Lá breithe na Stát Aontaithe

Dé Céadaoin, an 17ú Meitheamh 2026


Is tír measartha nua iad Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM). Tá SAM go díreach 250 bliain d’aois agus beidh a lá breithe á cheiliúradh ar an 4ú Iúil. Ar an lá sin, sa bhliain 1776, d’fhógair 13 stát go mbeadh siad saor ó riail Shasana. Bhí náisiún nua le tógáil agus tá 50 stát ann sa lá inniu.

Tosaíonn Forógra na Saoirse leis na focail ‘We the people . . . ’

Bhí daoine eile ina gcónaí sa cheantar seo sular tháinig na hEorpaigh, ar ndóigh. Chónaigh na bundúchasaigh ann ar feadh na mílte bliain ach brúdh iad amach agus cuireadh iad chuig áiteanna a raibh an talamh bocht. Ní raibh siadsan mar chuid den náisiún nua.

Tá cuid mhaith dá gcuid nósanna ag na bundúchasaigh go fóill

Tá na Stáit Aontaithe ar an tír is cumhachtaí ar domhan anois agus is tír iontach saibhir í chomh maith. Tá cultúr SAM ag spré amach ar fud an domhain. Má fheiceann tú scannán, seans maith gur in Hollywood a rinneadh é. Tagann cuid mhaith den cheol a n-éistimid leis ó Mheiriceá chomh maith.

Is é an prionsabal ar ar bunaíodh na Stáit Aontaithe gur féidir le gach duine bheith difriúil ach le chéile ag an am céanna. Ar an drochuair, níor sheas na Stáit leis an phrionsabal sin i gcónaí.

Dealbh na Saoirse

In áit Rí Shasana bheith i gceannas ar an tír, rinne na 13 stát córas nua. Bheadh Uachtarán ann a roghnaigh an pobal agus bheadh ar an Uachtarán oibriú leis an Chomhdháil, an pharlaimint nua a bhunaigh siad.

Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe

Bíonn féilte móra ar siúl ar an 4ú Iúil agus tinte ealaíne sa spéir san oíche. Is dóigh mhaith eile é leis an phobal a cheangal le chéile. Is cinnte go mbeidh ceiliúradh níos mó acu an 4ú Iúil i mbliana!


Ceisteanna:

1. Cén aois atá ag na Stáit Aontaithe i mbliana?

2. Cad é a tharla ar an 4ú Iúil 1776?

3. Cá mhéad stát a bhí ann ar dtús?

4. Cá mhéad stát atá sna Stáit Aontaithe anois?

5. Cé a bhí ina gcónaí sa cheantar seo sular tháinig na hEorpaigh?


Le déanamh:

Sa téacs, thug muid ainmneacha difriúla ar an tír. Déan liosta díobh. Cad é an ceann is mó a úsáideann tú?


Dear póstaer don 4ú Iúil. Scríobh mana gearr, cuir siombailí agus dathanna Mheiriceá air. Thiocfadh leat tinte ealaíne a chur isteach nó bratach na Stát Aontaithe.


Ní i SAM amháin a ndearnadh leatrom ar na daoine dúchasacha. Léigh tuilleadh faoin choilíniú anseo.


Pictiúir:

Bundúchasaigh in California: HannaTor / Shutterstock.com

Donald Trump: Phil Mistry / Shutterstock.com




meas