Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tá deireadh na scoilbhliana buailte linn - Hurá! 🥳

Agus muid ag tarraingt ar dheireadh mhí an Mheithimh, is dócha go bhfuil na laethanta scoile difriúil anois ón dóigh a raibh siad an chuid is mó den bhliain. Ar ndóigh, bíonn imeachtaí speisialta ag tarlú ag deireadh na scoilbhliana, cosúil le turas ranga, Lá Spóirt agus Féis Filíochta, nó Seó Tallainne, b’fhéidir.

Sna seachtainí deireanacha den scoilbhliain, caithimid go leor ama taobh amuigh fosta - má bhíonn an aimsir tirim go leor! 🌞🤞

Thar aon ní eile, anois an t-am le spraoi a bheith againn ar scoil. Mar sin de, shíl muid go gcruthódh muid cluiche beag Biongó daoibh a thiocfadh libh a imirt le bhur gcairde sa rang. An bhfuil duine ar bith sa rang a rinne gach rud ar an liosta seo i mbliana?! 🤔😆
Cliceáil ar gach cárta. An ndearna tú an rud seo i mbliana?
Le plé agus le déanamh