Éin Chreiche

Dé Céadaoin, an 22ú Aibreán 2026

(le Brídín Ní Dhonnghaile)


An bhfaca tú riamh éan mór ag eitilt go hard sa spéir agus é ag coinneáil súil ghéar ar an talamh thíos? Gach seans gur éan creiche a bhí ann.

(An Clamhán Coiteann ag eitilt go hard sa spéir)


Cad é an rud é éan creiche?

Is sealgaire é éan creiche. Itheann sé 'creach' mar shampla luchóga, coiníní, éisc agus éin eile, go fiú.

Cuid de na tréithe atá ag éan creiche a chuidíonn leis a chreach a fháil agus a ithe, ná:

  • Crúba láidre le greim a fháil ar an bhia
  • Gob cam le feoil a stróiceadh
  • Radharc iontach leis an chreach a fheiceáil i bhfad uaidh
  • Sciatháin láidre chun eitilt agus tumadh

Cuid de na héin chreiche is aitheanta ná an Clamhán Coiteann, an tIolar Fíréan, an Seabhac Gorm, an Scréachóg Reilige agus an Cúr Rua.

(An Cúr Rua)


Cén fáth a bhfuil éin chreiche tábhachtach?

Tá éin chreiche an-tábhachtach don dúlra. Cuidíonn siad le cothromaíocht a choinneáil sa chomhshaol mar:-

  • Coinníonn siad líon na luchóg agus na bhfrancach faoi smacht.
  • Léiríonn siad dúinn má tá an timpeallacht sláintiúil.

Má bhíonn dóigh mhaith ar na héin chreiche, ciallaíonn sé sin, de ghnáth, go bhfuil an talamh, an t-aer agus an t-uisce glan agus sábháilte.


Roinnt mhaith blianta ó shin, bhí cuid éan creiche i mbaol mar gheall ar an tseilg agus ar cheimiceáin chontúirteacha. Bhí cuid de na héin seo imithe in éag in Éirinn.

(Cuireadh nimh amach, go fiú, le cuid de na héin chreiche a mharú.)


Ach, d’oibrigh daoine áirithe go crua chun na héin chreiche a chosaint agus a thabhairt ar ais. Trí chláir speisialta fiadhúlra a chur i bhfeidhm, de réir a chéile, mhéadaigh líon na n-éan seo arís.


Cosaint na nÉan Creiche

In Éirinn, caithfear gach éan creiche a chosaint, de réir an dlí. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sé mídhleathach dochar a dhéanamh dóibh, cur isteach ar a neadacha, nó a gcuid uibheacha a ghoid.

(An tIolar Fíréan ina nead)


I measc na n-éan creiche atá faoi chosaint in Éirinn, tá an Clamhán Coiteann, an Spioróg Eoráiseach agus an Scréachóg Reilige. Agus tú ar shiúlóid faoin tuath, seans go bhfeicfeá cuid de na héin seo. Tá sciatháin leathana ag an Chlamhán Choiteann agus eitlíonn sé thart go hard sa spéir. Is éan beag gasta é an Spioróg Eoráiseach a dhéanann seilg ar éin eile i ngairdíní agus i gcoillte. Is sealgaire ciúin é an Scréachóg Reilige a bhíonn ag seilg san oíche.

(An Scréachóg Reilige)


Fíricí suimiúla faoi na hÉin Chreiche

🦅 Tá an Seabhac Gorm ar cheann de na hainmhithe is gasta ar domhan

🦅 Thig le hulchabháin a gceann a thiontú suas le 270 céim (sin casadh trí cheathrú thart!)

🦅 Tógann iolair neadacha móra go hard ar aillte nó i gcrainn arda

🦅 Is éin chumhachtacha mhaorga iad na héin chreiche. Tá ról an-tábhachtach acu sa chomhshaol agus tá cuidiú an chine dhaonna de dhíth chun iad a chosaint.

🦅 Tá grúpa lonnaithe i dTuaisceart na hÉireann a dhíríonn ar na héin chreiche agus is féidir níos mó a fhoghlaim faoin obair s’acu anseo. (Ár leithscéal, tá na háiseanna seo ar fáil i mBéarla amháin).

(An Seabhac Gorm ag tumadh go gasta lena chreach a cheapadh.)


Ceisteanna

  1. Cad é an rud é “creach”?
  2. Ainmnigh dhá thréith atá ag éan creiche a chuidíonn leis seilg a dhéanamh.
  3. Cad chuige a bhfuil na héin seo tábhachtach don chomhshaol?
  4. Cad is ciall leis an téarma “imithe in éag”?
  5. Cad é a deir an dlí in Éirinn faoi neadacha agus uibheacha na n-éan seo?
  6. Cé acu is gasta de na héin chreiche atá luaite san alt?
  7. Cad chuige, dar leat, a bhfuil an Scréachóg Reilige ina sealgaire ciúin?
  8. Cad iad na cúiseanna a chuir na héin chreiche i mbaol roinnt mhaith blianta ó shin?


Le plé nó le déanamh

🦅 An bhfaca tú féin éan creiche riamh? Cá háit a raibh sé? Cad é a bhí á dhéanamh aige?

🦅 Déan liosta de na héin chreiche atá luaite san alt. Pioc ceann amháin acu agus déan taighde ar an éan sin. (Is féidir an taighde a dhéanamh mar ghrúpa.) Cruthaigh fillteán fíricí faoin éan sin. Is féidir pictiúr a aimsiú agus a ghreamú den éan, nó ceann a tharraingt de láimh lena chur le d’fhillteán fíricí. 

🦅Amharc ar phictiúir de na héin chreiche atá luaite san alt. Cad iad na tréithe atá i gcoitinne acu? Cad iad na difríochtaí eatarthu?

🦅 Cruthaigh taispeántas ealaíne faoi na héin chreiche. Tarraing pictiúir díobh le péint, pinn luaidhe, pastail, srl. Thiocfadh mionsamhlacha a chruthú le marla nó cré fosta.


meas