Bréagáin

An Mháirt, an 17ú Samhain, 2026

(le Gráinne Uí Loingsigh)

Is maith le páistí bheith ag súgradh le bréagáin. Tá cuid mhór bréagán difriúil ann. 

Cad é an bréagán is fearr leatsa? 


Bloic Adhmaid 

Is féidir leat rudaí a thógáil le bloic adhmaid – túr, caisleán, bóthar, nó balla, mar shampla.


In amanna, bíonn litreacha nó uimhreacha scríofa orthu agus is féidir leat focail a dhéanamh nó suimeanna a oibriú amach leo. 


Cad é an rud is fearr leatsa a thógáil le bloic adhmaid? 


Lego 

Is bloic bheaga phlaisteacha iad na píosaí Lego. Is féidir leat cuid mhór rudaí éagsúla a thógáil leo – carr, bád, feirm, teach nó dineasár, mar shampla. 

(pic le Cloudy Design /Shutterstock.com)


Ná déan dearmad iad uilig a ghlanadh den urlár nuair a bhíonn tú réidh leo – níor mhaith leat seasamh ar cheann acu agus tú cosnochta! 


Cad é an rud is fearr leatsa a thógáil le Lego? 


Bábóga 

Tá daoine ag súgradh le bábóga le fada fada an lá. Tá bábóga éagsúla ann – bábóga beaga atá cosúil le babaí, bábóga móra atá ábalta siúl, bábóga atá cosúil le cailíní agus bábóga eile atá cosúil le buachaillí.

(pic le MisterStock/Shutterstock.com) 


Is féidir leat bábóg a fháil a théann chuig an leithreas fiú, nó, a bhíonn ag caoineadh agus ag ithe! 


An bhfuil bábóg agat? Cad é an t-ainm atá ar do bhábóg? 


Carranna 

Is mór an spraoi is féidir a bheith agat le bréag-charranna beaga. Is féidir leat garáiste a fháil ina bhfuil urláir éagsúla, nó, rás a bheith agat in éadan do chairde leo. Thig leat bóthar a chruthú agus spraoi a bheith agat ag súgradh leis na carranna air. 

(pic le Anita Eka Permatawaty / Shutterstock.com)


Tá carranna cianrialaithe ann fosta. Úsáideann tú cianrialtán lena mbogadh thart. 

(bréag-charr agus cianrialtán)


Cad é an cineál bréag-chairr is fearr leat? 


Teidithe 

Tá réimse leathan teidithe ann – ainmhithe cosúil le béir, madaí agus cait, nó, fiú carachtair ón chartún is fearr leat! 

(pic le DJSully / Shutterstock.com)


Is maith le cuid páistí an teidí speisialta s'acu a thabhairt chun na leapa leo gach oíche. Tá sé deas barróg a thabhairt do do theidí nuair a bhíonn tú brónach nó tuirseach. 


An bhfuil teidí speisialta agat? Cad é an t-ainm atá ar do theidí?


Táibléid agus Ríomhairí 

Bíonn cuid mhór páistí ag súgradh ar tháibléid na laethanta seo. Baineann páistí sult as cluichí éagsúla a imirt orthu.


Tá cluichí ann a chuidíonn linn litreacha, uimhreacha, dathanna agus cruthanna a fhoghlaim, chomh maith le cluichí nach bhfuil iontu ach spraoi! 


Ar ndóigh, níl sé maith dúinn barraíocht ama a chaitheamh ag amharc ar scáileáin, ach is féidir an-sult a bhaint astu anois agus arís. 

(Ná caith barraíocht ama ag amharc ar scáileán.)


Liathróidí 

Níl deireadh leis na cluichí is féidir leat a imirt le liathróid. Bíonn cineálacha éagsúla liathróidí ann do chluichí éagsúla – peil, iomáint, camógaíocht, sacar, cispheil, líonpheil agus leadóg, mar shampla. 


Is féidir leat liathróid a úsáid le do chluiche féin a chruthú. Thig leat í a chaitheamh chuig do chairde, nó, in éadan balla. Is féidir leat liathróid a chiceáil thart ar chóin, nó, chuig do chara. Níl deireadh leis na féidearthachtaí! 


Cad é an cluiche liathróide is fearr leat? 


Ceisteanna

  1. Cad iad na rudaí is féidir leat a thógáil le bloic adhmaid?
  2. Cad as a bhfuil na píosaí Lego déanta?
  3. Cad é an tasc tábhachtach ba chóir duit a dhéanamh le do chuid Lego nuair a bhíonn tú réidh le bheith ag súgradh leis?
  4. An bhfuil sé maith dúinn a lán ama a chaitheamh ag amharc ar scáileán?
  5. Ainmnigh dhá spórt dhifriúla, atá luaite sa téacs, a imrítear le liathróid.  


Le plé:

An Bréagán is Fearr Leat 

  • Cad é an bréagán is fearr leatsa? 
  • An fearr leat a bheith ag súgradh le bréagáin taobh istigh nó taobh amuigh? 
  • Cad é faoi chluichí boird, cosúil le Nathracha agus Dréimirí? An maith leat iad sin a imirt? 


Bréagáin Fadó 

  • An síleann tú go raibh bréagáin fadó cosúil leis na bréagáin a mbímid ag súgradh leo sa lá atá inniu ann? Cad é an dóigh a raibh siad cosúil nó difriúil lena chéile?
  • An síleann tú go raibh táibléad ag do thuismitheoirí, nó, ag do sheantuismitheoirí nuair a bhí siad óg? Cad é faoi ríomhaire? 
  • Nuair a bhí do thuismitheoirí agus do sheantuismitheoirí níos óige, bhí cuid de na bréagáin mar an gcéanna - cé acu bréagáin, do bharúil? 
  • Bhíodh páistí fadó ag súgradh le bréagáin eile fosta. Cuir ceist ar dhuine fásta lena fháil amach cad é an bréagán ab fhearr leis nó léi nuair a bhí sé / sí óg. 

meas