Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
An bhfaca tú féileacán ar bith go fóill an samhradh seo? Is feithidí galánta iad na féileacáin. Go minic, bíonn dathanna geala agus patrúin áille orthu.

Ach an raibh a fhios agat go n-athraíonn cruth coirp an fhéileacáin cuid mhór le linn a shaoil? Tosaíonn saolré an fhéileacáin mar ubh bheag ar dhuilleog.

Tagann cruimh bheag (nó larbha) amach as an ubh sin. Tugtar "bolb" ar larbha an fhéileacáin fosta. Itheann an bolb duilleoga agus cuidíonn sin leis fás go gasta.

Nuair a bhíonn an cruimh nó an larbha mór go leor, déanann sé pupa (nó cocún) dó féin. Istigh sa chocún sin, tarlaíonn rud éigin draíochta! Athraíonn an larbha cuid mhór.

Ar deireadh, tagann féileacán fásta amach as an phupa.
Tá na féileacáin iontach tábhachtach don dúlra mar go gcuidíonn siad le bláthanna a fhás, trí phailin a iompar ó bhláth go bláth. Tugtar "pailniú" ar an obair seo, agus tá sé riachtanach chun síolta agus torthaí nua a fhás. Déanann na beacha pailniú fosta. (Is féidir níos mó a léamh faoi na beacha agus pailniú san alt seo.)

Ar an drochuair, tá líon na bhféileacán ag titim bliain i ndiaidh bliana. Deir na heolaithe nach bhfuil ach an leathchuid den líon féileacán ann anois agus a bhí ann caoga bliain ó shin. Ach cad chuige sin?

Bhuel, an chéad chúis leis an laghdú ná go mbímidne, na daoine, ag scriosadh ghnáthóga na bhféileacán. Ní maith le daoine sa lá inniu fálta fiáine ina ngairdíní, agus bhain na feirmeoirí go leor de na fálta faoin tuath le páirceanna níos mó a dhéanamh.
(Tá an gairdín seo néata, ach níl mórán bláthanna ann do na feileacáin.)
Cúis eile le meath na bhféileacán ná lotnaidicídí. Spraeálann feirmeoirí lotnaidicídí ar na plandaí a fhásann siad. Is cineál nimhe iad a stopann na feithidí de bheith ag ithe na bplandaí. Ach téann cuid de na lotnaidicídí ar na fálta thart ar na páirceanna fosta agus bíonn siad nimhiúil do na féileacáin a bhíonn ina gcónaí sna fálta sin.
(feirmeoir ag spraeáil lotnaidicídí ar a pháirc mhór)
Fadhb eile do na féileacáin ná an t-athrú aeráide. Tá an aimsir in Éirinn ag éirí níos teo, ach níos fliche fosta. Ní bhíonn sin fóirsteanach do na féileacáin bhochta.
(Ní maith le féileacáin an fhearthainn.)
Mar sin de, ba chóir dúinn uilig bheith ag cuidiú leis na féileacáin, nó seans nach mbeidh mórán acu fágtha sa tír. Má tá suim agat rud éigin a dhéanamh a chuideoidh leis na féileacáin, gheobhaidh tú cúpla smaoineamh san alt seo.
(Cuideoidh na pictiúir seo leat chun na féileacáin éagsúla a bhíonn le feiceáil in Éirinn a aithint.)
Ceisteanna:
Le plé agus le déanamh: