Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Taighdeoir
An bhfaigheann tú go leor aclaíochta gach lá? Sin an cheist a chuir taighdeoirí ar pháistí na hÉireann. Agus an freagra a fuair siad? Tá níos lú ná an leathchuid de na páistí sa tír seo ag fáil go leor aclaíochta gach lá! Ba iad Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil Uladh a rinne an staidéar.

Cá mhéad aclaíochta atá de dhíth, mar sin? Moltar do pháistí ar a laghad uair an chloig a chaitheamh gach lá ag déanamh rudaí fisiciúla. Imríonn daoine camógaíocht agus iománaíocht, peil agus sacar. Nó is féidir dul ag rothaíocht nó dul ag rith. Cad é faoi shiúl gasta nó fiú bheith ag rith thart sa chlós scoile?
An croí
Cad chuige a bhfuil aclaíocht de dhíth ar pháistí, mar sin? Tá dhá rud i gceist: do shláinte fhisiciúil agus do shláinte mheabhrach. Cuidíonn an aclaíocht le horgán iontach tábhachtach, an croí. Má dhéanann tú aclaíocht, beidh níos mó fola ag pumpáil thart ar do chorp agus is rud maith é sin don tsláinte.
Matáin
Agus muid óg, bíonn na matáin agus na cnámha ag fás agus moltar rudaí a dhéanamh chomh maith leis na matáin agus na cnámha a láidriú. Moltar rudaí mar scipeáil, léim nó gleacaíocht a dhéanamh trí bhabhta sa tseachtain. Go ginearálta, is cosaint í an aclaíocht ar a lán galar, galar croí agus diaibéiteas, mar shampla.

Is rud tábhachtach í do mheabhairshláinte chomh maith. Scaoileann an aclaíocht hormóin isteach sa chorp agus cuireann sin spion maith ort agus cuidíonn sé le himní a mhaolú. Má bhíonn tú amuigh faoin aer, is minic a thógann seo do chroí chomh maith.

Mar a léirigh an staidéar, níl daoine óga ag déanamh go leor aclaíochta na laethanta seo. Ní bhíonn siad ag súgradh taobh amuigh an oiread céanna agus caitheann a lán acu barraíocht ama ag amharc ar scáileáin taobh istigh. Más duine den leathchuid sin thú, nach bhfuil ag déanamh go leor aclaíochta gach seachtain, seo an t-am le tú féin a chroitheadh agus aghaidh a thabhairt ar an aclaíocht rialta!

Ceisteanna:
1. Cé a rinne an staidéar seo ar aclaíocht pháistí na hÉireann?
2. Cén céatadán de pháistí atá ag fáil go leor aclaíochta?
3. Cá mhéad aclaíochta a mholtar do pháistí gach lá?
4. Cad iad an dá chuid den chorp a láidríonn gníomhaíochtaí mar scipeáil agus léim?
5. Cén fáth nach mbíonn daoine óga ag déanamh go leor aclaíochta na laethanta seo?
Le déanamh:
Déan liosta de rudaí difriúla is féidir leat a dhéanamh le bheith aclaí. Ansin, tabhair scór do gach cineál aclaíochta, agus cuir in ord iad. Seiceáil leis na daoine in aice leat an bhfuil na rudaí céanna acu ag barr an liosta. Cad é an cineál aclaíochta is fearr leis an ghrúpa nó leis an rang?
An bhfuil sé furasta nó deacair aclaíocht a dhéanamh sa scoil nó sa cheantar agat? Déan liosta de rudaí a dhéanann níos fusa é aclaíocht a dhéanamh.
Úsáid an tábla thíos le do chuid aclaíochta a phleanáil sa tseachtain scoile.
