Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Bíonn leictreachas in úsáid ag daoine ar fud an domhain gach uile lá. Baineann muid feidhm as lenár soilse a lasadh, lenár ríomhairí agus teilifíseáin a chur ar siúl, lenár mbia a choinneáil fuar inár gcuisneoirí agus leis an uisce a théamh inár gcitil.

Ach cá as a dtagann an leictreachas agus cad é mar a thagann sé isteach inár dtithe?
Leanaimis scéal an leictreachais!

Cad é an rud é leictreachas?
Is fuinneamh é leictreachas. Bíonn fuinneamh de dhíth ar rudaí le bogadh, le téamh nó le fuarú. Bogann leictreachas go han-ghasta tríd shreanga agus is féidir é a úsáid le cumhacht a sholáthar do gach sórt innill.

Is rud nádúrtha é leictreachas, ach gintear an cineál leictreachais a úsáidimid gach lá. Mar sin de, déantar é tríd fhoinsí éagsúla fuinnimh a úsáid. Tá neart dóigheanna ann le leictreachas a ghiniúint. Amharcfaidh muid ar chuid acu anois.
(Is cineál de leictreachas nádúrtha í an tintreach)
Breoslaí iontaise
Le tamall fada anuas, gineadh leictreachas tríd bhreoslaí a úsáid. An rud atá i gceist le breosla ná ábhar a dhóitear chun teas nó cumhacht a sholáthar.
(breosla á dhó)
Nuair a bhíonn daoine ag caint ar na “breoslaí iontaise”, is iad gual, ola agus gás a bhíonn faoi chaibidil acu. Dóitear na breoslaí seo chun uisce a théamh agus chun gal a chruthú. Tiontaíonn an gal innill mhóra darb ainm tuirbíní agus gineann sé sin an leictreachas.
Tá míbhuntáistí ann, áfach, le breoslaí iontaise a úsáid ar an dóigh seo. Ghlac sé na céadta míle bliain ar na breoslaí seo forbairt faoin talamh nó faoin fharraige. Dóitear iad go hiontach gasta, áfach. Mar sin de, beidh deireadh leo ar fad, luath nó mall. Ina theannta sin, truaillíonn siad an timpeallacht mar scaipeann siad cuid mhór gás nach bhfuil maith don chomhshaol. (Is féidir níos mó a léamh faoi sin anseo.) https://newsdesk.c2kschools.net/c/newsdesk/news/29131 ]

Cumhacht in-athnuaite
Is cineál fuinnimh í an chumhacht in-athnuaite ar féidir í a ghiniúint as ábhair nach rithfidh muid amach astu. Murab ionann is na breoslaí iontaise, ní thiocfaidh deireadh leis an chumhacht in-athnuaite.

Samplaí de Chumhacht in-athnuaite:
Cumhacht na gaoithe – is féidir leictreachas a ghiniúint as cumhacht na gaoithe. Tá tuirbíní móra gaoithe ann a bhfuil lanna móra acu a thiontaíonn nuair a shéideann an ghaoth. Tugann an tiontú seo fuinneamh do ghineadóir. Is meaisín é an gineadóir a athraíonn fuinneamh go leictreachas. Tá cumhacht na gaoithe in-athnuaite mar ní stopfaidh an ghaoth de bheith ag séideadh. Chomh maith leis sin, bíonn an ghaoth “glan” mar fhoinse fuinnimh, níl aon truailliú ag baint léi.

Cumhacht an uisce – is féidir leictreachas a ghiniúint tríd uisce a úsáid, de ghnáth ó aibhneacha nó ó dhamba. Tiontaíonn gluaiseacht an uisce tuirbíní móra agus gineann sin leictreachas. Tugtar cumhacht hidrileictreach ar chumhacht a ghintear le huisce. Arís eile, tá sé seo glan agus ní bhaineann aon truailliú leis.
(damba hidrileictreach)
Cumhacht na gréine – ceann de na foinsí leictreachais is tábhachtaí sa lá atá inniu ann ná cumhacht ón ghrian. Tagann fuinneamh gréine ón ghrian agus bailítear é i bpainéil ghréine. De ghnáth, cuireann daoine painéil ghréine ar dhíon foirgnimh nó sa pháirc. Bíonn na painéil ghréine déanta as ábhar speisialta atá in ann solas na gréine a thiontú go leictreachas. Fiú ar laethanta scamallacha, thig leis na painéil ghréine cumhacht a chruthú.

Cén fáth a bhfuil painéil ghréine tábhachtach do thithe agus do ghnóthaí?
Tá fuinneamh gréine glan agus maith don timpeallacht. Má bhíonn painéil ghréine agat, is féidir leat do leictreachas féin a ghiniúint. Ciallaíonn sé seo gur féidir le teaghlaigh níos lú leictreachais a úsáid ó na stáisiúin chumhachta, rud a chiallaíonn go dtig leo airgead a shábháil ar a gcuid billí.
(stáisiún cumhachta)
In amanna, is féidir leis na painéil ghréine ar theach nó ar fhoirgneamh níos mó leictreachais a ghiniúint le linn an lae ná mar a bhíonn de dhíth ar an teach, nó ar an fhoirgneamh sin. (Tarlaíonn seo ar lá thar a bheith grianmhar, mar shampla.) Ach, sa lá inniu, ní gá an leictreachas breise a chur amú. Ina ionad sin, is féidir é a stóráil lena úsáid níos moille nó é a chur ar ais sa chóras leictreachais chun cuidiú le daoine eile.

Bíonn an leictreachas á stóráil i gcadhnra. Fágann sé seo go mbeidh an leictreachas ar fáil níos moille. I dtithe a bhfuil páinéil ghréine orthu agus cadhnraí baile acu, thig leat an leictreachas a ghintear le linn an lae a stóráil agus é a úsáid san oíche nuair a bhíonn an ghrian imithe faoi.
Tá cadhnraí baile tábhachtach mar:

Leictreachas i ngnóthaí
Bíonn a lán leictreachais de dhíth ar ghnóthaí agus áiteanna eile ina mbíonn daoine ag obair. Mar shampla, braitheann siopaí, oifigí, monarchana agus scoileanna uilig ar leictreachas. Gan sin, ní bheadh na hinnill, na ríomhairí, na soilse ná fiú an teas ag obair iontu.

Úsáideann go leor gnóthaí painéil ghréine, rud a chuidíonn leo a gcuid costas a ísliú agus truailliú a laghdú. Ar an dóigh chéanna le gnáth-theach, is féidir leo leictreachas a stóráil má bhíonn cadhnraí acu agus é a úsáid nuair a bhíonn an-éileamh air, nó nuair a bhíonn leictreachas ón ghréasán daor.

Thig le gnóthaí a bheith níos seasmhaí má úsáideann siad cumhacht na gréine agus cadhnraí. Má theipeann ar an chóras cumhachta ón ghréasán, is féidir an leictreachas atá stóráilte sna cadhnraí a úsáid leis na gnóthaí a choinneáil ag dul.

Cén fáth a bhfuil fuinneamh glan chomh tábhachtach sin?
Má bhainimid úsáid as foinsí in-athnuaite don leictreachas (cosúil leis an ghrian, an ghaoth agus an t-uisce), cuidíonn sé go mór leis an domhan a chaomhnú.

Ní féidir rith amach as na foinsí in-athnuaite seo. Buntáiste eile leo, ná nach gcruthaíonn siad mórán truaillithe. Cuidíonn siad leis an athrú aeráide a mhoilliú fosta. Tríd phainéil ghréine agus cadhnraí a úsáid i dtithe agus i ngnóthaí, thig le daoine cinntí níos cliste a dhéanamh faoin fhuinneamh agus todhchaí níos glaine a chruthú don domhan seo.

An todhchaí
Tá leictreachas de dhíth ar chóir a bheith gach duine ar an phláinéad seo, agus bíonn sé tábhachtach smaoineamh faoin dóigh a ngintear é. Tá painéil ghréine, cadhnraí agus foinsí in-athnuaite fuinnimh uilig ag cuidiú linn bogadh i dtreo todhchaí níos glaine.

Mar sin de, an chéad uair eile a chuireann tú solas ar obair, bí ag smaoineamh: “Cá as ar tháinig an leictreachas seo?” B’fhéidir gur ón ghrian, ón ghaoth nó ón uisce a tháinig sé, agus más rud é gur tháinig sé ó fhoinse atá in-athnuaite, is amhlaidh is fearr é don domhan.
Ceisteanna
Le plé agus le déanamh: