Nathanna agus Dathanna - Cuid 2

An Mháirt, an 3ú Samhain, 2026


Inné, bhí muid ag amharc ar an dóigh a n-úsáidimid na dathanna i nGaeilge le béim a chur ar ár gcuid cainte. D’amharc muid ar fhrásaí a bhain leis na dathanna dearg agus bán. Inniu, leanaimid le cúpla dath eile - dubh agus glas. Arís eile, cuireann na dathanna seo tábhacht le focail, nó cruthaíonn siad íomhánna ‘dathúla’ dúinn nuair a bhaintear úsáid astu. 


Dubh

Chomh dubh le gual - Ceann eile atá simplí go leor, má bhíonn rud éigin iontach dubh, deir muid go bhfuil se “chomh dubh le gual.”


Lá dubh / scéal dubh - lá nó scéal a chuirfeadh brón ort, cuirim i gcás, nuair a tharla rud éigin olc


dubh dóite - má bhíonn tú dubh dóite, bíonn tú bréan de rud 


An dubh a dhéanamh ar dhuine - rinne sé an dubh orm = rinne sé rud éigin olc nó fealltach orm


ag obair ó dhubh go dubh - má bhíonn duine ag obair ó dhubh go dubh, bíonn sé / sí ag obair go han-chrua (ó luath ar maidin go dtí go mall san oíche).


a bheith dubh in aghaidh ruda - tá tú go hiomlán ina éadan. Mar shampla, tá mé dubh in aghaidh obair bhaile!


Níl sé le fáil dubh bán ná riabhach - ní féidir teacht ar an rud sin (ná ar rud ar bith atá cosúil leis) in aon áit. 


Glas

Má bhíonn duine ‘glas’, bíonn sé nó sí soineanta gan mórán eolais acu ar chúrsaí. 


a bheith glas ar rud - níl mórán taithí agat air, ní dhearna tú an rud seo mórán roimhe.


Ceisteanna 

  1. Mínigh i do chuid focal féin cad is brí leis an fhrása “chomh dubh le gual”. Tabhair sampla de rud amháin a dtiocfadh leat cur síos air mar sin.
  2. Cad é a bhíonn i gceist nuair a deirtear go bhfuil duine éigin ‘dubh dóite’ le rud éigin? Inis faoi am a raibh tú féin dubh dóite de rud éigin.
  3. Cén dóigh a gcuirfeá síos ar dhuine atá ag obair go han-chrua?
  4. Cad is brí leis an fhocal ‘riabhach’? 
  5. Má bhíonn duine 'glas' ar rud éigin, an bhfuil a lán taithí acu air?


Le plé agus le déanamh

  • Léirigh na Dathanna: Roghnaigh dhá nath cainte ón téacs agus scríobh abairtí nua ina n-úsáidtear an dá nath cainte sin. Léirigh d’abairtí nua féin le cartúin nó pictiúir.
  • Comhrá Beag: Scríobh comhrá gairid idir beirt chairde ina n-úsáideann siad na nathanna 'a bheith dubh in aghaidh ruda' agus 'bán i ndiaidh ruda' (féach alt an lae inné).
  • Cruthaigh do Nath Féin: Smaoinigh ar rud éigin sa saol thart ort a bhfuil dath air. Déan iarracht nath cainte nó comparáid nua a chruthú a bhaineann leis an rud agus an dath sin. Mínigh cad é is ciall le do nath cainte nua. Dear pictiúr lena léiriú.
  • Cluiche Meaitseála: Nathanna agus Mínithe (Tá cuid de na frásaí agus freagraí thíos ag baint le halt an lae inné.)
    • Meaitseáil an nath cainte ar chlé leis an mhíniú cheart ar dheis:


Nath CainteBrí / Míniú
1. Dearg le feargA. Ag obair go han-chrua ó mhaidin go hoíche.
2. ag obair ó dhubh go dubhB. Labhairt go deas le duine chun rud éigin a fháil uaidh/uaithi.
3. béal bán a dhéanamh le duineC. Gan mórán taithí nó eolais a bheith agat ar rud.
4. a bheith glas ar rudD. D’éirigh leat rud éigin iontach deacair a dhéanamh.
5. Bhí an t-ádh dearg ormE. Duine a bheith fíor-chrosta.
6. Chuirfeadh sé an dubh ina bhán ort F. Gach duine acu / iad ar fad. 
7. An t-iomlán dearg acuG. Cur ina luí ort gur fíor do scéal nach bhfuil fíor ar chor ar bith. 

meas