Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An mothaíonn tú tuirseach ó am go chéile. Bíonn go leor cúiseanna leis sin, ar ndóigh. Seans nach bhfaigheann tú go leor codlata nó nach n-itheann tú go leor den bhia cheart. Nó thiocfadh go bhfuil tú tinn. Ach tá cúis mhór eile ann a bhaineann leis an saol inniu. Tá baol ann nach bhfuil tú ag fáil go leor aclaíochta!

Deir eolaithe gur chóir do pháistí ar a laghad uair a chloig aclaíochta a fháil gach lá. Ar an drochuair, ní dhéanann gach páiste an méid seo i gcónaí. Mar sin de, tá scéim speisialta ann le cuidiú le páistí scoile aclaíocht rialta a dhéanamh agus tá a lán scoileanna in Éirinn páirteach ann. ‘An Míle Laethúil’ an t-ainm atá ar an scéim.

Is é atá i gceist ná míle a shiúl gach lá, nó mura féidir sin a dhéanamh, 15 bhomaite a chaitheamh ag rith, ag sodar, ag siúl nó ag bogadh ar rothaí. Rud amháin atá maith faoin scéim ná nach mbeidh trealamh spóirt speisialta de dhíth ort, go díreach bróga atá compordach. Ní chaithfidh tú bheith iontach aclaí ach oiread.

An rud is fearr ná nach bhfuil rialacha ann agus is féidir le gach duine páirt a ghlacadh. Thig leat rith ar feadh tamaill agus ansin siúl ar feadh tamaill nó má tá cathaoir rothaí agat, í a chur ag dul ar feadh 15 bhomaite. Meastar gur féidir le daoine aon mhíle a dhéanamh má leanann siad de bheith ag bogadh go measartha gasta ar feadh 15 bhomaite.

Ní corpoideachas é seo ach rud sa bhreis a tharlaíonn ar scoil. Déanann na páistí na 15 bhomaite de bhogadh taobh amuigh agus is féidir le múinteoirí páirt a ghlacadh chomh maith, más maith leo. Is nós maith é aclaíocht éigin a dhéanamh gach lá agus bíonn buntáistí ag baint leis:
• Bíonn tú níos sláintiúla
• Beidh fócas níos fearr agat sa rang
• Beidh níos lú struis ort
• Mothaíonn daoine níos fearr
• Tugann sé seans duit dul amach faoin aer
• Beidh craic agat!

Ceisteanna:
1. Cad chuige a mbíonn daoine tuirseach uaireanta. Tabhair 2 chúis.
2. Cá mhéad aclaíochta atá de dhíth ar gach páiste sa lá?
3. Cá fhad ba chóir do pháistí bheith ag bogadh gach lá sa scéim seo?
4. An bhfuil trealamh speisialta de dhíth?
5. Déan liosta de na rialacha a bhaineann leis an scéim.
6. Ainmnigh 3 bhuntáiste a bhaineann leis an aclaíocht laethúil.
Le plé:
An ndéanann tú féin aclaíocht gach lá? Cad é a dhéanann tú? Cad é mar a mhothaíonn tú ina dhiaidh?
Cad iad na buntáistí is tábhachtaí a bhaineann leis an scéim seo? (Is féidir vóta ranga a dhéanamh leis an bhuntáiste is fearr a fháil).
Le déanamh:
Dear póstaer le daoine a mhealladh don Mhíle Laethúil. Déan pictiúir de na gníomhaíochtaí éagsúla agus luaigh cúiseanna le páirt a ghlacadh.
Aimsigh na focail seo san alt agus mínigh iad:
• aclaíocht
• tuirseach
• fócas
• strus
• compordach