Cruinniú na nÓg

Dé Céadaoin, an 3ú Meitheamh 2026


An Satharn beag seo, an 6ú Meitheamh, beidh féile mhór ag titim amach ar fud na tíre. Is féile bhliantúil é Cruinniú na nÓg, a dhéanann ceiliúradh ar chruthaitheacht, ar shamhlaíocht agus ar thallann aos óg na hÉireann.


Mar chuid den cheiliúradh seo, beidh deiseanna ann do dhaoine óga páirt a ghlacadh i lear mór imeachtaí a bheas saor in aisce. Nach iontach sin?! 🥳🤩 Le fírinne, is é Cruinniú na nÓg an chéad fhéile náisiúnta ar domhan atá curtha ar fáil go hiomlán saor in aisce le cruthaitheacht an aosa óig a chur chun cinn! Ní bhíonn féile náisiúnta shaor mar seo ag tír ar bith eile.


Agus cad iad na cineálacha imeachtaí a bheas ag tarlú? Bhuel, i measc na gcéadta rud atá pleanáilte don Satharn beag seo, beidh ceardlanna ann faoin:

  • scannánaíocht,
  • ealaín Ghraifítí,
  • códú,
  • ailtireacht,
  • amharclannaíocht, agus
  • ceol.


Beidh imeachtaí éagsúla ag tarlú ar fud na tíre. Mar sin de, coinnigh súil amach i do cheantar féin lena fheiceáil cad é a bheas ag titim amach máguaird. Gach seans go mbeidh imeacht éigin suimiúil ar na gaobhair duit.


Tapaigh an deis, mar sin, agus bain triail as rud éigin nua. Scaoil amach do chruthaitheacht! Cá bhfios nach n-aimseoidh tú tallann do ghníomhaíocht éigin nach raibh ar eolas agat roimhe!


Ceisteanna

  1. Cén t-ainm atá ar an fhéile mhór a bheas ag titim amach ar fud na tíre?
  2. Cén dáta a mbeidh an fhéile seo ar siúl?
  3. Cad iad na trí rud a bheas á gceiliúradh ag Cruinniú na nÓg?
  4. Cad chuige a bhfuil an fhéile Cruinniú na nÓg an-speisialta i gcomparáid le féilte eile ar domhan?
  5. Cad is brí leis an téarma ‘aos óg’?
  6. Ainmnigh trí chineál ceardlann atá pleanáilte don Satharn beag seo.
  7. Cad é an chomhairle atá san alt faoi pháirt a ghlacadh in imeachtaí?


Le plé nó le déanamh

  • Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh féile dá leithéid seo ann chun cruthaitheacht, samhlaíocht agus tallann a cheiliúradh?
  • An ndéanann sé difear, dar leat, go bhfuil na himeachtaí ar fáil saor in aisce?
  • Cad iad na cineálacha tallann atá ag aos óg na hÉireann a bheadh le feiceáil ag an fhéile seo?
  • An bhfuil aon tallann rúnda agat féin nó ag dalta ar bith i do rangsa nár labhair sibh amach fúithi riamh roimhe?
  • Deir an t-alt, "Tapaigh an deis, mar sin, agus bain triail as rud éigin nua".
    • Cad a chiallaíonn sé 'deis a thapú'?
    • Cén ghníomhaíocht nua as an liosta a mbeifeá féin sásta triail a bhaint aisti, agus cad chuige?
    • An bhfuil imeacht éigin eile ba mhaith leat á fheiceáil ar an liosta? Cad é tá ann agus cén fáth?
  • Is féidir breathnú ar liosta iomlán na n-imeachtaí anseo. (Ár leithscéal, is i mBéarla atá formhor an tsuímh seo.) Más féidir leat, glac páirt in imeacht éigin agus inis dúinn faoi ina dhiaidh. (D'fhéadfá tuairisc bheag ar an imeacht a sheoladh chuig eolas@leighanois.com)  


Pictiúir:

Ealaín sa pháirc: Gagarin Iurii / Shutterstock.com


meas