Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bhí am ann agus bhí Éire lán de ríthe agus ríonacha. Chóir a bheith gach ceantar áitiúil, bhí rialóir acu. Thart ar mhíle bliain ó shin, bhí níos mó ná 150 rí ann i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Is minic iad ag troid lena chéile, rud a bhí contúirteach nuair a bhí daoine mar na Lochlannaigh ag ionsaí na tíre.
Cláirseach Bhrian Bóramha
Duine de na ríthe ba chlúití a bhí againn i stair na hÉireann ná Brian Bóramha. Ba mhaith le Brian bheith ina Ardrí – ina rí ar an tír ar fad. Agus, sa deireadh, tharraing sé an chumhacht uilig chuige féin. Fuair sé an t-ainm ‘Bóramha’ cionn is gur iarr sé bóramha nó ‘cáin’ ar na ríthe agus na ríonacha eile. Na daoine nár thug an bhóramha, rinne Brian ionsaí orthu.
Na Lochlannaigh
Agus níor aontaigh gach duine le Brian. Throid arm ina éadan i gCúige Laighean agus níor réitigh sé le Muintir Uí Néill i gCúige Uladh. I mBaile Átha Cliath, bhí Lochlannach, Sitric Silkbeard, ina rí ar an bhaile agus ba namhaid mhór é do Bhrian.

Dealbh de Bhrian Bóramha taobh amuigh den Séipéal Ríoga, Caisleán Bhaile Átha Cliath
Sa bhliain 1014, tháinig na naimhde seo uilig le chéile do chath iontach clúiteach, Cath Chluain Tarbh, in aice le Baile Átha Cliath. Tharla an cath seo i mí Aibreáin na bliana sin, roimh an Cháisc. Cath iontach fuilteach a bhí ann a mhair an lá ar fad.

Sa deireadh, bhain an tArdrí an cath. Ach bhí casadh eile sa scéal do Bhrian. Bhí aois mhór ag Brian agus bhí sé ag urnaí ina phuball. Bhí na Lochlannaigh ag teitheadh ach bhí duine amháin acu fós thart, Brodir. Thóg sé a sheans gur mharaigh sé Brian. Cé gur chuir Brian deireadh le ré na Lochlannach in Éirinn, dhíol sé go daor as.
Daoine ag comóradh Chath Chluain Tarbh 1,000 bliain ina dhiaidh
Buille mór a bhí ann do na daoine a bhí ag iarraidh ardrí láidir a bheith ann. Ní raibh aon chomharba soiléir ag Brian agus thit daoine amach lena chéile. Cuireadh Brian Bóramha in Ardeaglais Naomh Pádraig in Ard Mhacha agus tá clú agus cáil air go dtí an lá inniu.
Ardeaglais Naomh Pádraig, áit ar cuireadh Brian Bóramha
Ceisteanna:
1. Cé hé Brian Bóramha agus cad é a bhí uaidh?
2. Mínigh an focal ‘bóramha’.
3. Cén bhliain ar tharla Cath Chluain Tarbh?
4. Cé a bhain an cath?
5. Cad é a tharla do Bhrian ag deireadh an scéil?
Le déanamh:
Cruthaigh póstaer faoi Chath Chluain Tarbh. Cuir isteach an dáta, an áit, na daoine tábhachtacha srl.
Mínigh na focail seo i do chuid focal féin:
• Ardrí
• Comharba
• Namhaid
Déan abairt nua le gach focal.
Pictiúir:
Cláirseach Bhrian Bóramha: MayaTheB / Shutterstock.com
Cath Chluain Tarbh: Owen J Fitzpatrick / Shutterstock.com