Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
‘Réalta an Bháis’
Seans gur chuala tú an frása ‘Go raibh an fórsa leat’. Is frása iontach clúiteach é ón tsraith scannán, ‘Cogaí na Réaltaí’ nó Star Wars. Scannáin eipiciúla iad na scannáin seo ina mbíonn an mhaith ag troid in éadan an oilc, na reibiliúnaigh ag troid in éadan na himpireachta. Agus Dé Luain, beidh lá speisialta ann ar fud an domhain, Lá Chogaí na Réaltaí.

Tá go leor dóigheanna leis an lá a cheiliúradh. An dóigh is coitianta ná go ngléasann daoine, idir óg agus aosta, mar charachtair ó na scannáin, Luke Skywalker, Darth Vader nó an Bhanphrionsa Leia, mar shampla. In amanna, bíonn siad ag troid leis na claimhte solais nó foghlaimíonn siad línte ó na scannáin. Daoine eile, amharcann siad ar na scannáin Star Wars is fearr leo. Eagraíonn scoileanna tráth na gceist agus bíonn comórtais ealaíne acu.
Darth Vader agus a chlaíomh solais
Eiseoidh an comhlacht Disney, a cheannaigh saincheadúnas Star Wars bréagáin ó na scannáin agus rudaí eile le branda Star Wars orthu. Seans go bhfógróidh siad go mbeidh scannán nua ann.

Tháinig an chéad scannán de chuid Star Wars amach sa bhliain 1977 agus, ó shin, eisíodh 12 scannán san iomlán mar aon le roinnt sraitheanna don teilifís, chomh maith. Ach cé go bhfuil díol mór ar an bhranda go fóill, tá rudaí eile ann is fiú a cheiliúradh. Is é an teachtaireacht atá taobh thiar de na scannáin ná gur fiú bheith cróga agus go bhfuil tábhacht le cairdeas. Agus an teachtaireacht is mó ná gur rud tábhachtach é an fód a sheasamh leis an rud ceart a dhéanamh.

Agus cad chuige ar roghnaigh siad an 4ú Bealtaine don lá seo? Mar a dúirt muid ag an tús, is frása clúiteach é ‘Go raibh an fórsa leat’. Má deir tú é i mBéarla, tá sé cosúil go leor le ‘May the Fourth be with you’, an 4ú Bealtaine agus sin an fáth ar roghnaíodh an lá sin. Go raibh an fórsa leat!

Ceisteanna:
1. Cad é an frása clúiteach ón tsraith Star Wars?
2. Cén dáta a cheiliúrann daoine Lá Chogaí na Réaltaí?
3. Cé hiad na carachtair ó na scannáin atá luaite san alt?
4. Cén comhlacht a bhfuil an ceart acu branda Star Wars a úsáid?
5. Cén bhliain ar tháinig an chéad scannán de chuid Star Wars amach?
6. Cad é an teachtaireacht thábhachtach atá taobh thiar de na scannáin?
Le déanamh:
Cé hé nó cé hí an carachtar is fearr leat ó na scannáin? Cad chuige a dtaitníonn sé nó sí leat? Is féidir vóta a dhéanamh sa rang nó sa ghrúpa.
An bhfuil radharc ar leith ó na scannáin a thaitníonn leat. Le cuidiú le do ghrúpa, roghnaigh radharc agus cuir Gaeilge air. Tabhair ról do gach duine agus ansin déan léiriú den radharc sin.
Pictiúir:
R2D2 agus C-3PO: Krikkait / Shutterstock.com
Darth Vader: Stefano Buttafoco / Shutterstock.com
Star Wars: pio3 / Shutterstock.com
Rey: Sergii Figurnyi / Shutterstock.com
Disney: Bankrx / Shutterstock.com