Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
An bhfuair tú féin cárta Nollag riamh? Nó an bhfaigheann do theaghlach iad gach bliain? An gcuireann sibh ar taispeáint sa teach iad? Pictiúir den bhabaí Íosa sa stábla i mBeithil, nó de Dhaidí na Nollag agus a chuid réinfhianna. Sin, nó radharc tíre sneachtúil Nollaigiúil.
An gcuireann sibh féin cártaí Nollag, nó an bhfaigheann sibh mórán cártaí Nollag?
Síleann a lán daoine go gcuireann na cártaí Nollag go mór le spiorad na Nollag ach léiríonn figiúirí ó na seirbhísí poist, i gcuid mhaith tíortha ar domhan, go mbíonn titim ag teacht ar líon na gcártaí poist a chuireann daoine gach bliain. Tá titim tagtha ar líon na litreacha go ginearálta a chuireann daoine, mar gheall ar chúiseanna difriúla.
Arbh fhearr leat féin ‘teachtaireacht dhigiteach Nollag’ ná cárta Nollag?
Deir daoine go bhfuil sé níos fusa, agus níos gasta, ríomhphost a chur. Labhraíonn daoine eile ar an dochar a dhéanann litreacha don timpeallacht – an méid páipéir a chuirtear amú agus a chuirtear chuig láithreáin dhumpála. Ach labhraíonn a lán daoine ar a chostasaí atá sé stampaí a cheannach lena gcur ar na litreacha.
Bíonn a lán daoine míshásta leis an mhéid bruscair a chruthaímid gach Nollaig
Tá €1.85 nó £1.80 ar stampa, ag brath ar an áit a gcónaíonn tú. Admhaíonn an Post gur ceist mhór é praghas na stampaí agus daoine ag smaoineamh ar chártaí Nollag a chur chuig gaolta agus cairde. Samhlaigh go mbeadh 20 cárta le seoladh agat – sin €37 nó £36 ar na stampaí amháin, sin sula gceannaíonn tú na cártaí! Deir An Post go ndéanann siad iarracht praghas na stampaí a laghdú um Nollaig, lena dhéanamh níos fusa do dhaoine cártaí Nollag a chur chuig a chéile.
Stampa ón bhliain 1960 – ní raibh ach 3p air (ach bhí gach rud níos saoire an t-am sin agus ní raibh an oiread céanna airgid ag daoine)
Sa Bhreatain, tá feachtas mór ar bun ag eagraíocht darb ainm The Greeting Card Association. Deir siad go bhfuil siad iontach buartha ar fad go gcaillfidh fir agus mná poist a bpost (na jabanna s’acu 😀 ) mar nach gcuireann daoine an méid céanna cártaí Nollag na laethanta seo. Tá siad ag iarraidh ar gach duine níos mó cártaí Nollag a cheannach agus a sheoladh i mbliana – le post na n-oibrithe poist a shábháil, dar leo.
Beidh iontas an Domhain ort a chluinstin go bhfuil an Greeting Card Association déanta de na comhlachtaí a dhéanann na cártaí Nollag…comhtharlú mór, ar ndóigh!
Ba mhaith leis an ‘Greeting Card Association’ go gceannóidh muid níos mó cártaí Nollag…le nach mbeidh na hoibrithe poist as obair
Comórtas na gCártaí Nollag
Más mian leatsa Cárta Nollag a chur, le croí duine éigin a thógáil an Nollaig seo – ní chaithfidh tú cárta costasach a cheannach – thiocfadh leat do cheann féin a dhéanamh! Ní hamháin sin, thiocfadh leat é a chur isteach ar ár gcomórtas Cártaí Nollag.
Déanfaidh muidne 20 cóip de chárta an bhuaiteora agus beidh tú in ann cuid mhór croíthe a thógáil an Nollaig seo!
Níos mó sonraí faoi Chomórtas na gCártaí Nollag 2026 anseo.
Rinneadh an cárta thart ar an bhliain 1900, níl a fhios againn cad é a bhí ar intinn ag an té a chruthaigh é!
🎁 Ceisteanna le freagairt
1. Cén fáth a síleann daoine áirithe go bhfuil cártaí Nollag tábhachtach?
2. Luaigh trí chúis, dar leis an alt, a bhfuil laghdú ag teacht ar líon na litreacha agus na gcártaí Nollag a chuireann daoine sa phost.
3. Cá mhéad a chosnódh sé 30 cárta Nollag a chur sa phost san áit a gcónaíonn tusa? (Na stampaí amháin!)
4. Cad é atá an Greeting Card Association ag iarraidh ar dhaoine a dhéanamh, agus cén fáth, dar leo, a bhfuil sé tábhachtach?
5. Cad é atá greannmhar nó amhrasach faoin Greeting Card Association agus an feachtas atá ar bun acu?
🎁 Le Plé
🎄 Arbh fhearr leat cárta Nollag a fháil sa phost nó teachtaireacht Nollag a fháil ar ghuthán nó tríd an ríomhphost? Mínigh do fhreagra.
🎄 An síleann tú gur fiú airgead a chaitheamh ar chártaí Nollag agus ar stampaí, nó an bhfuil bealaí níos fearr ann le dea-mhéin na Nollag a chur in iúl?