Bí sábháilte san uisce

Dé Luain, an 15ú Meitheamh 2026


Le teacht na haimsire te, bíonn fonn orainn uilig fuarú. Ceann de na dóigheanna is fearr le fuarú ná dul a shnámh agus tá go leor uisce ag Éirinn le dul a shnámh ann. Cionn is gur oileán beag í Éire, tá an fharraige ar gach taobh dínn. Chomh maith leis sin, tá a lán aibhneacha agus lochanna ann. Ní mór dúinn bheith cúramach, áfach, gach uair a théimid isteach san uisce. Seans go dtarlódh taisme gan choinne am ar bith san uisce, fiú más snámhóir maith muid.

Snámhóir maith

Sa chéad dul síos, is féidir uisce ar bith a bheith contúirteach. Má théimid amach rófhada san fharraige, éireoidh sé domhain agus, go tobann, ní bheidh rud ar bith faoinár gcosa. In amanna eile, bíonn sruthanna láidre ann a tharraingíonn daoine anuas. Má bhíonn tú ag snámh san fharraige, is fearr sin a dhéanamh in áit a mbíonn garda tarrthála.

Garda tarrthála

Bíonn sé níos contúirtí i lochanna agus aibhneacha. Tá salann san fharraige agus cuidíonn sé linn snámh ar bharr an uisce. Ar bhealach, mothaímid níos éadroime san fharraige. Ach san uisce úr i loch nó in abhainn, mothaímid níos troime agus bíonn sé níos deacra snámh ann. Rud eile faoi lochanna ná go nglacann sé tamall fada orthu téamh, fiú ar lá galánta agus thiocfadh leat crampa a fháil in uisce fuar. Má bhíonn tú in abhainn, caithfidh tú bheith cúramach nach sruth ró-láidir atá ann a sciobfadh ar shiúl thú.

Seaicéad tarrthála

Má tá tú ag smaoineamh dul a shnámh, tá seicliosta againn duit:


    • Ná gabh a shnámh leat féin. Déan cinnte de go mbíonn duine fásta leat

    • Má bhíonn tú i loch nó abhainn, caith seaicéad tarrthála

    • Má bhíonn tú ag snámh cois trá, fan san áit a dtig leis an gharda tarrthála tú a fheiceáil (má bhíonn ceann ann)

    • Ná gabh san uisce má fheiceann tú bratach dhearg

    • Ná bí ag pleidhcíocht le cairde san uisce, go háirithe má tá an t-uisce domhain (nó mura bhfuil a fhios agat cé chomh domhain is atá sé)

    • Bí san airdeall i gcónaí ar eagla go mbeadh deacrachtaí ag duine eile. Má fheiceann tú duine ag streachailt – faigh cuidiú ó dhuine fásta!

An rud is tábhachtaí – bain sult as an uisce!


Ceisteanna:

1. Cad chuige a mbíonn fonn ar dhaoine dul a shnámh sa samhradh?

2. Cad chuige ar chóir dúinn bheith cúramach san uisce i gcónaí?

3. Cá háit ar fearr dul a shnámh san fharraige?

4. Cad chuige a mbíonn sé níos deacra snámh in uisce úr?

5. Cá huair ba chóir seaicéad tarrthála a chaitheamh?


Le déanamh:

An dtig leat smaoineamh ar dhóigheanna ar bith eile le cuidiú le daoine bheith níos sábháilte san uisce?


Déan póstaer sábháilteachta uisce leis na leideanna sábháilteachta a chur i gcuimhne do dhaoine.


Don mhúinteoir:

Seans go mbeadh cuid den eolas ar an leathanach seo úsáideach sa rang.


Pictiúir:

Páistí ag súgradh san uisce: tolga ildun / Shutterstock.com

Garda tarrthála: Carlovis / Shutterstock.com


meas