Saoire 2026

Dé hAoine, an 19ú Meitheamh 2026


Tá na laethanta ag dul i bhfad agus tá corrlá gréine againn. Is ea, tá an samhradh buailte linn agus táimid chóir a bheith críochnaithe leis an scoil don bhliain seo. Agus beimidne ag tógáil sosa go ceann cúpla mí. Ach ná bí buartha, beimid ar ais arís ag tús na scoilbhliana nua!

Agus ná déan dearmad gur teanga bheo í an Ghaeilge agus nach stadann an teanga nuair a dhruideann geata na scoile! Labhair Gaeilge le do chairde scoile sa samhradh, agus más féidir leat, léigh leabhar Gaeilge. Nó, má tá lá fliuch ann nach dtig leat dul amach, thiocfadh leat logáil isteach ar an ardán is fearr leat. Tá na céadta alt suimiúil agus spreagúil ann a dtiocfadh leat iad a fhiosrú!

Beidh go leor ama agat gach rud a dhéanamh nó tá an samhradh fada. Bain úsáid as an am le dul amach faoin aer, le haclaíocht éigin a dhéanamh agus le cuidiú leis na daoine móra sa teach.


Spórt

Tá samhradh lán spóirt againn an samhradh seo. Is iad seo na dátaí a mbeidh na cluichí ceannais ann do na cluichí Gaelacha:


Cluiche Ceannais Iománaíochta: an 19ú Iúil

Cluiche Ceannais Peile na bhFear: an 26ú Iúil

Cluiche Ceannais Peile na mBan: an 2ú Lúnasa

Cluiche Ceannais Camógaíochta: an 9ú Lúnasa

Páirc an Chrócaigh

Tá an Corn Domhanda ar siúl faoi láthair agus go leor eachtraí ann cheana. Beidh an cluiche ceannais ar siúl ar an lá céanna is a bheidh cluiche ceannais na hiománaíochta ach beidh sé ar siúl níos moille sa lá, ar 8.00. Nó b’fhéidir go bhfuil dúil agat sa leadóg – beidh Comórtas Wimbledon ar siúl idir an 29ú Meitheamh agus an 12ú Iúil.

An mbeidh Messi ag tógáil Chorn an Domhain arís i mbliana?

Ceol

Má tá spéis agat sa cheol thraidisiúnta, bíonn na fleánna contae ar siúl ag an am seo den bhliain. Beidh na fleánna cúige ag tosú ag deireadh mhí an Mheithimh agus beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mBéal Feirste i mbliana, idir an 2ú agus an 9ú Lúnasa.

Cibé rud a dhéanann tú an samhradh seo, bain sult as!


Ceisteanna:

1. Cá huair a bheidh muid ar ais le hailt?

2. Cad é a mholann an t-alt a dhéanamh má bhíonn lá fliuch ann?

3. Cá huair a bheidh Cluiche Ceannais Peile na mBan ar siúl?

4. Cén comórtas leadóige atá luaite san alt?

5. Cá mbeidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mbliana?


Le déanamh:

Dear póstaer leis an teideal: ‘Coinnigh do chuid Gaeilge beo sa samhradh!’

Cuir isteach:

    • 3 bhealach leis an Ghaeilge a úsáid

    • Mana cliste


Coinnigh súil amach don Ghaeilge taobh amuigh den scoil i rith na laethanta saoire. (Gheobhaidh tú smaointe san alt seo). Coinnigh taifead ar an mhéid áiteanna ina bhfeiceann tú an Ghaeilge scríofa thart ort.


Múinteoirí:

Tá áiseanna in-íoslódáilte ar fáil anseo a chuidíonn le páistí plé leis an aistriú ó chéim amháin den oideachas go céim eile.


Pictiúir:

Camógaíocht: D. Ribeiro / Shutterstock.com

Páirc an Chrócaigh: Kenneth Byrne Photos / Shutterstock.com

An Corn Domhanda: Erman Gunes / Shutterstock.com

Messi: Fabideciria / Shutterstock.com




meas