oifigiúil agat tosú ón Domhnach beag seo!


Ceisteanna:

1. Cén dáta a dtosaíonn Aidbhint i mbliana?

2. Cad is ciall leis an fhocal ‘Aidbhint’?

3. Ainmnigh 2 cheann de 4 théama na hAidbhinte.

4. Cad é a lastar ar an fhleasc Aidbhinte gach seachtain.

5. Cad é a fhaigheann daoine go minic taobh thiar d’fhuinneoga féilire Aidbhinte?


Le déanamh:

Scríobh síos rud amháin a dhéanfaidh tú gach seachtain den Aidbhint chun:

    • Dóchas a léiriú

    • Síocháin a chothú

    • Áthas a roinnt

    • Grá a thaispeáint


Le plé:

An dtosaíonn an Nollaig ró-luath sna siopaí? Roinn an grúpa nó an rang ina dhá chuid, leath a aontaíonn leis an ráiteas, leath nach n-aontaíonn. Tabhair 3 chúis le tacú le do bharúil.




meas