Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bhí seachtain dheas ghrianmhar againn an tseachtain seo a chuaigh thart. Tá súil againn go mbeidh tuilleadh laethanta mar sin ann le linn an tsamhraidh. Agus, de réir an fhéilire Cheiltigh, tosaíonn an samhradh go hoifigiúil Dé hAoine (nó oíche Déardaoin le bheith beacht!).
Tine chnámh
Sa chóras Ghaelach, tosaíonn an lá nua an oíche roimh ré (Oíche Nollag, mar shampla) agus tá Lá Bealtaine mar an gcéanna. Bhí nós ag na Gaeil tine chnámh a bheith acu mar cheiliúradh go raibh an samhradh ag teacht.

Is cosúil go gciallaíonn an focal ‘Bealtaine’ ‘tine gheal’. Bhí traidisiún eile ag na Gaeil chomh maith – na ba a rith idir dhá thine le hiad a chosaint. Fiú sa lá inniu, deir muid ‘Bhí mé idir dhá thine Bhealtaine’, sin nuair a bhíonn rogha dheachair le déanamh agat idir dhá rud nach bhfuil maith.

Bhí nósanna eile ann. Ba ghnách le daoine bláthanna buí a chur thart ar an teach leis na drochspioraid a choinneáil amach. Nós eile a bhí ag daoine ná cuairt a thabhairt ar an tobar beannaithe áitiúil le hiad féin a choinneáil slán. Is minic a bhuaileann daoine le chéile go fóill oíche Bhealtaine le bheith ag damhsa agus ag bualadh ceoil.

Nuair a bhíonn na laethanta níos gile agus an aimsir níos fearr, bíonn seans níos mó againn dul i dteagmháil leis an nádúr. Má bhíonn tú amuigh, beidh deis agat ceol na n-éan a chluinstin, beidh na bláthanna nua le feiceáil agus beidh níos mó ainmhithe le feiceáil lena n-óga.
Crann Bealtaine
Ní in Éirinn amháin a bhíonn ceiliúradh ar siúl Lá Bealtaine. I Sasana, tá nós ann damhsa thart ar an chrann Bealtaine, nó ‘maypole’, agus sa Fhrainc, tugann daoine bláthanna dá chéile. Bhí féile ag na sean-Rómhánaigh darbh ainm ‘floralia’, in onóir ‘Flora’, bandia na mbláthanna.
Flora
Ar fud an domhain, bíonn tábhacht le Lá Bealtaine ar chúis eile. Is lá é a cheiliúrann oibrithe an domhain mar lá na n-oibrithe. Is minic a bhíonn lá saoire ann agus bíonn mórshiúlta acu.
Mórshiúl Lá Bealtaine
Ceisteanna:
1. Cén cineál aimsire a bhí againn an tseachtain seo a chuaigh thart?
2. Cá huair a thosaíonn an samhradh sa chóras Ghaelach?
3. Cad chuige ar ghnách ba a rith tríd dhá thine Bhealtaine?
4. Luaigh 2 nós eile a bhí ag na daoine ar Lá Bealtaine.
5. Cé hí Flora?
6. Cad chuige a bhfuil Lá Bealtaine tábhachtach ar fud an domhain?
Le plé:
An síleann tú go bhfuil sé tábhachtach traidisiúin mar seo a choinneáil beo? Cad chuige?
Cad é mar a athraíonn do shaol nuair a thagann an samhradh? Déan liosta de na rudaí is mó.
An bhfuil nósanna eile Lá Bealtaine ag daoine eile sa rang? Déanaigí liosta.
Le déanamh:
Déan pictiúr de cheiliúradh Lá Bealtaine. Cuir isteach cuid de na rudaí a luaitear san alt.
Más féidir leat, téigh amach sa nádúr. Déan liosta de 5 rud nua a fheiceann tú.
Leigh níos mó faoi na seantraidisiúin a bhaineann le Féile na Bealtaine anseo.
Pictiúir:
Léirsiú Lá Bealtaine: Todd Bigelow / Shutterstock.com