Seachtain na Frithbhulaíochta 2026

Dé Luain, an 16ú Samhain 2026


Gach Samhain, ar fud na tíre, díríonn daltaí agus múinteoirí aird ar an bhulaíocht. Is fadhb iontach tábhachtach í an bhulaíocht agus tugann Seachtain na Frithbhulaíochta deis dúinn amharc ar dhóigheanna a dtiocfadh linn dul i ngleic léi. Bíonn an bhulaíocht ag brath ar dhaoine bheith ina dtost agus gan labhairt le daoine eile cosúil le múinteoirí nuair a fheiceann siad é. An tost a bhriseadh, mar sin, téama na seachtaine i mbliana.

Cad é an rud é bulaíocht? Tarlaíonn bulaíocht nuair a dhéanann duine, nó daoine, rudaí gránna ar dhuine nó ar ghrúpa daoine eile. Ar na rudaí atá san áireamh tá:

    • ainm gránna a thabhairt ar dhuine

    • ráflaí a chur thart faoi dhuine

    • duine a scanradh

    • duine a bhualadh nó a ghortú

    • teachtaireachtaí gránna ar líne a scríobh faoi dhuine nó chuig duine


Ní gá, fiú, rud a dhéanamh. Má fhágann tú duine amach as an ghrúpa d’aon turas, is cineál de bhulaíocht é sin chomh maith.

Mothaíonn daoine brónach agus uaigneach mar gheall ar an bhulaíocht. Bíonn imní agus eagla orthu. In amanna, mothaíonn siad feargach agus gan mhaith. Cailleann daoine spéis sa scoil agus ní bhíonn siad ábalta aird cheart a thabhairt ar a gcuid oibre.

Cad é is féidir leat a dhéanamh má dhéantar bulaíocht ort? An chéad rud ná an tost a bhriseadh. Bíonn an bulaí ag brath ar eagla a bheith ar dhaoine agus nach labhróidh siad le duine ar bith eile faoi. Labhair le múinteoir nó tuismitheoir nó cúntóir ranga. Labhair le cara maith faoi. Is é an rud is tábhachtaí a choinneáil i gcuimhne ná nach ortsa atá an locht.

Má fheiceann tú bulaíocht ag tarlú, is féidir leatsa bheith i do chara maith fosta. Déan cinnte de go mbíonn gach duine páirteach sna cluichí. Má tá duine trína chéile, éist leis an duine sin lena fháil amach cad é atá cearr. Bí cineálta le daoine eile agus seas le daoine a bhíonn leo féin. Agus abair le duine fásta má fheiceann tú bulaíocht ag tarlú. Le chéile, is féidir linn rud a dhéanamh faoin bhulaíocht. Is é an chéad chéim ná an tost a bhriseadh.


Ceisteanna:

1. Cén mhí den bhliain a mbíonn Seachtain na Frithbhulaíochta ar siúl?

2. Cad é téama na seachtaine i mbliana?

3. Luaigh 3 rud ghránna a dhéanann bulaithe.

4. Ainmnigh 3 mhothú a bhíonn ar dhaoine nuair a dhéantar bulaíocht orthu.

5. Luaigh 2 rud is féidir leat a dhéanamh le bheith i do chara maith.


Bí cineálta!

Smaoinigh ar 3 dhóigh a dtiocfadh leat meas agus cairdeas a thaispeáint le linn an lae. Cuir do liosta i gcomparáid le cara agat.



meas