Lá Feasachta ar an Intleacht Shaorga 2026

Déardaoin, an 4ú Meitheamh 2026


Callaire cliste

Ar iarr tú riamh ar challaire cliste amhráin a thaitníonn leat a chasadh? Nó an ndearna tú pictiúr iontach tríd roinnt orduithe a thabhairt don ríomhaire? Más ea, d’úsáid tú an Intleacht Shaorga, nó AI, le cuidiú leat. Ach cionn is go ndéanann an Intleacht Shaorga cuid den smaointeoireacht ar do shon, ní mór dúinn bheith airdeallach faoin dóigh a n-úsáidimid í. Agus tá lá speisialta ann leis na ceisteanna seo a phlé, Lá Feasachta ar an Intleacht Shaorga, an 4ú Meitheamh.

Cuidíonn an Intleacht Shaorga le ríomhairí fadhbanna a réiteach trína ligean dóibh foghlaim ó eolas a bhailíonn siad agus tríd chinntí dá gcuid féin a dhéanamh. Tá sí le feiceáil níos mó agus níos mó i ngach cuid den saol na laethanta seo. San áireamh, tá:

    • Sláinte: cuidíonn sí le dochtúirí galair a aimsiú níos gasta

    • Siamsaíocht: molann sí ceol, scannáin nó cluichí duit bunaithe ar do roghanna roimhe

    • Oideachas: déanann sí an fhoghlaim níos gasta

    • Taisteal: tá carranna agus busanna ann anois a thiomáineann iad féin

Carr gan tiománaí

Ach tá an Intleacht Shaorga iontach cumhachtach agus beidh orainn bheith cúramach léi le go mbeidh muid ábalta í a úsáid i gceart. Beidh orainn uilig scileanna nua a fhorbairt le go mbeidh muidne ag stiúradh na hIntleachta Saorga in ionad í muidne a stiúradh!

Seo roinnt samplaí de chontúirtí a bhaineann leis an Intleacht Shaorga:


1. Is féidir léi eolas, físeáin agus pictiúir nach bhfuil fíor a dhéanamh. Cén dóigh a dtig linn bheith cinnte go bhfuil rud éigin fíor?

2. Is maith léi eolas fúinn a bhailiú ach an bhfuil drochúsáid á baint as ár gcuid sonraí?.

3. Má bhímid ag brath uirthi barraíocht, an gcaillfidh muid an cumas bheith ag smaoineamh dúinn féin agus bheith ábalta fadhbanna a réiteach?

Tá an domhan ag athrú go gasta – ní mór dúinn uilig bheith eolach ar na hathruithe.


Ceisteanna:

1. Cén dáta a mbíonn Lá Feasachta ar an Intleacht Shaorga ar siúl?

2. Tabhair 2 shampla de dhóigheanna a gcuidíonn an Intleacht Shaorga linn.

3. Cén dóigh a gcuidíonn an Intleacht Shaorga leis an oideachas?

4. Cad iad na rudaí is féidir leis an Intleacht Shaorga a chruthú nach bhfuil fíor?

5. Cad iad na rudaí is féidir linn a chailliúint má bhímid ag brath ar an Intleacht Shaorga?


Le plé:

Mar rang nó in bhur ngrúpaí, déanaigí liosta de na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an Intleacht Shaorga. Is féidir dhá fhoireann a roghnú, Foireann A a deir go bhfuil an Intleacht Shaorga go maith agus Foireann B a deir go bhfuil sí contúirteach.


Le déanamh:

Déan liosta de rudaí ar mhaith leat an Intleacht Shaorga iad a dhéanamh, rudaí leadránacha nach maith leatsa a dhéanamh, nó rudaí deacra nó rudaí a ghlacann a lán ama a chríochnú.



meas