Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An bhfuil an t-ainm ‘Méabh’ ort? Nó an bhfuil aithne agat ar dhuine ar bith a bhfuil an t-ainm sin uirthi? Má tá, an bhfuil a fhios agat go dtéann an t-ainm sin siar na mílte bliain agus go raibh Méabh iontach cáiliúil ann? Is í Medb, nó Méabh i litriú an lae inniu, Banríon Chonnacht, an duine atá i gceist againn. Duine cumhachtach cróga a bhí inti nár ghéill do dhuine ar bith. Duine cliste a bhí inti chomh maith.

Téann a scéal siar go dtí an mhiotaseolaíocht, seanscéalta a bhaineann le laethanta luatha na hÉireann. Baineann an Rúraíocht le scéalta faoi Chúige Uladh agus na troideanna a bhí ann le daoine taobh amuigh, muintir Chonnacht, mar shampla.
Maireann na scéalta faoi Mhéabh
Iníon leis an Ardrí a bhí i Méabh agus d’fhás sí aníos i gcaiseal ríoga, áit ar fhoghlaim sí an dóigh le daoine a stiúradh agus chun cinntí tábhachtacha a dhéanamh. Teagascadh di bheith láidir agus cróga, rud nár tharla do mhórán cailíní eile ag an am. D’fhoghlaim sí an dóigh le talamh a rialú, le labhairt le laochra agus an dóigh chun a ríocht féin a chosaint.

Fiú nuair a bhí Méabh óg, d’aithin daoine go raibh pearsantacht láidir aici. Ní raibh sí sásta nuair a dúradh léi cad é a thiocfadh léi a dhéanamh nó gan a dhéanamh. Bhí sí ag iarraidh a bheith ar comhchéim leis na fir ina saol agus chreid sí gur chóir go mbeadh banríon chomh cumhachtach céanna le rí ar bith. Mar gheall air seo, d’éirigh léi, thar am, bheith i gceannas ar Chúige Chonnacht agus a harm féin a stiúradh.

Sa lá atá inniu ann, spreagann na seanscéalta meas ar Mhéabh go fóill mar cheannasaí cumhachtach cáiliúil. Thaispeáin sí gur féidir le banríon bheith cróga, cliste agus crua.
Deirtear gur cuireadh Méabh anseo
Ceisteanna:
1. Cén cineál duine a bhí i Méabh? Tabhair 2 thréith.
2. Cad é an rud é an Rúraíocht?
3. Cá háit ar tógadh Méabh agus cad é a d’fhoghlaim sí ansin?
4. Cad é a chreid Méabh faoi chumhacht na mban?
5. Cad chuige a bhfuil meas ar Mhéabh go fóill sa lá inniu?
Le plé:
An bhfuil sé tábhachtach go mbeadh mná i gceannas sa lá inniu? Mínigh do thuairim.
Cad iad na tréithe a dhéanann ceannaire maith sa lá inniu? An mbeadh sin difriúil le laethanta Mhéabh, dar leat?