Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar an 14ú Márta gach bliain, bíonn Lá Pí ann. Is lá é seo nuair a cheiliúrann daoine uimhir bheag shaoithiúil, ‘π’. Tá ‘Pí’ thart ar 3.14159. Ach cad é an rud é Pí agus cad chuige a bhfuil sí tábhachtach?

Samhlaigh go bhfuil pláta ciorclach agat. Abair gur mhaith leat tomhas a dhéanamh ar cé chomh fada is atá sé thart ar an imeall – an imlíne. Níl de dhíth ort ach an trastomhas, sin an fad ó imeall amháin go dtí an t-imeall eile, ag dul tríd an lár. Iolraigh an fad sin faoi Phí agus gheobhaidh tú an imlíne.

Chuidigh an cleas rotha seo le matamaiticeoirí a oibriú amach go raibh an uimhir 3.14 tábhachtach
Oibríonn seo i ngach cás agus is rud iontach úsáideach é ina lán dóigheanna. Gach rud atá ciorclach, bíonn Pí de dhíth le tomhas a dhéanamh air. Mar shampla, le:
• foirgnimh a thógáil
• labhairt le satailítí
• rolla páipéir a thomhas
• spáslonga a stiúradh
• roth, liathróid nó fiú pláinéad a thuiscint
• cluichí ríomhaireachta a dhéanamh

Cé gur dhúirt muid gur ‘uimhir bheag’ atá in Pí, ní uimhir ghairid í. Leis an fhírinne a dhéanamh, leanann sí ar aghaidh agus ar aghaidh gan stad. Mar shampla, 3.14159, sin Pí ceart go dtí cúig phointe de dheachúlacha. Faoin 23ú Samhain, 2025, áfach, fuair matamaiticeoirí uimhir le 314 trilliún figiúr – sin 314 míle billiún! Agus go dtí seo, ní fhaca siad patrún ar bith sna figiúir – ní féidir an chéad cheann eile a thuar.

Tá Pí cosúil le liosta randamach d’uimhreacha ach tá gach ceann acu ceart agus san áit cheart. Sin an fáth a síleann daoine gur uimhir mhistéireach í. Insíonn sí rudaí dúinn faoin domhan thart orainn agus leanann sí ar aghaidh go deo.

Agus ar an 14ú Márta, beidh daoine ar fud an domhain ag ceiliúradh Lá Pí. Má scríobhann tú ‘3’ don tríú mí, mí Mhárta, agus ‘14’ don 14ú lá, gheobhaidh tú 3.14, Lá Pí. Tá a lán dóigheanna ann leis an lá a cheiliúradh. Le tosú, thiocfadh leat píosa pióige a ithe, pióg chiorclach, ar ndóigh! (Tá tuilleadh gníomhaíochtaí ag bun an leathanaigh).

Is litir Ghréagach í Pí, π. Deir muid Pie i mBéarla di ach tá fuaimniú na Gaeilge ceart – Pí – mar gur sin an dóigh a ndeir na Gréagaigh an litir – π = pí.

Ceisteanna:
1. Cén dáta a mbíonn Lá Pí ann gach bliain?
2. Cad é an rud é trastomhas? Mínigh i do chuid focal féin.
3. Cad é an rud a thugann Pí duit má bhíonn an trastomhas agat?
4. Ainmnigh 3 rud ón téacs a n-úsáidtear Pí iontu.
5. Cén dóigh a mbaineann an 14ú Márta le Pí?
Lé déanamh:
Iarr ar an rang liosta a dhéanamh de rudaí ciorclacha sa rang (nó tabhair isteach rudaí difriúla ciorclacha). Ina ngrúpaí de bheirt, iarr orthu rud amháin a sheiceáil. Is féidir leo an trastomhas a thomhas le rialóir. Ansin, ag úsáid ‘3.14’ do Phí, iarr orthu an imlíne a thomhas. Lig dóibh an fad a sheiceáil le téad agus rialóir.
Déan comórtas cuimhne. Cá mhéad de na digití i bPí is féidir le daltaí a chur de ghlanmheabhair? Seo í go dtí 12 phointe de dheachúlacha: 3.141592653589.
Déan póstaer faoi cad é Pí, cad chuige a bhfuil sí tábhachtach agus cad é mar a dhéantar í a cheiliúradh.