Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An raibh a fhios agat go mbíonn tionchar ag páiste ar aimsir an Domhain? Bhuel, ní go díreach páiste, ach tugtar ‘El Niño’ nó ‘an buachaill’ ar phatrún aimsire a thosaíonn thart ar an am seo gach bliain. Is patrún aimsire iontach cumhachtach é El Niño a tharlaíonn nuair a éiríonn uisce san Aigéan Ciúin níos teo ná mar is gnách. Tugann eolaithe aird mhór ar El Niño gach bliain nó cuireann sé isteach ar an chineál aimsire a bhíonn ann ar fud an Domhain.

Is minic a bhíonn aimsir iontach fliuch in áiteanna mar Mheiriceá Theas agus aimsir níos tirime in áiteanna mar an Astráil agus an Afraic, mar gheall ar El Niño. Ach bíonn sé doiligh na héifeachtaí a thuar. Bliain amháin, thiocfadh leis bheith lag, bliain eile, thiocfadh leis bheith láidir. I mbliana, agus ag dul isteach i 2027, síleann eolaithe go mbeidh an El Niño is measa ann riamh!
Triomach san Astráil
Sa chéad dul síos, thosaigh sé go hiontach luath i mbliana, i mí Lúnasa. Tá sé ag láidriú go gasta agus beidh sé ag an phointe is láidre idir mí na Samhna agus mí na Nollag. Rud eile atá le cur san áireamh ná an téamh domhanda. Tá teas an Domhain ag ardú mar gheall ar dhé-ocsaíd charbóin, i measc rudaí eile, agus fágann sin go mbeidh éifeachtaí El Niño níos measa arís.
Tuile
Tá eolaithe ag caint ar stoirmeacha iontach láidir agus tuilte móra in áiteanna mar Mheiriceá Theas agus Meiriceá Thuaidh agus gorta in áiteanna san Afraic cionn is nach mbeidh go leor uisce ar fáil.

Cad é an difear a dhéanfaidh El Niño ollmhór d’Éirinn, mar sin? Amhail is nach mbíonn sé fliuch go leor, deir na heolaithe go mbeidh an aimsir níos fliche arís agus beidh an ghaoth níos láidre. Chomh maith leis sin, beidh geimhreadh luath ann agus seans go mbeidh sé níos fuaire thart ar mhí Feabhra. Éiríonn sé fuar in Éirinn nuair a bhíonn gaoth anoir nó gaoth aduaidh ann.
Tá aimsir fhuar tuartha do mhí Feabhra
Ceisteanna:
1. Cad é an chiall atá le ‘El Niño’?
2. Cén t-athrú a tharlaíonn san Aigéan Ciúin a thosaíonn El Niño?
3. Cén mhí a thosaigh El Niño i mbliana?
4. Déan comparáid ar an éifeacht a bhíonn ag El Niño ar Mheiriceá Theas agus an éifeacht a bhíonn aige ar an Afraic.
5. Cad iad na hathruithe aimsire ar leith atá tuartha d’Éirinn mar gheall ar El Niño?
Le déanamh:
Léigh an t-alt seo le tuilleadh eolais a fháil ar an athrú aeráide agus téamh domhanda.
In bhur ngrúpaí beaga, déanaigí réamhaisnéis na haimsire d’Éirinn nó fiú don Domhan don gheimhreadh seo. Úsáidigí téarmaí atá san alt nó téarmaí eile atá agaibh féin.
Le plé:
Cad iad na rudaí beaga is féidir linn a dhéanamh le dé-ocsaíd charbóin a laghdú? Cuardaigh ‘téamh domhanda’, ‘athrú aeráide’ agus dé-ocsaíd charbóin’ ar an ardán seo le cuidiú leat.