Lá Úfónna 2026

Dé Máirt, an 2ú Meitheamh 2026


An bhfaca tú solas nó rud saoithiúil ag eitilt sa spéir riamh? Má bhí tú cinnte nach eitleán a bhí ann ná éan ná réalta, ná rud ar bith a d’aithin tú . . . chonaic tú úfó! Is minic a fheiceann daoine rudaí a bhíonn ag eitilt nach n-aithníonn siad agus cuid mhór den am, bíonn míniú ann, cé nach dtuigeann siad é sin ag an am. Ach tá líon beag rudaí nach bhfuil míniú ar bith ann dóibh agus inniu, Lá Domhanda Úfónna, tá cead agat an cheist a chur: ‘An mbíonn neacha ó phláinéad eile ag tabhairt cuairt ar an Domhan?’

Rainse caorach

An lá seo, an 2ú Meitheamh, thiar sa bhliain 1947, tharla ceann de na mistéirí is mó a bhaineann le húfónna. Tharla an scéal taobh amuigh de Chathair Roswell, i New Mexico. Tháinig feirmeoir ar smionagar ar a rainse i ndiaidh stoirme. Chuir sé in iúl don arm agus tháinig siad leis an smionagar a sheiceáil. D'fhógair an t-arm go raibh siad i ndiaidh ‘diosca eitilte’ a fháil agus chreid daoine gur spáslong as pláinéad eile a bhí ann. Ach, an lá dár gcionn, chuaigh an t-arm siar ar a scéal agus dúirt siad gur ‘balún aimsire’ a bhí ann.

Tá clú agus cáil ar Roswell as an eachtra a tharla i 1947

Ó shin i leith, tá daoine ann a shíleann go bhfuil níos mó eolais ag an rialtas faoi na réada eitilte seo ná mar a thugann siad le fios. Iarrann siad orthu an t-eolas uilig atá acu a roinnt leis an phobal. Agus, ar bhealach, sin an rud atá Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a dhéanamh le cúpla mí anuas.

Pictiúr d’úfó a d’eisigh Rialtas SAM an mhí seo caite

D’eisigh siad na céadta tuairisc agus físeán de réada eitilte gan aithint agus deir siad nach féidir leo iad a mhíniú. Ar a bharr sin, deir siad go bhfuil cuid de na rudaí seo ag eitilt chomh gasta sin nach féidir gur rudaí iad a rinne daoine daonna. Cad é a shíleann tú féin, an bhfuil neacha ó phláinéad eile ag tabhairt cuairt orainn?

Bíonn cuid mhaith de na pictiúir d’úfónna doiléir

Ceisteanna:

1. Cén cheist mhór atá luaite sa scéal seo?

2. Cén dáta a cheiliúrtar Lá Domhanda na n-úfónna?

3. Cén stát ina bhfuil Roswell?

4. Cad é a d’aimsigh feirmeoir ar a rainse?

5. Cé a tháinig leis an smionagar a sheiceáil?

6. Cad é an scéal nua a bhí ag an arm an lá dár gcionn?


Le déanamh:

Mar rang, déan liosta de na gnáthrudaí is féidir a bheith ann nuair a shíleann daoine go bhfaca siad úfó.


Samhlaigh go bhfaca tú úfó. Scríobh tuairisc faoi (cén áit a raibh tú, cén t-am den lá a bhí ann, an raibh sé geal nó dorcha, an bhfaca duine ar bith eile é, srl).


Is féidir agallamh a dhéanamh in áit tuairisc a scríobh. Beidh beirt de dhíth, duine amháin a chonaic an t-úfó agus tuairisceoir a chuireann ceisteanna mar seo thuas ar an duine sin.


Le plé:

Feiceann daoine úfónna agus ní gá gur neacha ó phláinéad eile atá iontu. Cad é an míniú atá ag an rang ar an scéal?


Pictiúir:

Roswell: Steve Lagreca / Shutterstock.com




meas