Leictreachas

An 8ú Meitheamh, 2026


Bíonn leictreachas de dhíth ar dhaoine gach lá. Úsáideann muid é lenár soilse a chur ar siúl, le bheith ag amharc ar an teilifís, agus lenár mbia a choinneáil fuar sa chuisneoir.


Is cineál fuinnimh é leictreachas, agus bogann an fuinneamh seo go hiontach gasta tríd shreanga faoin talamh agus san aer.


Cá as a dtagann an leictreachas?

Bíonn leictreachas le fáil sa nádúr, in amanna, ach an leictreachas a úsáidimidne, bíonn orainn é a ghiniúint.

(samplaí de leictreachas nádúrtha - tintreach agus eascann leictreach).


Tá dhá phríomhbhealach ann le leictreachas a ghiniúint.


  1. Breoslaí Iontaise (nó Breoslaí Salacha)

Le fada an lá, tá daoine ag giniúint leictreachais tríd ghual, ola, agus gás a dhó.


Nuair a dhónn siad na breoslaí seo, déanann siad uisce a théamh le gal a chruthú. Tiontaíonn an ghal innill mhóra, ar a dtugtar tuirbíní, agus déanann sin an leictreachas.


Tarlaíonn an obair seo in áit darb ainm stáisiún cumhachta.


⚠️ Ach, tá fadhbanna leis an phróiseas seo:

  • Déanann sé an t-aer agus an timpeallacht a thruailliú le gáis atá dochrach.
  • Tiocfaidh deireadh leis na breoslaí seo lá éigin (mar dónn siad go gasta, ach ghlac sé na milliúin bliain lena gcruthú) .

(truailliú san aer)


2. Cumhacht In-athnuaite (Cumhacht Ghlan)

Is é an bealach is fearr le leictreachas a ghiniúint ná tríd fhuinneamh in-athnuaite a úsáid. Ciallaíonn in-athnuaite go dtagann sé ó fhoinsí nádúrtha a bhíonn i gcónaí ar fáil. Ní bheidh deireadh leis an chineál sin fuinnimh.

Seo samplaí d’fhuinneamh in-athnuaite:

  • An Ghaoth: Tiontaíonn na liáin ar thuirbíní móra gaoithe nuair a shéideann an ghaoth. Athraíonn meaisín speisialta (ar a dtugtar gineadóir) an fuinneamh sin go leictreachas. Tá an próiseas seo glan, ní chuireann sé gás ar bith dochrach amach san aer.


  • An tUisce: Is féidir gluaiseacht an uisce (mar shampla, in aibhneacha nó dambaí) a úsáid le tuirbíní a thiontú fosta. Tugaimid cumhacht hidrileictreach ar an chumhacht a ghintear trí ghluaiseacht an uisce. Tá an próiseas seo glan chomh maith.

(damba hidrileictreach)


  • An Ghrian: Is féidir fuinneamh na gréine a bhailiú le painéil ghréine. Déanann na painéil seo solas na gréine a athrú go leictreachas. Cuidíonn sé seo leis an timpeallacht agus sábhálann sé airgead ar bhillí fosta.


Mar sin de, má bhainimid níos mó úsáide as an ghrian, an ghaoth, agus an t-uisce, beidh muid uilig ag cuidiú leis an domhan a choinneáil slán don todhchaí.


Ceisteanna

  1. Cad é mar a bhíonn an leictreachas in úsáid ag daoine gach lá?
  2. Cad é an cineál leictreachais a bhíonn le fáil sa nádúr?
  3. Ainmnigh na trí bhreosla iontaise a dhóitear chun leictreachas a ghiniúint i stáisiún cumhachta.
  4. Cad é mar a ghintear an leictreachas i stáisiún cumhachta?
  5. Cad iad an dá fhadhb a bhaineann le breoslaí iontaise a úsáid?
  6. Mínigh cad is brí leis an fhocal 'in-athnuaite' maidir le foinsí fuinnimh.
  7. Cad é mar a úsáidtear uisce le leictreachas a dhéanamh?
  8. Cén t-ainm atá ar an chineál cumhachta a chruthaítear tríd ghluaiseacht uisce?


Le plé agus le déanamh

1. Eolas Breise:

Is féidir eolas breise faoi Leictreachas, dóighanna a gcruthaítear é agus a n-úsáidtear é a léamh anseo.


2. Stáisiún Cumhachta a dhearadh:

Tarraing nó tóg mionsamhail de stáisiún cumhachta a úsáideann ceann amháin de na foinsí in-athnuaite (an ghaoth, an ghrian nó an t-uisce). Mínigh an dóigh a n-oibríonn do stáisiún agus an fáth ar roghnaigh tú an fhoinse sin don áit a bhfuil sé suite.


3. Taighde agus Scríbhneoireacht:

Déan taighde ar fhoinse fuinnimh in-athnuaite eile nach bhfuil luaite san alt (m.sh. fuinneamh geoiteirmeach nó fuinneamh taoide). Scríobh alt beag a mhíníonn an dóigh a n-oibríonn sé agus an fáth a bhfuil sé glan.


4. Fógra Teilifíse a chruthú:

Cruthaigh póstaer nó script le haghaidh fógra teilifíse (30 soicind) a spreagfaidh daoine fásta le húsáid níos mó a bhaint as cumhacht ghlan chun cuidiú leis an domhan a choinneáil slán don todhchaí.


5. Matamaitic agus An Domhan Thart Orainn:

Déan liosta de 5 bhealach shimplí inar féidir le daoine leictreachas a shábháil sa bhaile. Cuir liostaí an ranga i gcomparáid lena chéile. Cé acu smaoineamh a shábhálfaidh an meid is mó airgid, bhur mbarúil?


meas