An chéad fhíseán riamh de Shiorc Mór Bán sa Mheánmhuir

Déardaoin, an 11ú Meitheamh 2026

An siorc mór bán ó fhíseán Derk


Tá eolaithe ar bís i ndiaidh dóibh an chéad fhíseán riamh a fháil de shiorc mór bán sa Mheánmhuir. Tá an tumadóir a thóg an físeán, Derk Remmers, ar bís fosta. “Go matamaiticiúil,” arsa Derk, “ba mhó seans go mbainfeá an crannchur náisiúnta ná ceann de na créatúir seo a fheiceáil beo beathach san fharraige!”

De ghnáth, samhlaímid an siorc mór bán le háiteanna amhail Meiriceá nó an Astráil


De ghnáth, nuair a smaoinímid ar an siorc mór bán, smaoinímid ar na farraigí amach ó chósta Mheiriceá, cósta na hAfraice Theas nó cósta na hAstráile. Ach bhí a fhios ag eolaithe le fada fada an lá go bhfuil pobal siorcanna bána ina gcónaí sa Mheánmhuir. Thar na blianta, tháinig siad ar fhiacla, d’éirigh le corrdhuine pictiúr a fháil agus tháinig na céadta scéal isteach ó iascairí sa Mheánmhuir a dúirt go bhfaca siad siorc bán. Sa bhliain 2023, cheap iascairí ón Spáinn siorc bán óg ina n-eangach go fiú.

Tá an Mheánmhuir suite idir tuaisceart na hAfraice agus deisceart na hEorpa


Ach seo an chéad uair riamh a fuair muid spléachadh ar shiorc bán fásta ag snámh go nádúrtha ina ghnáthóg féin. Síleann eolaithe nach bhfuil ach pobal beag de shiorcanna bána sa Mheánmhuir agus go bhfuil siad scartha ó na pobail eile de shiorcanna bána ar domhan leis na mílte bliain. Ach is beag ar fad an t-eolas atá againn orthu.

Seo an chéad uair riamh a fuair muid físeán de shiorc mór bán fásta ag snámh sa Mheánmhuir


Níl a fhios againn cá mhéad acu go díreach atá ann nó cé na háiteanna a gcaitheann siad a gcuid ama. Níl a fhios againn, ach an oiread, cén áit a dtéann siad leis na hóga a bheith acu. Rud a shíleann na heolaithe, áfach, ná go bhfuil pobal na siorcanna móra bána sa Mheánmhuir i mbaol mór sa lá atá inniu ann, mar gheall ar athrú aeráide agus mar gheall ar an ró-iascaireacht.

Téann Derk agus na tumadóirí seo síos le sean-eangacha iascaireachta caillte a bhaint amach as an fharraige. Déanann na heangacha seo dochar mór d’éisc agus d’ainmhithe eile san fharraige


Gearrann siad na heangacha agus ansin, nuair a thógann siad amach as an fharraige iad, déanann siad iad a athchúrsáil

Bhí Derk amuigh ag tumadh i lár na farraige idir an tSicil, oileán ar chósta na hIodáile, agus an Túinéis, tír ar chósta thuaidh na hAfraice. Baineann sé le grúpa a bhíonn ag iarraidh na farraigí a dhéanamh níos sábháilte d’éisc agus d’ainmhithe mara eile tríd eangacha caillte a thógáil ó ghrinneall na farraige. Téann ainmhithe i bhfostú sna heangacha seo agus faigheann siad bás.

Bhí lúcháir air nuair a fuair sé an físeán. Tá súil aige go gcuideoidh sé linn níos mó a fhoghlaim faoi na siorcanna galánta seo le go dtig linn iad a chosaint níos fearr. 


📸 Grianghraif (diomaite den 2ú grianghraf agus den léarscáil) le Derk Remmers | Ghost Diving, ó phreaseisiúint de chuid Healthy Seas 

🦈 An chéad fhíseán riamh de shiorc mór bán sa Mheánmhuir

📹 Físeán le Derk Remmers
🌊 Tríd Healthy Seas Foundation agus Ghost Diving (ar na meáin shóisialta)

🦈 Ceisteanna Tuisceana

1. Cén t-ainmhí a bhí le feiceáil san fhíseán nua?

2. Cé a thóg an físeán?

3. Cá raibh Derk Remmers ag tumadh nuair a chonaic sé an siorc?

4. Cad é an dá rud atá luaite san alt a chuireann pobal na siorcanna bána sa Mheánmhuir i mbaol?

5. Luaigh rud amháin NACH bhFUIL ar eolas gainn faoi na siorcanna bána sa Mheánmhuir.

6. Cad é a dúirt Derk faoin seans go bhfeicfeá siorc mór bán sa Mheánmhuir?

💬 Pointí Plé

🦈 Cad iad na cineálacha rudaí a dhéanann daoine a chuireann an fharraige i mbaol?

🌍 Dá dtiocfadh leat staidéar a dhéanamh ar ainmhí fiáin amháin ar domhan, cén t-ainmhí a bheadh ann agus cén fáth?

🎲 Mata: Dóchúlacht

🤔 Cad é an rud dóchúlacht?

Is é a chiallaíonn dóchúlachtan seans go dtarlóidh rud éigin.

✅ Má tá rud dóchúil, tá seans maith ann go dtarlóidh sé.

Is dóchúil (nó, is dócha) go mbeidh fearthainn ann amárach.

❌ Má tá rud neamhdhóchúil, níl seans maith ann go dtarlóidh sé.

Is neamhdhóchúil (nó, ní dócha) go mbainfidh Éire Corn an Domhain i mbliana.

🦈 Dúirt Derk gur mó seans go mbainfeá an crannchur náisiúnta ná siorc mór bán a fheiceáil san uisce.

🎰 Is é an dóchúlacht go mbainfeá Crannchur Náisiúnta na hÉireann ná 1 as 10,737,573.

📊 Ciallaíonn sé sin, dá n-imreofá an crannchur 10,737,573 uair, go mbeadh dóchúlacht ann go mbainfeá an phríomhdhuais uair amháin.*

* Ní chiallaíonn sé gur cinnte go mbainfeá an phríomhdhuais dá n-imreofá an crannchur 10,737,573 uair.

📋 Gníomhaíocht 1

Cuir na himeachtaí seo in ord ón cheann is dóchúla go dtí an ceann is neamhdhóchúla.

🌧️ a) Báisteach a bheith ann amárach in Éirinn.

🎲 b) 6 a fháil ar dhísle.

🎰 c) Príomhdhuais Chrannchur Náisiúnta na hÉireann a bhaint.

🦈 d) Siorc mór bán a fheiceáil i Loch nEathach.

🪙 e) Ceann a fháil nuair a chaitheann tú bonn in airde.

✏️ Gníomhaíocht 2

Tomhais an dóchúlacht a bhaineann leis na rudaí seo.

Scríobh do fhreagra mar: “1 as ___”.

🎲  a. 6 a fháil ar dhísle.

🪙  b. Ceann a fháil nuair a chaitheann tú bonn.

🃏  c. Rí a fháil nuair a roghnaíonn tú cárta amháin as paca de 52 cárta.

🎂  d. Do bhreithlá a bheith ann ar an 25 Nollaig.

🎰  e. An phríomhdhuais a bhaint i gCrannchur Náisiúnta na hÉireann.


 Bain triail as an chluiche seo ar an dóchúlacht –

🂱 Níos airde nó níos ísle 🂱 


meas