Tuar an t-ádh agus tiocfaidh sé!

AN Aoine, an 13ú Márta 2026 😱

Murar thug sibh faoi deara go fóill, inniu an Aoine, an 13ú láLá a bhFuil Mí-Ádh ag Baint leis 😱, más fíor! Mar sin, shíl muid go roghnódh muid seanfhocal iontach dearfach inniu, leis an mhí-ádh a choinneáil ó dhoras agus le cuidiú libh teacht slán ar chait dhubha agus ar scátháin bhriste an lá ar fad…


Tuar an t-ádh agus tiocfaidh sé!

Is briathar é tuar a chiallaíonn buille faoi thuairim a thabhairt ar an mhéid a tharlóidh. In amanna, tugaimid tuar na haimsire ar réamhaisnéis na haimsire. 

Tuar na haimsire ar TG4


Má bhíonn foireann iontach láidir (an Bhrasaíl sa sacar, mar shampla) ag imirt i gcoinne foireann nach bhfuil chomh láidir céanna (muidne! ☹️) – thiocfadh leat a rá: Tá mé ag tuar go mbainfidh an Bhrasaíl!

Is é an chiall atá leis an seanfhocal seo, ná, bí dearfach! Má bhíonn tú ag súil leis an ádh, agus ag súil le go dtarlóidh rudaí maithe, is mó seans go dtarlóidh siad. 

Bí dearfach!


Agus, má tá an léamh seo ar an saol fíor, caithfidh sé go mbeadh a mhalairt fíor chomh maith, nach gcaithfidh? Samhlaigh an seanfhocal an bealach eile thart – tuar an mí-ádh agus tiocfaidh sé! Má bhíonn meon diúltach agat faoin saol, an mó seans go dtarlóidh drochrudaí duit?

Meon diúltach


Bhuel, maidir leis an seanfhocal áirithe seo, b’fhéidir gurb é an focal meon an focal is tábhachtaí. Ciallaíonn meon an bealach a n-amharcann tú nó a mbreathnaíonn tú ar an saol.

Má bhíonn meon dearfach agat, tchífidh tú na rudaí maithe i ngach rud a tharlaíonn – go fiú má tharlaíonn drochrud.

Mar shampla…

🌟 Meon Dearfach

Bhain fear darbh ainm Thomas Edison clú amach dó féin nuair a tháinig sé aníos leis an bholgán solais leictreach sa bhliain 1879. Deirtear go ndearna sé na céadta iarracht teacht aníos le bolgán solais a d’oibreodh i gceart – ach gur theip ar gach iarracht.

An rud a dúirt Edison, áfach, ná ‘Níor theip orm. D’aimsigh mé 10,000 bealach eile nach n-oibríonn!

Pic le spatuletail / Shutterstock.com


Thuar sé an t-ádh…agus tháinig sé! Dúirt sé go ndéanfadh sé é agus d’éirigh leis sa deireadh!


Ar an láimh eile, má bhíonn meon diúltach agat ar an saol, tchífidh tú an taobh is measa de gach scéal – go fiú más dea-scéal é. In amanna, tarlaíonn sé seo i saol an spóirt. Má bhíonn tú diúltach ar bhealach ar bith, cuireann sé seo isteach ar an dóigh a n-imríonn tú. 

Mar shampla…

⚠️ Meon Diúltach

I gCorn an Domhain sa sacar, i 1950, bhí an Bhrasaíl ag imirt in éadan Uragua sa chluiche ceannais. Bhí an comórtas rud beag difriúil an t-am sin nó bhí gach rud ag brath ar phointí ó na cluichí a d’imir na foirne roimhe sin. 

Pic le ilapinto / Shutterstock.com


Bhí níos mó pointí ag an Bhrasaíl, ní raibh le déanamh acu ach gan an cluiche a chailleadh agus bheadh Corn an Domhain acu. Dá rachadh siad amach, agus dá n-imreodh siad mar a d’imir siad i ngach cluiche eile go dtí sin, bheadh an bua acu go furasta. Ach ní raibh an Bhrasaíl ag smaoineamh ar an bhua, an rud is mó a bhí ar a n-intinn ná…gan an cluiche a chailleadh. Ní raibh siad chomh dearfach is a bhí siad sna cluichí eile agus thit gach rud as a chéile. Sa deireadh, chaill siad 2-1!

Alcides Ghiggia ag ceiliúradh i ndiaidh dó an dara cúl a fháil d’Uaragua


Bhí siad buartha faoin mhí-ádh…agus tháinig an mí-ádh! 


Mar sin, ar an Aoine seo, an 13ú látuar an t-ádh agus tiocfaidh sé! Nó, má bhíonn tú ag súil le drochádh, ní fios cad é a tharlódh!


Léitheoireacht Bhreise

Más mian leat níos mó eolais a fháil ar na piseoga a bhaineann leis an Aoine, an 13ú lá – léigh an t-alt seo.


Ceisteanna Tuisceana

🐈‍⬛ Cén lá atá ann inniu (nó cén lá atá luaite leis an alt seo – an dáta ag an bharr) agus cén bhaint atá ag an lá sin leis an ‘ádh’?

🐈‍⬛ Cad é a chiallaíonn an focal tuar? An dtig leat é a úsáid in abairt de do chuid féin?

🐈‍⬛ Déan cur síos ar an chiall atá leis an seanfhocal seo i do chuid focal féin?

🐈‍⬛ Cad é a chiallaíonn an focal ‘meon’?

🐈‍⬛ Cén sórt meoin a bhí ag Thomas Edison? Mínigh do fhreagra.

🐈‍⬛ Cén sórt meoin a bhí ag an Bhrasaíl i gcluiche ceannais Chorn an Domhain i 1950? Mínigh do fhreagra.


Le plé

🐈‍⬛ An síleann tú go bhfuil fírinne ar bith sa seanfhocal seo?

🐈‍⬛ Creid é nó ná creid – léiríonn na torthaí ó chuid mhór staidéar difriúil a rinne dochtúirí agus saineolaithe, go maireann daoine a mbíonn meon dearfach acu níos faide. Mar rang, déanaigí liosta de na bealaí a dtig linn meon níos dearfaí a bheith againn.



B’fhéidir go mbeadh an jóc seo níos greannmhaire do na hUltaigh… (Fuaim ó teanglann.ie)


meas