Dathanna sa Timpeallacht

An Mháirt, an 9ú Meitheamh, 2026


Tá dathanna gach áit thart orainn.

Amharc thart timpeall ort anois.

Cad iad na dathanna is féidir leat a fheiceáil?


Amharc ar do chuid éadaí.

Cá mhéad dath atá tú ag caitheamh faoi láthair?


Cad é an dath is fearr leat?

Tá dathanna geala ann agus dathanna dorcha chomh maith.



Dearg

Tá na rudaí seo dearg:

Úll dearg, silíní, tráta agus sútha talún

Bíonn geansaí an Dúin dearg (agus dubh).

Oráiste

Rudaí atá oráiste:

Oráiste, cairéad, iasc órga agus liathróid chispheile

tíogar

Geansaí Ard Mhacha

Buí

Rudaí atá buí:

An ghrian, an gaineamh agus líomóid

Banana

Lus an chromchinn

Geansaí Aontroma

Glas

Duilleoga, féar, úll glas agus líoma

Geansaí Luimní

Gorm

An spéir agus an fharraige

Bríste géine

Súile

Geansaí an Chabháin

Corcra

Fíonchaora, plumaí, feochadán (an bláth) agus cróch

Bándearg

Muca

Rósanna bándearga

Lasairéin

Tiúilipí bándearga

Flas candaí

Dubh

Sciathán leathair

Gual

Préachán

Sméara dubha

Bán

Geansaí Thír Eoghain (dearg agus bán)

Uachtar reoite

Plúiríní sneachta

Uachtar bainne

Donn

Bear donn, cré agus adhmad

Seacláid

Liath

rón agus clocha

Luchóg

Eilifint agus dobhareach


Dathanna a mheascadh

An bhfuil a fhios agat an rud a tharlaíonn nuair a mheascann tú dathanna áirithe le chéile? Déanann siad dath nua!

Bán + Dearg ➡️ Bándearg

Dearg + Gorm ➡️ Corcra

Buí + Dearg ➡️ Oráiste

Gorm + Buí ➡️ Glas

Dubh + Bán ➡️ Liath

Dearg + Buí + Gorm ➡️ Donn


Bain triail as na dathanna a mheascadh tú fein leis an chluiche seo.


Ceisteanna

  1. Cad é an dáth a bhíonn ar thráta, de ghnáth?
  2. Ainmnigh ainmhí amháin atá donn.
  3. Cén dath a fhaigheann tú má mheascann tú gorm agus buí le chéile?
  4. Ainmnigh trí rud atá gorm.
  5. Cad iad na dathanna a mheasctar le donn a fháil?


Le plé agus le déanamh

Ealaín: Bain triail as dathanna péinte a mheascadh le dathanna nua a chruthú mar atá molta thuas.

Cluiche: Ar imir tú “feicim rud le mo shúilín beag” riamh? Bain triail as an chluiche, ag úsáid na ndathanna, mar shampla: “Feicim rud le mo shúilín beag, rud atá… dearg / oráiste / buí / glas / gorm, srl.”

Dathanna na gContaetha: Tá roinnt contaetha luaite san alt, ach amharc ar dhathanna na gContaetha éagsúla ar fad. Cuir i ngrúpaí iad de réir a ndathanna.


meas