Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tá brón ar mhuintir na hÉireann le seachtain anuas ó chuala muid an scéal truacánta gur imigh Ciara Mageean (nó, Nic Gaoithín) ar shlí na fírinne. Reathaí iontach ó Chontae an Dúin ab ea Ciara.
(Ciara ag rith sna Cluichí Oilimpeacha i dTokyo, 2021)
Is minic a chuir sí an-áthas ar mhuintir na hÉireann nuair a bhain sí bonn cré-umha, airgid nó óir amach ag mórchomórtais Eorpacha agus Domhanda, agus ba dhíol mórtais dúinn í.

Agus í ag rith ar son na tíre, ghnóthaigh sí go leor bonn agus moltaí thar na blianta. Thosaigh sí amach ar fhoireann reathaíochta na hÉireann agus í 17 mbliana d’aois i 2009. An bhliain chéanna, ghnóthaigh sí an dara háit sa rás 800m i gComórtas Reathaíochta Domhanda na nÓg.
(Ciara ag rith ar son na tíre in 2009)
In 2024, d'éirigh léi a bheith ina curadh Eorpach sa rás 1,500 méadar ag Craobh na hEorpa, nuair a bhí sí tríocha bliain d'aois. San iomlán, tá 6 churiarracht náisiúnta aici sa reathaíocht mar an bhean is gasta riamh in Éirinn ag an mhíle, 800m, 1000m agus 1,500m. Chomh maith leis sin, bhain sí an t-am is gasta riamh amach ag ‘Parkrun’ mar an bhean is gasta ar domhan thar 5km in 2023 i mBéal Feirste.
(curadh na hEorpa)
Bean óg chróga, chroíúil agus umhal a bhí inti. Bhí sí i gcónaí cairdiúil, cainteach agus sásta am a chaitheamh le daoine óga chun iad a spreagadh agus le lúthchleasaithe faoi mhíchumas le hiad a mholadh.
(Spreag Ciara reathaithe óga)
Ní raibh an bóthar i gcónaí furasta do Chiara. Bhí uirthi dul i ngleic le go leor gortuithe roimh chomórtais mhóra, ach níor ghéill sí riamh. Lean sí uirthi ag obair go crua ar a cuid traenála. Léirigh sí do gach duine go dtagann torthaí maithe nuair a chreideann tú ionat féin agus nuair a dhéanann tú do dhícheall, d’ainneoin deacrachtaí.
(Ciara ag teacht ar ais chuici féin i ndiaidh di bheith gortaithe, 2018.)
Bhí an-suim ag Ciara riamh sa spórt. Chomh maith le bheith ina reathaí, d’imir sí camógaíocht ó aois óg, agus bhí spéis mhór aici i gcúrsaí CLG.Tá an tír ar fad faoi bhrón ó fuair sí bás ar na mallaibh, i ndiaidh di troid go cróga i gcoinne na hailse. Tháinig slua ollmhór go dtí a tórramh chun ómós a thabhairt don laoch spóirt seo, a raibh ardmheas ag gach duine uirthi.
(Ciara lena foireann camógaíochta agus í óg)
Tá sí curtha anois go síochánta i bPórt an Pheire, a baile dúchais agus áit a raibh a croí ann go síoraí. Cé nach bhfuil sí linn níos mó, mairfidh an chuimhne ar a meangadh mór gáire agus ar an dea-shampla a thug sí de chrógacht agus dícheall. Leaba i measc na n-aingeal agus na naomh go raibh aici.
(Port an Pheire, baile duchais Chiara)
Ceisteanna
Le plé agus le déanamh