Ná díol do chearc lá fliuch!

Dé hAoine, an 5ú Meitheamh 2026


Tá comhairle thar a bheith maith sa seanfhocal seo más feirmeoir sicíní thú. Tá súil againn, mar sin, má tá sicíní ag aon duine agaibhse, nár ghlac sibh lá saor an tseachtain seo le do chearc a thabhairt chun an mhargaidh, nó bhí sé ag stealladh achan lá go dtí seo!

Ach, cén fáth nár cheart dúinn cearca a dhíol agus báisteach ann? Bhuel, tá fáth iontach simplí ann, má smaoiníonn tú faoi…

Cearc fhliuch agus cuma shraoilleach uirthi


Nuair a bhíonn sé ag cur, éiríonn cleití na circe fliuch agus greamaíonn siad dá corp. Cuireann sé seo cuma shraoilleach thanaí ar an chearc. Beidh cuma bhrónach uirthi agus ní bheidh duine ar bith ag iarraidh í a cheannach. Sin, nó gheobhaidh tú drochphraghas uirthi. 

Ach cuma bhreá ar an gcearc seo agus a cuid cleití tirim


Mar sin, is fearr fanacht go dtí go mbeidh am níos fearr ann – lá tirim grianmhar, mar shampla. Beidh cuma bhreá ar an chearc agus an ghrian ag lonrú anuas ar a cleití!

Mar a bhíonn amhlaidh le chuile sheanfhocal – tá comhairle anseo do chaon duine, ní do na feirmeoirí sicíní amháin…

Ná déan aon rud faoi dheifir. Fan go dtí an t-am ceart leis an rud a dhéanamh. Ná déan rud go tobann má bhíonn fearg ort nó má bhíonn tú míshásta. Tarraing anáil agus smaoinigh faoin rud mar is ceart. B’fhéidir gurbh fhearr fanacht, go dtí am níos fearr, agus an rud a dhéanamh i gceart, le go bhfaighidh tú an toradh is fearr is féidir. 

Fan go dtí an t-am ceart má bhíonn rud le déanamh agat…


Sin, nó b’fhéidir gurbh fhearr gan an rud a dhéanamh (nó an chearc a dhíol) ar chor ar bith! 


Achan, Chuile, agus Chaon…

Ar thug tú na focail seo faoi deara san alt, agus cló dearg orthu?

Taobh amuigh de na Gaeltachtaí in Éirinn, foghlaimímid uilig an focal gach.

Gach lá, gach duine, gach Satharn… srl.

Ach má éisteann tú leis na seandaoine sna Gaeltachtaí, ní chluineann tú an focal gach leis féin chomh minic sin.

Go minic, cuirtear focail eile leis (gach agus aon mar shampla).

1. gach + aon = chaon

I roinnt áiteanna, nuair a cuireadh gach agus aon le chéile, fuarthas an focal chaon.

dhá ubh i nead

Beireann an chearc dhá ubh chaon lá.

2. gach + uile = chuile

Uaireanta eile, cuireadh na focail gach agus uile le chéile agus fuarthas an focal chuile.

coileach dubh agus cearca sa chúlra

Ba cheart do chuile fheirm coileach a bheith aici.

3. gach + aon = achan

I nDún na nGall, cuireann siad gach agus aon le chéile agus faigheann siad an focal achan.

an coileach ag fógairt an lae

Músclaíonn an coileach mé achan mhaidin!

Agus lena dhéanamh níos láidre…

In amanna, i nDún na nGall arís, leis an abairt a dhéanamh níos láidre, úsáideann siad achan agus uile le chéile.

ciseán uibheacha agus cearc sa chúlra

Ithim uibheacha don bhricfeasta achan uile mhaidin!


Ceisteanna Tuisceana

1. Dar leis an alt, cén fáth nach bhfuil sé ciallmhar cearc a dhíol lá fliuch?

2. Cad é a tharlaíonn do chleití na circe nuair a bhíonn siad fliuch?

3. Cén cineál aimsire a bheadh níos fearr má tá cearc le tabhairt chun an mhargaidh agat?

4. Cén chomhairle a thugann an seanfhocal dúinn faoi chinntí a dhéanamh?

5. Cad é a chiallaíonn na focail achan, chuile, agus chaon?


Pointí Plé

🐓 An ndearna tú cinneadh riamh nuair a bhí tú feargach nó crosta? Cad é a tharla?

🐓 An aontaíonn tú leis an seanfhocal seo? Cén fáth?

🐓 Cén fáth a mbíonn sé tábhachtach an t-am ceart a roghnú chun rud éigin a dhéanamh? Tabhair sampla.

🐓 Cén sórt rudaí a tharlaíonn má dhéanaimid rudaí faoi dheifir?

🐓 Dá mbeifeá ag iarraidh rud éigin tábhachtach a dhíol (rothar, carr, teach, srl.), cén fáth a mbeadh cuma an ruda tábhachtach?



meas