Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Baineann saoirse leis an rothar. Ní bhíonn tú ag brath ar thiománaí eile agus bíonn rogha agat do bhealach féin a dhéanamh ag do ráta féin. Agus tá seachtain speisialta ann an tseachtain seo le tú a spreagadh dul sa diallait, mura mbíonn tú ag rothaíocht cheana féin, Seachtain na Rothar!

Is é an t-eagras iompair, TFI, a d’eagraigh é agus ba mhaith leo misneach a thabhairt do dhaoine atá ag tosú ag rothaíocht, nó daoine nach mbíonn ag rothaíocht go minic, an rothar a úsáid mar chuid dá saol. Leanann an tseachtain ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, an 17ú Bealtaine.
Troitheán
Cad chuige a bhfuil na rothair chomh maith sin? Sa chéad dul síos, bíonn tú amuigh faoin aer, rud atá iontach maith ann féin. Beidh ort na troitheáin a chur thart leis an rothar a bhogadh. Is aclaíocht mhaith é seo agus, mar is eol dúinn, is maith an rud í an aclaíocht. Mothóidh tú níos fearr agus beidh níos mó fuinnimh agat.
Tranglam tráchta
Tá buntáistí eile ann. Má bhíonn daoine ar na rothair, beidh níos lú daoine i gcarranna. Is minic a bhíonn tranglam tráchta ann nuair a bhíonn barraíocht feithiclí ar an bhóthar. Má bhíonn níos lú carranna ar an bhóthar, beidh níos lú den toit san aer, rud atá maith don timpeallacht.
Clogad
An chéad rud a bheas de dhíth ort ná rothar. Bí cinnte go bhfuil na coscáin ag obair agus go bhfuil aer sna rothaí. Caith clogad ar eagla go mbeadh taisme agat agus má bhíonn tú ag rothaíocht agus é dorcha caith éadaí lonracha. Thiocfadh leis bheith contúirteach ar bhóithre gnóthacha, mar sin, is fearr má úsáideann tú raon rothar.
Raon rothar
Agus an rud is tábhachtaí? Táimid fíorchinnte de go mbainfidh tú sult as! Thiocfadh leat posse rothaíochta a dhéanamh le do chuid cairde le dul chuig áit ar leith. (Ná déan dearmad a rá le daoine fásta cá bhfuil tú ag dul agus cá huair a bheas tú ar ais). Níl le déanamh anois ach léim sa diallait.

Ceisteanna:
1. Cé a d’eagraigh Seachtain na Rothar?
2. Cad chuige a mbaineann saoirse leis an rothar?
3. Cad iad na buntáistí sláinte a bhaineann le rothaíocht?
4. Cad chuige ar chóir clogad a chaitheamh?
5. Cad é ba chóir duit a chaitheamh má bhíonn sé dorcha?
Le plé:
An bhfuil an rothaíocht níos fearr ná taisteal sa charr? Cad chuige? Déan liosta de bhuntáistí agus míbhuntáistí don dá rud.
Le déanamh:
Déan póstaer leis an teideal ‘Bí sábháilte ar an rothar’. Cuir isteach rudaí mar:
• clogad
• éadaí lonracha
• raon rothar
• coscáin