Corn Domhanda 2026

Dé hAoine, an 12ú Meitheamh 2026

Tá Corn Domhanda na bhFear faoi lán seoil anois. Inné, bhí an chéad chluiche ann idir Meicsiceo agus an Afraic Theas. Níl ach 103 cluiche le teacht ina dhiaidh! Seo an Corn Domhanda is mó riamh agus 48 foireann san iomlán ó gach cearn den domhan. Tá na tíortha móra ann, an Fhrainc, Sasana, an Airgintín agus an Spáinn. Ar a bharr sin, tá tíortha ann den chéad uair nach bhfuil an oiread sin seans acu, tíortha mar Cabo Verde, Curaçao, an Iordáin agus an Úisbéiceastáin.

Staid MetLife

Mairfidh an comórtas 39 lá, níos mó ná mí iomlán, agus beidh an cluiche ceannais ar siúl ar an 19ú Iúil i Staid MetLife i New Jersey. San iomlán, imreofar na cluichí in 18 gcathair éagsúla, dhá cheann i gCeanada, trí cinn i Meicsiceo agus 11 cheann sna Stáit Aontaithe. I mbliana, beidh ar an fhoireann a thógfaidh an corn 8 gcluiche a imirt cionn is go bhfuil líon ard tíortha ann.

Dembélé

Is seans é Corn an Domhain le cuid de na peileadóirí is fearr ar domhan a fheiceáil ar an pháirc le chéile, rud nach dtarlaíonn go minic nó imríonn na peileadóirí seo i sraitheanna éagsúla i dtíortha éagsúla.

Kylian Mbappé

Duine de na peileadóirí is aitheanta ar domhan na laethanta seo ná Ousmane Dembélé, a imríonn don Fhrainc. Scóráil sé cúl tábhachtach do PSG in éadan Arsenal i Sraith na gCuradh ar na mallaibh. Tá Kylian Mbappé ar fhoireann na Fraince chomh maith agus thiocfadh leis bheith go hiontach má bhíonn deis aige imirt.

Pedri

Imríonn Achraf Hakimi do PSG chomh maith le Maracó. Cé go n-imríonn sé mar chosantóir, bíonn tionchar mór aige ar na cluichí a mbíonn sé iontu. Tá Pedri ann, ar ndóigh, ón Spáinn, fear a imríonn i lár na páirce agus Vitinha ón Phortaingéil. Nó b’fhéidir go mbeidh d’aird ar Harry Kane, imreoir Bayern Munich a bheidh ag imirt do Shasana. Cibé foireann a dtugann tú tacaíocht di, beidh fanacht fada agat go dtí an cluiche ceannais!

Harry Kane

Ceisteanna:

1. Cá mhéad foireann a bheidh páirteach i gCorn an Domhain i mbliana?

2. Cá fhad a mhairfidh an comórtas?

3. Cén staid ina mbeidh an cluiche ceannais?

4. Cén club a n-imríonn Ousmane Dembélé dó?

5. Cén tír a n-imríonn Harry Kane di?


Le plé:

Cén fhoireann a bhainfidh Corn an Domhain i mbliana?


An rud maith é go bhfuil 48 tír páirteach i gCorn an Domhain i mbliana?


Le déanamh:

Roghnaigh peileadóir amháin atá luaite san alt agus scríobh 3 abairt faoi.


Pictiúir:

Corn an Domhain: fifg / Shutterstock.com

Bratacha: Mohammet Amin / Shutterstock.com

Staid MetLife: Marcus E Jones / Shutterstock.com

Dembélé: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Mbappé: Victor Velter / Shutterstock.com

Pedri: Maciej Rogowski Photo / Shutterstock.com

Harry Kane: Orange Pictures / Shutterstock.com




meas