Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tá olann in úsáid ag an chine dhaonna leis na mílte bliain chun muid a choinneáil te san aimsir fhuar. Is ábhar nádúrtha í a fhaighimid ó na caoirigh.

Ní nach ionadh, mar sin, go mbíonn aird á díriú ar an ábhar seo le linn mhí Dheireadh Fómhair - Mí na hOlla. Ag an am seo bliana, bíonn na hoícheanta ag éirí níos faide agus an aimsir ag éirí níos fuaire. Bímid ag smaoineamh ar éadaí breise nó éadaí níos teo a chur orainn as seo amach go dtiocfaidh an dea-aimsir ar ais thart faoi Cháisc na bliana seo chugainn.

Má amharcann tú ar do chuid éadaí, is cinnte go mbeidh ball éadaí agat atá déanta as olann - geansaí, mar shampla, nó hata agus miotóga. Is ábhar speisialta í an olann nach ligeann an teas éalú as do chorp. Tugaimid “ábhar inslitheach” ar ábháir cosúil leis sin, a choinníonn teas istigh.

Tá an olann chomh maith sin ag coinneáil teasa istigh go n-úsáidtear í fosta leis an teas a choinneáil istigh i dtithe. In amanna, cuirtear olann i ndíon an tí leis an teas a cheapadh istigh sa teach.
(olann á cur faoi dhíon an tí)
Le caoga bliain anuas, nó mar sin, bhí daoine ag déanamh go leor éadaí amach as plaisteach agus ábhair eile atá saorga, nó cruthaithe ag daoine. Sa lá inniu, áfach, táimid ag aithint gur fearr pilleadh ar na seandóigheanna agus ar na seanábhair, cosúil le holann. Mar ábhar nádúrtha, lobhann sí go furasta sa talamh nuair a éiríonn sí sean agus caite. Ní dhéanann sí dochar ar bith don timpeallacht, mar a dhéanann na héadaí atá déanta as plaisteach, mar shampla.
(Caitear seanéadaí, agus rudaí eile, atá déanta as plaisteach amach sa bhruscar. Is minic a chríochnaíonn siad i ndumpa mar seo ar deireadh.)
Ar smaoinigh tú riamh cá as ar tháinig do gheansaí olla? Bhuel, lig dom na céimeanna sa phróiseas a mhiniú duit.

Céim 1: Bearradh gruaige!
Fásann an chaora cóta tiubh olla san fhómhar chun í fein a choinneáil te i rith an gheimhridh. Ach, faoi dheireadh an earraigh, bíonn an aimsir ag téamh arís agus ba mhaith leis an chaora fáil réitithe lena cóta tiubh olla. Bíonn na caoirigh sásta nuair a dhéanann an feirmeoir iad a lomadh (nó a bhearradh) san earrach.

Céim 2: Folcadh
Bailíonn an feirmeoir an lomra (an olann ar fad a bhearr sé / sí de na caoirigh). Ná déan dearmad go gcaitheann na caoirigh a saol taobh amuigh ar fheirm agus is féidir leo éirí salach. Mar sin, cuirtear an lomra chuig monarcha, áit a nítear é i bhfolcadán mór lán uisce agus sobal gallúnaí.

Céim 3: Scuabadh
Anois, tá an olann glan, ach tá sí uilig ceangailte le chéile i bprácás mór lán snaidhmeanna. Caithfear í a scuabadh. Bíonn meaisín mór sa mhonarcha a dhéanann an olann a scuabadh go dtí go mbíonn sí néata. (Cardáil an t-ainm a thugtar ar an phróiseas sin.)

Céim 4: Fáscadh (nó, An Snáth a dhéanamh)
Castar an olann ghlan néata thart ar a chéile le snáth a dhéanamh. Nuair a chastar an olann thart ar a chéile go teann, déanann sé snáth atá láidir.

Céim 5: Dathú
De ghnáth, bíonn olann bán, dubh nó donn. Le dathanna eile a fháil, cuirtear na snáthanna isteach i bpotaí móra ina mbíonn péint agus uisce. Seo mar a fhaighimid dathanna geala difriúla, amhail glas, dearg nó corcra.

Céim 6: Éadaí a dhéanamh (Fíodóireacht)
Is féidir éadaí a dhéanamh as an snáth ar dhá bhealach - fíodóireacht nó cniotáil. Déantar fíodóireacht ar mheaisín mór darb ainm “seol”.

Ní bhíonn móran trealaimh de dhíth le cniotáil a dhéanamh.

Agus sin mar a dhéantar éadaí deasa teo as olann na gcaorach.
Ceisteanna
Le plé agus le déanamh