Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá seanfhocal measartha simplí againn an tseachtain seo. Is cineál éisc é an breac, ar ndóigh, agus úsáideann daoine eangach le héisc a cheapadh. Mar sin, an chiall is bunúsaí, ná ní féidir an t-iasc a chócaráil go dtí go mbíonn tú cinnte go bhfuil sé ceaptha agat!
Ní féidir an t-iasc a chócaráil mura gceapann tú ar dtús é!
Ní thig leat a bheith ag súil le torthaí maithe mura ndéanann tú an t-ullmúchán ceart agus mura gcuireann tú an obair isteach ar dtús! Bealach eile le hamharc ar an seanfhocal seo ná, ‘ná déan talamh slán de rud ar bith’ – ná smaoinigh gur rud cinnte é, go dtí go dtarlóidh sé.
Tá an seanfhocal seo rud beag cosúil le seanfhocal an Bhéarla a bhaineann le cuntas na sicíní…
Samhlaigh foireann chamógaíochta iontach maith. Níl ach cluiche amháin eile le buachan acu leis an chorn a bhaint. Cluineann siad go mbeidh siad ag imirt i gcoinne ceann de na foirne is laige sa chontae agus deir na cailíní lena chéile – bainfidh muid an corn seo gan stró! An rud a déarfadh an bainisteoir leo, b’fhéidir – cuir an breac san eangach sula gcuire sibh sa phota é!
Caithfidh tú an cluiche a bhuachan sula dtig leat an corn a thógáil!
Úsáidimid an focal sula roimh bhriathra:
⏳ Scuabaimse na fiacla sula dtéim a luí.
⏳ Nímse mo lámha sula n-ithim mo dhinnéar.
⏳ Amharc an dá bhealach sula dtrasnaíonn tú an bóthar!
Úsáidimid an focal roimh roimh ainmfhocail.
⏳ Rinne muid téamh suas roimh an chluiche.
⏳ Ná bí ag ithe bruscair roimh do dhinnéar.
⏳ Nigh do lámha roimh an dinnéar!
An breac

Is dócha gurb é an breac an t-iasc is líonmhaire i lochanna agus in aibhneacha na hÉireann.
🐟 Is féidir ‘breac rua’ ‘breac buí’ nó ‘breac donn’ a thabhairt ar an bhreac dhúchasach de chuid na hÉireann – seo an breac a bhíonn le fáil sa chuid is mó de na haibhneacha s’againn. Ach le fírinne, is leor ‘breac’ a thabhairt air!
Breac rua (breac donn)
🐟 Thig le bric maireachtáil in uisce úr agus in uisce na farraige. Go minic, nuair nach mbíonn go leor bia ar fáil sna haibhneacha beaga in aice leis an chósta, imíonn a lán breac amach chun na farraige agus fanann siad ansin an chuid is mó den bhliain. Cailleann siad an dath rua nó donn a bhíonn orthu san abhainn agus tagann dath geal orthu. Tugaimid ‘bric gheala’ ar na bric seo.
Breac geal
🐟 Sa lá atá inniu ann, tá ‘an breac dea-dhathach’ le fáil i roinnt mhaith lochanna in Éirinn. Is breac Meiriceánach é seo. Cuireann daoine isteach sna lochanna iad agus íocann iascairí airgead le hiad a cheapadh. Fásann siad go furasta agus bíonn siad measartha furasta a cheapadh – sin an fáth a dtaitníonn siad le hiascairí. Ach ní thig leis an bhreac dhea-dhathach óga a bheith aige go nádúrtha in Éirinn.
Breac dea-dhathach
Líon isteach na bearnaí le roimh nó sula:
Le plé
Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar chásanna eile ina dtiocfadh le daoine an seanfhocal seo a úsáid?
