Seachtain na Réalteolaíochta 2026

Déardaoin, an 19ú Márta 2026


Ar smaoinigh tú riamh ar cad é atá amuigh sa spás? Má amharcann tú suas sa spéir, bíonn go leor le feiceáil – an Ghealach, pláinéid, na réaltaí, réaltraí agus dreigí. Agus beidh deis ag daoine in Éirinn níos mó a fhiosrú le linn Sheachtain na Réalteolaíochta, an 20ú go dtí an 28ú Márta agus foghlaim faoi iontais na cruinne.

Tá thart ar 100 imeacht speisialta ar siúl ar fud na tíre a thabharfaidh seans do dhaoine, idir óg agus aosta, blaiseadh a fháil ar na rudaí atá ag tarlú sa spéir os ár gcionn uilig. Beidh eolaithe, múinteoirí agus daoine a bhfuil spéis acu sa spás ag tabhairt cainteanna, ceardlanna, oícheanta teileascóp agus seisiúin le hamharc ar na réaltaí agus na pláinéid. Is é téama na bliana seo ná ‘Ag ceangal pobal tríd an chosmas’. Baineann an spéir linn uilig, is cuma cén áit a bhfuilimid agus cé muid.

An Ghealach

Is í an Ghealach an rud is cóngaraí don Domhan agus is tús maith é má tá tú ag smaoineamh ar an réalteolaíocht. Thig leat í a fheiceáil go maith gan teileascóp agus bíonn codanna difriúla di faoi lonrú ag amanna difriúla. Taobh istigh de 29 lá, bíonn gealach úr ann, ceathrú gealaí, leath gealaí agus lán gealaí.

Déshúiligh

Má bhíonn teileascóp nó déshúiligh agat, is féidir leat radharc maith de na cráitéir a fháil. Ní fheicimid ach taobh amháin den Ghealach ach tá misean Artemis II ag iarraidh dul thart ar an Ghealach agus pictiúir den taobh eile a ghlacadh. Tá súil ag NASA go mbeidh an criú agus an misean réidh le dul ag tús mhí Aibreáin.

Bealach na Bó Finne, ár réaltra féin

Ceann de na ceisteanna is mó a bhaineann leis an réalteolaíocht ná an bhfuil beatha ar phláinéad eile? Tá na billiúin réalta inár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, agus síleann eolaithe go bhfuil pláinéid ag an chuid is mó acu. Ceann de na rudaí is mó atá réalteolaithe a dhéanamh anois ná a aithint an bhfuil comharthaí ag ceann ar bith acu go bhfuil beatha ann.


Ceisteanna:

1. Luaigh 3 rud is féidir a fheiceáil sa spéir san oíche.

2. Cad é an rud is cóngaraí don Domhan sa spás?

3. Cá mhéad lá a ghlacann sé ar an Ghealach dul thart ar an Domhan?

4. Cad é a fheicfidh misean Artemis II?

5. Cad é ainm ár réaltra?


Le déanamh:

Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Réalteolaíochta anseo


Ar oíche gheal agus le duine fásta, faigh áit atá dorcha go leor le go bhfeicfidh sibh na réaltaí agus cuid de na pláinéid. Seiceáil le mapa réaltaí. An féidir leat ceann ar bith a aithint?


Bogann na pláinéad thart ar an Ghrian agus, thar am, bíonn an chuma orthu go mbíonn siad ag bogadh sa spéir. Faigh amach ón idirlíon cé na pláinéid a bheidh le feiceáil agus déan iarracht iad a aithint. Bíonn cuma dhearg ar Mhars, mar shampla, agus bíonn Iúpatar iontach lonrach.


Má tá teileascóp nó déshúiligh agat, amharc ar na cráitéir ar an Ghealach.


 


meas